Ní léir fós an fáth nár thug Paschal Donohoe freagraí ar na ceisteanna réasúnta seo…

Beidh ráiteas agus freagraí níos iomláine ón Aire Donohoe ag teastáil ón bhfreasúra, agus ó pháirtithe an rialtais, sa Dáil Dé Máirt

Ní léir fós an fáth nár thug Paschal Donohoe freagraí ar na ceisteanna réasúnta seo…

Sa Dáil Dé Máirt seo chugainn beidh Paschal Donohoe ag freagairt ceisteanna nár fhreagair sé fós. Idir an dá linn ní féidir lán-chiall a bhaint as an bhfaillí, nó droch-chuimhne b’fhéidir, is cúis leis an trioblóid pholaitiúil ina bhfuil sé gafa le seachtain.

Is fiú mar sin féin cíoradh a dhéanamh ar an gcuid dá scéal a tháinig chun solais go dtí seo. Is fiú chomh maith freagraí a thabhairt ar cheisteanna atá á gcur ag mórán faoi shonraí an scéil agus faoina bhfíorthábhacht.

Feicim go ndúirt tú thuas go raibh Paschal Donohoe ‘i dtrioblóid’. An bhfuil sé i sáinn dáiríre nuair a chuimhnítear ar a laghad airgid a bhí i gceist ina chuntas bearnach ar chaiteachas toghcháin sé bliana ó shin?

Tá sé i dtrioblóid a tharraing sé air féin toisc nach bhfuil faisnéis iomlán curtha ar fáil aige fós faoin méid a chaith sé (nó a caitheadh ar a shon) roimh olltoghchán 2016. Tá míshuaimhneas mar sin ar a chomhghleacaithe sa rialtas agus amhras dá réir sa bhfreasúra.

Cuimhnigh nár chuir sé faisnéis iomlán ar fáil – mar a admhaíonn sé féin – tar éis an olltoghcháin, agus nár fhreagair sé ceisteanna réasúnta nuair a labhair sé le hiriseoirí ar an 15 Eanáir. Níor fhreagair sé ceisteanna ach oiread nuair a labhair sé faoi dhó faoin scéal sa Dáil i rith na seachtaine.

Céard a rinne Paschal Donohoe a bhí contráilte?

Níor chuir sé cur síos ar chabhair a thug an fear gnó Michael Stone (duine de lucht leanúna Fhine Gael) dó roimh olltoghchán 2016 sa chuntas a chuir sé chuig an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO). Dúirt an tAire ar an 15 Eanáir go mb’fhiú €917 an obair a rinne seisear oibrithe a d’fhostaigh Stone agus póstaeir thoghcháin Donohoe á gcur suas acu i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Dúirt sé freisin go mb’fhiú €140 an veain a chuir comhlacht Stone ar fáil i gcomhair na hoibre.

Beagán le cois mile euro mar sin. Nach suarach an méid é, agus é ag admháil cheana féin nach bhfuair an Coimisiún na sonraí mar ba chóir. Dáiríre níl ann ach mionscéal.

Fan ort. Is faoin gCoimisiún a bheidh sé luach an tsaothair a rinneadh a mheas, agus gearán faoi chuntas Donohoe á fhiosrú acu. Cuimhnigh gur chaith Mary Fitzpatrick, iarrthóir Fhianna Fáil sa dáilcheantar, €5000 ar phóstaeir i gcomhair an olltoghcháin in 2016.

Cuimhnigh freisin go raibh 16 iarrthóir sa dáilcheantar céanna agus nár toghadh ach ceathrar. De réir chothrom na Féinne agus de réir dlí, ba chóir go mbeadh na rialacha á gcomhlíonadh go hiomlán acu go léir le linn an fheachtais agus ina dhiaidh.

Is dlúthchuid den dualgas sin cuntas iomlán ar chaiteachas a chur faoi bhráid SIPO ionas gur féidir le duine ar bith cuntas iarrthóra a léamh agus gearán a dhéanamh má shíltear go bhfuil easnamh nó measúnú ró-íseal ann.

Aon eolas eile faoin bhfear gnó seo, Michael Stone?

Cheap Paschal Donohoe é mar chathaoirleach ar thascfhórsa a bunaíodh chun oirthuaisceart lár na cathrach (i ndáilcheantar an aire) a fhorbairt agus mar chomhalta den Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus bhí cruinnithe aige go minic ó ceapadh é. Thoiligh Stone a bheith páirteach san dá eagraíocht gan táille a fháil ach ní beag an tuiscint ar fhorbairt áitiúil agus náisiúnta a ghabh leis an dá dhualgas.

Tugaim faoi deara nach bhfuil an freasúra ag iarraidh go n-éireodh Paschal Donohoe as a phost. Nach leor é sin mar léiriú ar an meas atá ag gach duine air mar dhuine, mar aire agus mar ionadaí na hÉireann ar choiste airí limistéar an euro?

Aontaím le gach a ndeir tú ach níl dlí ná riail speisialta ann do pholaiteoir a bhfuil daoine ceanúil air mar dhuine nó mar gheall ar mheas ar a ndearna sé mar aire. Ciallaíonn cothrom na Féinne maidir le toghcháin cothrom na Féinne do chách.

Ceart go leor, ach admhaíonn Paschal Donohoe go raibh a chuntas easnamhach. Cibé breithiúnas a thabharfaidh SIPO ar a chás, agus cibé cáineadh a dhéanfaidh an freasúra, ní thógfar oiread agus teach sa bhreis agus ní chuirfear leaba nua in ospidéal ar fáil dá thoradh. Níl ar bun faoi láthair ach cluichíocht pholaitiúil thar aon rud eile.

Fiú má fhágtar cúrsaí dlí agus cothrom na Féinne as an áireamh, ní foláir tagairt do cheist eile nár fhreagair Paschal Donohoe fós agus atá ag cur imní ar gach Teachta Dála sa rialtas. Sa Dáil Déardaoin, d’fhiafraigh Pearse Doherty de ceithre huaire ar chuidigh Michael Stone in olltoghchán 2020. Freagra ní bhfuair sé.

Ainneoin a bhfuil ráite agat, nár chóir breithiúnas ar an scéal seo a fhágáil faoin gCoimisiún?

Ba chóir gan dabht, más ag caint ar an bhfianaise a bhaineann leis an ngearán a fhiosróidh siad atá tú. Ach roimhe sin beidh ráiteas agus freagraí níos iomláine ón Aire Donohoe ag teastáil ón bhfreasúra, agus ó pháirtithe an rialtais, sa Dáil Dé Máirt.

Fág freagra ar 'Ní léir fós an fáth nár thug Paschal Donohoe freagraí ar na ceisteanna réasúnta seo…'

  • Dónall Mór Mac Billings

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    A Chathail, a Chara dílís

    Bíonn an fhírinne searbh agus is alt agus anailís den scoth a bhfuil scríofa agat.

    Go díreach an rud a tharla ná gur bhris ‘Paschal Dohohoe’ an ‘t-Aonú Aitheanta Déag’ (óna Na Deich n-Aithne) agus gabhadh é.

    Amach anseo tiocfaidh tuileadh eolais i dtaobh Teachtaí Dála eile – na creatúir bochta.

    Nuair atá géirchéim thithíochta, costas maireachtála ag méadú, cúrsaí sláinte ar mire, dearcadh an Stáit i dtaobh na Gaeilge ar mire fosta, reifreann i dtaobh Aontú na Tíre seo le teacht, bíonn neart ann leis an dallamulllóg a chur ar dhaoine agus dul ar aghaidh le ‘drochchaighdeáin sa saol poiblí’ nó caimiléireacht.

    Ach ar an droch-uair ní féidir córas caipitilíoch riar ar chúrsaí sóisialta agus ag an am chéanna geilleagair a mhaireann ar bhrabús agus láimhseáil boilsithe a chur chun tosaigh.

    Is mise le dóchas mór ( mar dhea)
    agus
    mo Shaoirse faighte agam (i ndiaidh 8 mbliana !!!)

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide teanga agus Polaitíochta
    agus
    Iar -Phríosúnach Poblachtach
    sa Ghaeltacht,
    i pPríosún Phort Laoise
    Bloc E

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************