Ní leigheasfar an dochar a rinne tuairisc na nÁras Máithreacha is Leanaí go gcloisfear ó na húdair

 Faraor níor chuir an Coimisiún ar fáil an cineál tuairisce a thuill crógacht agus oscailteacht na bhfinnéithe a labhair leo

Ní leigheasfar an dochar a rinne tuairisc na nÁras Máithreacha is Leanaí go gcloisfear ó na húdair

Cuirtear go leor ama amú i nDáil Éireann le hachrann, le háibhéil, le hachasáin agus le hargóintí páistiúla.

Ní thugtar aird mar ba chóir uaireanta ar dhíospóireachtaí ina bpléitear ábhair thromchúiseacha go staidéartha agus go stuama.

Nuair a cheistigh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly an Tánaiste tráthnóna Déardaoin faoin tuairisc ar árais na máithreacha agus leanaí, ba léir fearg agus faichill na beirte ó thús deireadh an phlé.

Níor thug an Tánaiste freagra díreach ar an gceist is géire a chuir Kelly air: ar aontaigh Leo Varadkar leis gur chóir diúltú don tuairisc?  Níor cháin Kelly seachaint na ceiste ar chúis an-simplí. In ainneoin an mhíshásaimh atá ar Theachtaí ar chaon taobh den Dáil, tuigtear go bhfuil mórfhadhbanna dlí agus daonna le leigheas ag an Rialtas sula dtabharfar aon chéim i dtreo réitigh. Is é sin más féidir réiteach a aimsiú.

Cuimhnigh ar gach ar tharla go dtí seo. Chuir an rialtas coimisiún neamhspleách ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar an tslí inar caitheadh le cailíní agus le mná ar saolaíodh a bpáistí sna hárais, nó a chaith tréimhsí iontu sular uchtaíodh na leanaí.

Déanann foireann gach coimisiún nó binse fiosrúcháin talamh slán de nach gcuirfidh an rialtas isteach ar a gcuid oibre agus go nglacfar lena mbreithiúnas ar a saothar. Ní mian leis an rialtas na prionsabail sin a threascairt, ach tá míshuaimhneas príobháideach an rialtais chomh láidir leis an míshásamh atá á chur in iúl ag an bhfreasúra.

Bhí go leor daoine ag gearán faoi chur chuige agus faoi thuairisc an choimisiúin le tamall ach dhúisigh caint chomhalta den choimisiún Mary Daly, le linn seimineár a reáchtáil Ollscoil Oxford Dé Céadaoin, míshásamh as an nua.

Ó foilsíodh tuairisc an choimisiúin i mí Eanáir, tá Daly agus na comhaltaí eile (an breitheamh Yvonne Murphy agus William Duncan, iar-ollamh le dlí) ag diúltú an tuairisc sin a phlé le coiste Oireachtais, le mná a thug fianaise dóibh ná le duine ar bith eile.

Labhair Leo Varadkar ar son na Dála nuair a dúirt sé gur léiríodh dímheas ar an Oireachtas agus ar mhná a tháinig slán ó na hárais (“survivors” a thug sé orthu, cé nach n-oireann an focal dáiríre dá gcás) nuair a labhair Daly faoin tuairisc ag an seimineár.

D’iarr sé arís ar an gcoimisiún labhairt leis na mná agus le coiste Oireachtais, agus tá cuireadh eile chun cainte curtha chucu ag cathaoirleach an choiste leanaí Kathleen Funchion. Dúirt Alan Kelly go raibh an tuairisc lochtach ó bhonn agus gur chóir don rialtas coimisiún nua a chur ar bun. Arís, sheachain Varadkar an cheist ar chúiseanna sothuigthe.

Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil réiteach ar an bhfadhb aimsithe ag an rialtas. Sé bliana a thóg sé ar an gcoimisiún a gcuid oibre a dhéanamh agus is deacair a shamhlú go mbunófaí coimisiún eile chun tabhairt faoin obair iomlán athuair.

 Ach is léir an riachtanas óna bhfuil ráite ag na mná a ndearnadh feall náireach sóisialta orthu agus a deir nach bhfuil insint chothrom ar a gcás i dtuairisc an choimisiúin. Tá cúiteamh agus insint chothrom ar an bhfírinne tuillte acu.

 Cibé cinneadh a dhéanfaidh an rialtas faoina gcás, níl deireadh ráite fós. Tá ochtar ban ag dul chun cúirte a mhaíonn gur sáraíodh nósanna imeachta cothroma nuair nár cuireadh cóip dá gcuid fianaise ar fáil dóibh.

Dúisíonn an scéal ceist níos leithne freisin. Cé mar is féidir a chinntiú nach spreagfaidh coimisiúin fiosrúcháin eile a bhunófar amach anseo míshásamh agus mímhuinín mar gheall ar ar tharla sa chás seo?

Rinne an staraí Jackie Uí Chionna cur síos beacht ar Nuacht TG4 Déardaoin ar an díomá as cuimse a chuir tuairisc an choimisiúin ar na mná a d’inis a scéalta os a gcomhair:

“A scéalta féin atá i gceist. Scéalta atá fíorphianmhar, fíordheacair a insint go  poiblí. Ach rinne siad é sin agus bhí siad ag súil go mbeadh tuarascáil ag teacht amach a thabharfadh a gcuid faisnéise ar bord.”

Faraor níor chuir an Coimisiún ar fáil an cineál tuairisce a thuill crógacht agus oscailteacht na bhfinnéithe a labhair leo. Tá réiteach ar a gcás tuillte acu, ach ní léir fós cé mar a chuirfear i gcrích é.

 Ní féidir tabhairt faoi aimsiú réitigh go bhfreagraíonn comhaltaí an choimisiúin ceisteanna faoina saothar – in áit éigin, ar dhóigh éigin, agus gan mhoill.

Fág freagra ar 'Ní leigheasfar an dochar a rinne tuairisc na nÁras Máithreacha is Leanaí go gcloisfear ó na húdair'

  • An Teanga Bheo

    Beart dé réir ár mbriathar agus glan inar gcroí…………… plean réasúnta maith silim