Ní hionann aidhmeanna na hÚcráine agus aidhmeanna Mheiriceá sa chogadh

Ag pointe éigin buailfidh mianta náisiún na hÚcráine agus a bhfuath do bhúistéireacht Phutin i gcoinne realpolitik na n-ollchumhachtaí

Ní hionann aidhmeanna na hÚcráine agus aidhmeanna Mheiriceá sa chogadh

Scríobh mé anseo ar an 16 Lúnasa gur léir d’aon anailísí inchreidte go bhfuil Meiriceá ag iarraidh go mbuafaí ar an Rúis san Úcráin ach go bhfuil siad neirbhíseach faoi dhul rófhada.

Scríobh mé freisin dá gcasfadh taoide an chogaidh i bhfabhar na hÚcráine a bheith ag súil leis go gcuirfeadh Meiriceá an chos ar na coscáin ag pointe éigin agus go mothódh muintir na hÚcráine gur ligeadh síos iad nuair a bhí siad ar tí an jab a chríochnú.

Seans go bhfacamar an chéad chomhartha de seo le tuairisc sa New York Times an tseachtain seo caite inar dúirt foinsí i seirbhísí faisnéise Mheiriceá gur cheadaigh cuid éigin de rialtas na hÚcráine an t-ionsaí buama inar maraíodh an t-iriseoir Daria Dugina gar do Mhoscó i mí Lúnasa. Iníon ab ea Daria le Aleksandr Gelyevich Dugin a ndeirtear faoi gur impiriúlaí mór le rá é.

De réir na tuairisce, dúirt na hoifigigh faisnéise nár ghlac Meiriceá páirt ar bith san ionsaí, nach raibh siad ar an eolas faoi roimh ré agus go mbeadh siad tar éis cur ina choinne dá mbeadh siad ar an eolas faoi. Níor thug na foinsí le fios cén chuid de rialtas na hÚcráine a bhí páirteach san ionsaí nó an raibh an tUachtarán Zelensky ar an eolas faoi. Shéan rialtas na hÚcráine ag an am aon bhaint a bheith acu leis an ionsaí agus shéan siad arís é tar éis foilsiú na tuairisce sa New York Times.

Seans go bhfuil an scéal fíor ach ní féidir a bheith cinnte de sin – tar éis an tsaoil táimid ag plé le dream arbh é an cur i gcéill agus an mhífhaisnéis cuid dá ngnó. Ach ní hé cé acu an bhfuil an tuairisc fíor nó bréagach an cheist is tábhachtaí anseo, ach cén fáth gur chinn oifigigh i seirbhísí faisnéise Meiriceá an scéal seo a sceitheadh ag an am áirithe seo. Cén fáth go bhfuil siad ag sceitheadh scéil a dhéanann dochar don Úcráin, a bhfuil siad in ainm is a bheith ag tabhairt lántacaíocht dóibh ina dtroid ar son na saoirse – mar a déarfadh rialtas Mheiriceá go poiblí?

An freagra ar an gceist sin ná nach ionann aidhmeanna na hÚcráine agus aidhmeanna Mheiriceá (nó gach tír san Iarthar) sa chogadh seo. Tá an tIarthar aontaithe taobh thiar den aidhm go mairfeadh an Úcráin mar stát neamhspleách ar an Rúis. Ach is mór idir sin agus tacú leis an Úcráin chuile orlach beo dá dtailte a fháil ar ais, an Chrimé san áireamh. Agus is mór idir sin freisin agus Putin a chur as cumhacht nó fiú briseadh suas Chónaidhm na Rúise a thionscnamh.

Tá Meiriceá sásta go bhfuil an Rúis tar éis í féin a lagú go mór lena hionradh tubaisteach ar an Úcráin ach níl siad ag iarraidh dul rófhada leis an scéal. Níl siad ag iarraidh go mothódh Putin nach bhfuil aon rogha eile aige ach airm núicléacha a úsáid. Ní thacóidh siad leis an Úcráin an Chrimé a thógáil ar ais, agus níl sé soiléir fiú go mbeidh siad sásta go mbrúfadh na hÚcránaigh na Rúisigh as chuile orlach eile den tír taobh amuigh den Chrimé. Dúirt an comhordaitheoir daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe Angus Lambkin liom ar Tús Áite ar RnaG le déanaí go gcreideann sé go mbeadh Meiriceá sásta fiú ligint don Rúis cuid de na tailte a ghabh siad ó mhí Feabhra a choimeád.

Arbh fhearr leis na Meiriceánaigh dá mbeadh ceannaire ar an Rúis a mbeadh sé níos éasca gnó a dhéanamh leis ná Putin? Cinnte. Ach tuigeann siad má dhíbrítear Putin gur seans maith gur ón eite dheis a thiocfaidh an coup agus go gcríochnóidh siad suas le ceannaire atá níos dainséaraí fós. Mar sin seans maith gur fearr leo Putin gonta agus múineadh curtha air ná dul sa tseans gur gealt amach is amach a thiocfadh ina áit.

Agus is cinnte in ainneoin histéire thráchtairí na heite deise sa Rúis agus a n-amadáin úsáideacha san iarthar, nach ar leas Mheiriceá atá sé go mbrisfí Cónaidhm na Rúise óna chéile. Tá breis agus 6,000 soc pléascáin núicléacha scaipthe ar fud Chónaidhm na Rúise – dá mbrisfí óna céile í bheadh siad roinnte idir scata stát nua agus seans maith go mbeadh siad in adharca lena chéile faoina dteorainneacha. Tar éis ar tharla don Úcráin – a thug suas a sciar d’airm núicléacha an Aontais Shóivéadaigh go deonach – níl aon seans go ndéanfaidh aon stát nua an botún céanna, mar a fheicfear dóibhsean é. Tá an baol ann freisin go dtiocfadh antoiscigh Ioslamacha i dtír ar anord sna réigiúin den Chónaidhm ina bhfuil an tromlach Moslamach. Cuimhnigh ar an Stát Ioslamach sa tSiria agus san Iaráic ach ar scála níos mó agus le hairm núicléacha san áireamh.

Mar sin bhain scata buntáistí do Mheiriceá leis an alt sa New York Times. Is teachtaireacht a bhí ann don réimeas sa Rúis: Níl muid ag iarraidh dul rófhada leis seo – níl muid ag iarraidh scrios iomlán a dhéanamh oraibh. Agus is foláireamh a bhí ann do rialtas na hÚcráine. Chuaigh sibh rófhada an uair seo – ná déan arís é, agus ná déan dearmad gur muidne na páirtnéirí sinsearacha sa socrú seo.

Tá éachtaí míleata agus polaitiúla déanta ag an Uachtarán Zelensky agus ag fórsaí armtha na hÚcráine ó mhí Feabhra ar aghaidh agus níl deireadh lena ndul chun cinn fós. Ach ag pointe éigin buailfidh mianta náisiún na hÚcráine agus a bhfuath do bhúistéireacht Phutin i gcoinne realpolitik na n-ollchumhachtaí. I mí Feabhra níor chreid an Rúis ná Meiriceá ná nach mór tráchtaire ar bith san iarthar, mé fhéin san áireamh, go bhféadfadh siad an fód a sheasamh i bhfad i gcoinne ionradh na Rúise. Ach chreid siad fhéin é. Creideann siad fhéin gur féidir leo a dtír ar fad a fhuascailt. Beidh le feiceáil an féidir leo míorúilt eile a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Ní hionann aidhmeanna na hÚcráine agus aidhmeanna Mheiriceá sa chogadh'

  • Ó Súilleabháin Pól Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Ar aghaidh chun Bua, A Úchráin

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh go hiomlán.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.

    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall nuair a bheidh an costas ró-ard orthu agus an margadh ag cur focal ina gcluas ó thaobh boilscithe de.

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Mór Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Árdán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Bertie Ó hAinmhire

    Tuairimí suimiúla san alt seo.