Ní hiontas go bhfuil dianscrúdú a dhéanamh ar lucht canbhasála ag doirse

Tá béim mhór ag iarrthóirí agus vótóirí ar cheisteanna a bhaineann leis an ngnáthshaol, go háirithe an costas maireachtála

Ní hiontas go bhfuil dianscrúdú a dhéanamh ar lucht canbhasála ag doirse

Mairg don iarrthóir i dtoghchán Stormont a chnag ar dhoras éinne a fuair an bille gáis le seachtain anuas. Dúirt comharsa liom go ndearna sé diancheistiú ar lucht stocaireachta a bhí ag iarraidh a vóta. Fear ciúin séimh é, de réir m’eolais ach thug sé le fios gur thug sé aghaidh a chraois ar dhuine atá ag iarraidh a bheith ina theachta Tionóil.

Ba é an costas maireachtála a bhí ag déanamh tinnis dó. Tá sé buartha freisin faoin drochbhail atá ar an tseirbhís sláinte ach an lá sin, ó bhí a bhille don ngás don teas lárnach ina ghlaic aige bhí tosaíocht ag an méadú ollmhór ar chostas bia agus breosla. Is léir ó na polaiteoirí go léir go bhfuil an ghéarchéim chostais ar cheann de na príomhábhair a ardaíonn vótóirí leo.

Ola is mó atá in úsáid le haghaidh teas lárnach i dTuaisceart Éireann ach le deich mbliana nó níos mó bhí córas teasa gáis le fáil agus go leor bolscaireachta ann chun a chur ina luí ar dhaoine go mbeadh sé níos saoire agus níos éifeachtaí. Ní nach ionadh tá praghas an gháis méadaithe go mór ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ach bhí an praghas méadaithe faoi dhó roimhe sin le déanaí. Bhí ardú 30% ar an gcostas trí huaire le bliain anuas – sin dúbailt ar an bpraghas nach mór.

Murab ionann agus an Bhreatain Mhór níl srian ar bith ar ardú praghais ar ghás sa Tuaisceart. Léirigh scrúdú ar chostais go raibh gnáthbhille don ráithe go hAibreán i mbliana £427.00 i gcomparáid le £224.00 don tréimhse chéanna anuraidh. Bunaithe ar na figiúirí sin táthar á thuar go mbeidh an bille don bhliain idir £800 agus £1,000, costas nach mbeidh go leor in ann a sheasamh.

Bhí méadú ar phraghas na haibhléise freisin sa gheimhreadh, 7% ag comhlacht amháin agus 10% ag ceann eile. Fadhb mhór ab ea bochtaineacht bhreosla abhus roimh na harduithe is deireanaí ar chostas gáis agus leictreachais; é ag goilliúint ar cheithre theaghlach as gach deich gcinn i mí Feabhra. Nuair a chuirtear an t-ardú ar phraghas an díosail agus an pheitril chomh maith le costas an bhia san áireamh ní hiontas go n-airíonn roinnt daoine nach bhfuil de rogha acu ach cinntí contúirteacha a dhéanamh.

Nochtadh an fhírinne scanrúil faoi chuid de na roghanna sin i sraith agallamh le déanaí le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhíonn ag brath ar chóir leighis le trealamh nó innill sa bhaile. Dúirt fear, 37 bliain d’aois, go raibh an teas múchta aige sa teach ionas go mbeadh sé in acmhainn íoc as an leictreachas chun feiste leighis a rith a chuidíonn leis análú. Tá an cinneadh sothuigthe ach tá contúirt ag baint leis mar go gcuireann fuacht as dá chuid duán. Thug bean 31 bliain d’aois, cuntas ar an lear mór trealaimh atá riachtanach chun í a choinneáil beo; ina measc tá aerálaí, gaireas a shúnn ábhar as a scornach chun plúchadh a sheachaint agus leaba speisialta. Ritear iad go léir ar leictreachas. Coinníonn an t-aerálaí beo í i gcaitheamh na hoíche ach tá cinneadh déanta aici gan é a luchtú i rith an lae chun aibhléis a spáráil. Bíonn uirthi rogha a dhéanamh an teas a chur ar siúl nó a chinntiú go bhfuil an trealamh leighis uilig i bhfearas; bás nó beatha.

Sin iad na scéalta is uafásaí agus is dúshlán mór é do pholaiteoirí féachaint chuige nach bhfágfar na daoine is laige sa phobal ag iarraidh éagóir mar sin a shárú.

Ina dteannta sin bhí go leor ar an bhfaraor géar cheana féin. Tá an teas múchta ag aon trian de theaghlaigh ar a laghad, fiú san drochaimsir an mhí seo caite. Bia do na páistí nó teas an rogha atá acu, a deir go leor. Tá méadú ollmhór ar líon na ndaoine atá ag baint úsáid as bancanna bia. Cheadaigh Stormont liúntas £200 le haghaidh breosla do theaghlaigh a bhí ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Sop in áit na scuaibe ab ea é dá lán agus ní bhfuair daoine a bhí ar phá íseal (ceatadán ard) tada. Ní raibh Stormont in ann ciste £300 milliún a dháileadh mar nach raibh Feidhmeannas ann ó mhí Feabhra nuair a tharraing an DUP a chéad-aire amach.

Is fíor nach mbeadh aon smacht ag Stormont ar bhoilsciú bunaithe ar imeachtaí idirnáisiúnta ach bhí smacht acu ar cé mar a dháilfí an t-airgead a fhaightear ó Westminster. Ní hiontas go bhfuil dianscrúdú á dhéanamh ar lucht canbhasála ag doirse. Tá na páirtithe ar fad nach mór ag fógairt go bhfuil athrú riachtanach in Stormont (amhail is nár leag cuid acu cos riamh san áit). Tá béim mhór ag iarrthóirí agus vótóirí ar cheisteanna a bhaineann leis an ngnáthshaol. Níl aon dabht ach gur cruacheisteanna práinneacha iad ach chífimid an bhfaighidh siad an tosaíocht chéanna ar an 5 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Ní hiontas go bhfuil dianscrúdú a dhéanamh ar lucht canbhasála ag doirse'