Ní leor leithscéal, a Phápa, ná bí ilbhriathrach, bí ilbheartach…

Caithfear aghaidh a thabhairt go fírinneach, ionraic, oscailte ar stair shuarach na hEaglaise Caitlicí maidir leis an mí-úsáid ghnéis - an tAthair Brian Ó Fearraigh

Ní leor leithscéal, a Phápa, ná bí ilbhriathrach, bí ilbheartach…

Dá dtabharfaí an deis dom, seo cuid den chomhairle, a mbeadh sé de dhánaíocht ionamsa a chur ar an Phápa Proinsias agus muid ag fáiltiú roimhe go fód glas na hÉireann. Tuigim nach mbeadh toradh ar chuid den chomhairle seo, mar gur rómhall é le gníomhú ina thaobh, ach maidir le snáithí eile den chomhairle chéanna, thig agus caithfear gníomhú orthu, má tá croí agus misneach úr le múscailt i lucht leanúna Chríost i bpobal na hÉireann.

Ar dtús báire, mholfainn don Phápa a chuid seoltaí eaglasta a ardú agus aghaidh a thabhairt ó Thuaidh. Nach mór an t-ardú meanma agus croí a bheadh ina leithéid de thuras do Chaitlicigh an Tuaiscirt, dá siúlfadh an té sin atá ina shuí i gcathaoir Pheadair ina measc agus scíste a ligint i gcathaoir Phádraig? Dar ndóigh, deis luachmhar a bheadh ina leithéid de chuairt ó thuaidh chomh maith, le haitheantas cuí a thabhairt don aistear atá déanta agus an iomaire atá go fóill á threabhadh ag lucht leanúna Chríost agus go leor eile nach iad, ó thaobh na síochána agus an athmhuintearais de.

Aitheantas a bheadh d’achan iarracht leis an fhuath a chuir ar ceal agus an charthanacht a chur i bhfeidhm. Creidim go gcuirfeadh a leithéid de thuras aspalda, bonn láidir éacúiméineach faoi Chruinniú Domhanda na dTeaghlach fosta, leis an teachtaireacht gur clann amháin muid uilig i gCríost. Tá cónaí ar Chríost in achan teaghlach daonna agus bronnann sé de ghrásta orainn uilig a bheith trócaireach, cineálta agus carthanach le chéile, beag beann ar dhearcadh, ar chleachtadh nó ar chlaonadh polaitiúil, creidimh nó daonna.

Sa mhullach ar an méid seo, creidim go daingean, an té a shéanann an fhírinne, séanann sé Críost. Ar an ábhar sin, bheinn ag comhairliú don Athair Naofa, aghaidh a thabhairt go fírinneach, ionraic, oscailte ar stair shuarach na hEaglaise Caitlicí maidir leis an mí-úsáid ghnéis a rinneadh ar bhaill teaghlaigh na hEaglaise. Is tábhachtaí i bhfad, le linn chruinniú Domhanda na dTeaghlach, beart fíor fiúntach, seachas briathra binne blasta. Tuigim nach bhfuil mórán feidhme ormsa, comhairle a chur ar an Phápa faoi smál na hEaglaise Caitlicí anseo in Éirinn, mar gheall ar choireanna mí-úsáid ghnéis ar pháistí óga ag lámh an hEaglaise.

Mór mo bhrón agus mo náire, chan amháin in Éirinn an stair seo, ach i dtíortha eile, i ngar agus i gcéin ar chraiceann na cruinne, a bhfuil Soiscéal Dé á chraobhscaoileadh iontu. Chonaic agus chuala muid faoin dorchadas a bhaineann leis an slad uafásach agus na coireanna cáidheacha a rinneadh ar bhaill óga de theaghlach Chríost ag lámha na hEaglaise. Chan lámh an chineáltais, an chuidithe nó na carthanachta a síneadh, ach lámh na drochíde, na mí-úsáide agus na cumhachta agus an rún daingean mar bhagairt, gan liobar a scoilt faoi.

Le cuidiú Dé, sólás Chríost agus gníomh na gcreidmheach, go bhfaighe na híospartaigh, an rud atá ceart agus cóir, deis scéal s’acu féin a inse, agus anuas air seo go mbeadh fiosrúchán poiblí, neamhspleách ón Eaglais ar bun, agus go dtabharfar ar láimh láithreach bonn do na hÚdaráis chuí, cibé cáipéisí agus eolas atá ar fáil, cé acu an ag údaráis eaglasta in Éirinn nó i dtaisce san Vatacáin, faoi choireanna dá leithéid.

An tAthair Brian Ó Fearraigh. Pictiúr: TG4

Léigh muid na focail bhróin, maidir le huafás an hEaglaise i dtaobh na gcoireanna seo, agus creidim, go bhfuil muid uilig sa bhád amháin ó thaobh an uafáis seo de, ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Pápa gníomhach. Gabh leithscéal poiblí go cinnte, a Phápa Proinsias, leis na híospartaigh uilig a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu ag lámha na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Ach, chan leor leithscéal. Ná bí ilbhriathrach, ach a mhalairt, bí ilbheartach. Cuir bearta fiúntacha, coincréiteacha leis na focail chéanna sin. Ordaigh d’Eaglais Naofa Dé, go háirithe ceannaireacht na hEaglaise, chan amháin in Éirinn ach i gceithre haird na cruinne, gníomhú go héifeachtach agus oibriú le díograis agus le dúthracht leis na húdaráis chuí, maidir le déileáil le cásanna a bhaineann le mí-úsáid ghnéis ar dhaoine óga. Tabhair treoir shoiléir maidir le struchtúir a chur i bhfeidhm, le tacaíocht agus cúiteamh a chur ar fáil do na híospartaigh, chomh maith le déine an dlí díofa sin a rinne gníomh, nó a rinne faillí ina gcuid dualgas agus cúraimí, agus a chuir le pian agus gortú na n-íospartach dá bharr. Mar dhlaoi mhullaigh, bheinn ag súil go mbeadh na bearta seo ina chuidiú beag le faoiseamh, sólás, suaimhneas agus go háirithe cúiteamh cuí a chur ar fáil d’íospartaigh.

Mar ruball ar an chomhairle seo, tá dóchas agam go dtiocfaidh maitheas thar na bearta as Cruinniú Domhanda na dTeaghlach, don té dar dual leis nó léi a bheith rannpháirteach ann, trí thógáil ar an teagasc agus an deabhóid atá fite fuaite sa chruinniú domhanda. Ar an ábhar sin, bhéarfainn de chomhairle don Phápa Proinsias, Caitlicigh an chruinnithe, ina measc Clann na nGael, a mhisniú agus é ag siúl linn gualainn ar ghualainn inár dtír dúchais. Chan am furasta é do Chaitlicigh na hÉireann a gcreideamh a chleachtadh agus a chraobhscaoileadh go poiblí.

Tá neart tonnta frithChaitliceachais ag briseadh go tiubh agus go tréan sa mhullach orainn. Bíodh sin mar atá, ’sé mo ghuí go mbainfidh an Pápa Proinsias feidhm as ócáid Chruinniú seo na dTeaghlach chun cur in aghaidh na stoirme seo le croíthe Chaitlicigh na hÉireann, idir leanbh agus liath, a ghríosú.

Tabhair cothú do dheabhóid na bhfíréan, a Phroinsias, sa dóigh is gur fearr a thuigfidh agus a chuirfidh muid eolas níos cruinne agus níos doimhne, as an nua arís, ar na nithe sin a thaitníonn leis an Tiarna. Go mbeidh spiorad na tuisceana, na fírinne agus na síochána ionainn agus ár gcroithe ag cur thar maoil le grá Dé agus grá comharsan. Siúil linn ar chosán an tsaoil seo, a Phápa Proinsias, agus múscail gairm na Naofachta inár gcroí, a chuideos linn ‘Soiscéal an Teaghlaigh: Lúcháir don Domhan’ a chraobhscaoileadh inár mbeatha, le briathra ár mbéil agus le bearta ár saoil, i síth agus i muintearas Chríost.

Fág freagra ar 'Ní leor leithscéal, a Phápa, ná bí ilbhriathrach, bí ilbheartach…'