Ní leor filleadh Gatland chun na Gaeil a chur dá mbuille

Caithfidh foireann na hÉireann a bheith an-chúramach, ach má bhíonn níl cúis ar bith nach féidir leo an beart a dhéanamh in aghaidh na Breataine Bige

Ní leor filleadh Gatland chun na Gaeil a chur dá mbuille

Ní hé Comórtas Sé Náisiún na bliana seo a thosóidh inniu an t-aon ábhar cainte i measc lucht leanúna an rugbaí. Cé go bhfuil go leor ag tuar gur le hÉirinn nó leis an bhFrainc a bheas an lá ar deireadh, tá neart cainte ann freisin maidir leis an gcomórtas mar shlat tomhais roimh Chorn an Domhain a bheas á imirt sa bhFrainc níos déanaí i mbliana.

Ní hamháin sin, ach tá an chaoi ar thug na Sasanaigh agus na Breatnaigh bata agus bóthar dá gcuid oiliúnóirí le gairid, agus an tionchar a bheas ag na cinntí sin ar a bhfuil i ndán don dá fhoireann, ag spreagadh tuilleadh spéise. Beidh go leor cainte sa tír seo faoi Johnny Sexton agus é ag dul chun páirce sa gcomórtas seo don cheathrú bliain déag.  D’imir sé a chéad chluiche Sé Náisiún in 2010.

Ábhar iontais é go bhfuil todhchaí na hÉireann ag brath go mór ar cheannaireacht agus ar imirt fhear atá seacht mbliana is tríocha d’aois.

Beidh le feiceáil an dea-scéala nó cúis imní na fíricí sin, ní hamháin do Chomórtas na Sé Náisiún seo ach do Chorn an Domhain atá le teacht.

Sa gcéad chluiche inniu cuirfidh an Bhreatain Bheag fáilte roimh fhoireann na hÉireann go dtí Staid na Mílaoise agus na Breatnaigh faoi stiúir Warren Gatland arís.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar fhoireann na hÉireann, ar an gcéad fhéachaint, ar aon chaoi.  Tá siad ar bharr rangú fhoirne rugbaí an domhain faoi láthair.  Sa naoú háit atá na Breatnaigh, ach bheadh dul amú ar an té a bheadh ag brath ar an eolas sin amháin.

Is cinnte nach bhfuil na Breatnaigh ag imirt go maith le cúpla séasúr anuas ach caithfear tionchar agus taithí Gatland a chur san áireamh, chomh maith le buntáiste an bhaile agus an slua glórach a bheas á ngríosú.

Ní féidir breith a thabhairt ar an dá bhuntáiste sin roimh thús an chluiche seo, cluiche gur sórt “craiceann banana” é, ní hamháin d’fhoireann na hÉireann inniu ach d’aon fhoireann a bheidh ag imirt in Caerdydd. Cuir san áireamh freisin, nach bhfuil fáil againn ar Thadhg Furlong, an frapa fáiscthe is fearr ar domhan faoi láthair, agus cuimhnigh ar an bhfeabhas atá ar imirt leithéidí na nOspreys le gairid. Foireann iadsan a thug a ndóthain le déanamh do na Laighnigh cúpla seachtain ó shin i gcluiche URC agus tá seisear tosaithe leo ag imirt i bpaca na mBreatnach inniu.

Caithfidh foireann na hÉireann a bheith an-chúramach dá bhrí sin, ach má bhíonn, níl cúis ar bith nach féidir leo an beart a dhéanamh agus na constaicí go léir a shárú. Cuimhnigh gur sháraigh siad na Breatnaigh 29 -7 anuraidh nuair a chríochnaigh Éire sa dara háit ar thábla an chomórtais. Ní raibh ach bua amháin ag na Breatnaigh sa gcomórtas seo anuraidh, i gcoinne na hAlban, agus sa gcúigiú háit ar an tábla a chríochnaigh siad. Más tada é, is in olcas a d’imigh cluiche na mBreatnach ó shin i leith.

Níl a fhios agam an leor filleadh Gatland leis féin.  Níl mise cinnte go bhfuil fáil aige ar na himreoirí le bua baile a chinntiú inniu.

Bua dá bhrí sin d’fhoireann Andy Farrell i mo thuairimse, ach beidh na néaróga ag cur as go mór dom.

Táim ag tuar bua freisin do na Sasanaigh agus iad i gcoinne na hAlban in Twickenham inniu agus bua do na Francaigh agus iad sa Róimh amárach i gcoinne na hIodáile.

Dála an scéil, tá na geallghlacadóirí chomh cinnte do na trí bhua nach bhfuil luach ar bith ar fáil ar gheall dá leithéid.

Fág freagra ar 'Ní leor filleadh Gatland chun na Gaeil a chur dá mbuille'