Ní haon sárshaothar é Aithrí ach scannán slachtmhar é mar sin féin

Saothar tomhaiste den chuid is mó é an fadscannán ‘Aithrí’ ach chuir sé thar a fhulaingt ar uairibh

Ní haon sárshaothar é Aithrí ach scannán slachtmhar é mar sin féin

Bhaineas súp riamh as na cláir agus sraitheanna drámaíochta aon uaire a craoladh ar TG4; leithéidí An Bronntanas (2014), Grace Harte (2017), Na Cloigne (2010) agus an t-iliomad gearrscannán a tháinig os ár gcomhair i gcaitheamh na mblianta.

Is cosúil go bhfuil deireadh anois le ré na sraitheanna drámaíochta ar TG4 agus gur fadscannáin a bheidh againn feasta.

Ar an Satharn tháinig Tom Collins, duine a bhí ar an stiúir agus ar an bpeann do Kings (2007) agus An Bronntanas (2014), agus a mheitheal chugainn leis an bhfadscannán Aithrí atá bunaithe ar ghearrscéal Phádraic Uí Chonaire. Saothar uaillmhianach é seo a bhí siar is aniar idir dhá thréimhse ama agus a dhein iarracht fhónta eachtraí 1916 a chniotáil le coimhlint Thuaisceart na hÉireann sna seascaidí. Lena chois sin ar fad, bhí formhór an scannáin as Gaeilge agus deineadh cúram di síos tríd cé go gcaithfear a rá gur bhain an teanga barrthuisle as cuid de na haisteoirí ar uairibh.

I dtosach an scannáin címid an tAthair Eoin (Terry Byrne) ag cur an ola dhéanach ar shaighdiúir de chuid na Breataine i ndiaidh a lámhaigh i nDoire i 1969. I radharc ina dhiaidh sin címid go bhfuil aithne aige ar fhear an ghunna, Antaine (Barry McGovern). 

Ní fada nó go ndéantar sinn a theilgean siar go dtí Eanáir na bliana 1916 mar a bhfuil gríosóir de shagart óg (Peter Coonan) i dTír Chonaill ag seanmóireacht go neamhbhalbh ón altóir faoi shaoirse na hÉireann. Téann seo i bhfeidhm go mór ar Antaine óg (Padhraig Parkinson) agus ní nach ionadh cuireann poblachtánachas an tsagairt as do chigire áitiúil an RIC (Barry Barnes).

Seo tréimhse chinniúnach i stair na hÉireann agus léirítear dúinn gur tréimhse chinniúnach í i saol an bhuachalla óig chomh maith.  Cuirtear sraith eachtraí sa tsiúl a sheolann Antaine ar bhóthar an fhoréigin. Imríonn seo tionchar ar chaidreamh na beirte agus ar na heachtraí a tharla eatarthu nuair a bhuail siad lena chéile breis agus caoga bliain ina dhiaidh sin. Is as seo ar fad a eascraíonn aithrí an teidil. 

Saothar tomhaiste den chuid is mó atá anseo ach taibhsíodh dom gur chuir sé thar a fhulaingt ar uairibh agus go raibh cuid de na radharcanna róshaothraithe; an radharc ina ndéantar beirt a chur de dhroim seoil in eachtra lámhaigh go háirithe.

Bhí taispeántais bhreátha ón gcliar ar fad agus léirigh Coonan agus Barnes a gcarachtair go hábalta. Bhíos an-tógtha chomh maith le Devlin agus an saighdiúir ban (Diona Doherty).

Dar liom gurb é an léiriú ar an tréimhse roimh Éirí Amach na Cásca an chuid is láidre agus is suimiúla den saothar. Déantar iarracht stuama comhthéacs cigilteach na linne a léiriú. Tá caidreamh rómánsúil ag éirí idir an cigire agus máthair Antaine, Mairéad (Mimi Carroll) agus tá col aici siúd le caint an tsagairt óir mar gur ghlac a fear céile nach maireann le scilling an Rí agus gur maraíodh é i gCogadh na mBórach.

Leantar le caint ar an arm sa dreas cainte a dhéanann an cigire leis an ngabha áitiúil (Tony Devlin) faoina dtaithí cogaíochta féin in Flanders agus Ypres. Go deimhin déantar dearcadh na heaglaise i leith an phoblachtánachais a tharraingt isteach i lár an aonaigh.

Ní haon sárshaothar é seo ach is scannán stuama, slachtmhar é a dhéanann iarracht fhónta tionchar agus iarmhairtí an fhoréigin a chur abhaile orainn.

Fág freagra ar 'Ní haon sárshaothar é Aithrí ach scannán slachtmhar é mar sin féin'