Ní Grannies gleoite sinn ag ligint orainn gur Puncs sinn…

Tá níos mó sa tsaol ná a bheith inár máithreacha clainne, inár múinteoirí, inár gcomhairleoirí, inár gcompánaigh. inár bhfreastalaithe ar dhaoine, inár gcailíní aimsire

Ní Grannies gleoite sinn ag ligint orainn gur Puncs sinn…

Fadó riamh bhí aithne agam ar fhear uasal álainn ná raibh braon fuath ban ina chuisle a cheapfá, ach féach go dtugadh sé, gan scáth gan náire, é fhéin is a chomhrádaí fireann, BOILER ar aon bhean a bheadh os cionn na ndeich mbliana fichead.

Ní raibh ag an seisiún ceoil anocht, a deireadh siad beirt, ach boilers.

Níorbh fhiú féachaint an tarna babhta ar a leithéid, an tuiscint.

Tá an duine uasal seo anois ar shlí na fírinne, trócaire air.

Braithimid uainn go mór é i ndomhan an cheoil thraidisiúnta.

Caithfear a mhíniú don nglúin óg, glúin an rachmais gan ocras, go raibh tamall den saol ann nuair a deintí idirdhealú mór idir an sicín a róstfá san oigheann agus an chearc a chaithfeá a bheiriú i bpota go maidin, chun go mbeadh aon bhlas cóir uirthi.

Uirthi sin a tugtaí an Boiler.

Is beag locht a bhí ag ár sinsear uirthi nuair a bheadh sí leagtha rompu ar an mbord ar phláta dinnéir.

Súp go cluas, a chailín. Is maith an t-anlann an t-ocras, a deireadh mo mháthair chríonna.

Scéal mar gheall ar ghrúpa ban cnagaosta thall i Leicester i Sasana go bhfuil banna ceoil Punk acu a thug é seo chun cuimhne chugam.

Sna caogaidí deireanacha is na seascaidí luatha atá na bandéithe ceolmhara seo.

Dú dóite ag an ndomhan mór a rá leo conas ba chóir dóibh a saol a chaitheamh, deir siad gur cuma leo in ainm an diabhail cad a cheapann éinne mar gheall orthu níos mó.

Aon rud amháin siúrálta, a deir siad, ní Grannies Gleoite sinn ag ligint orainn gur Puncs sinn.

(Fearaibh óga geala i dtús na bhfichidí is mó a chuireann bannaí Punc le chéile, ní mná ‘ciallmhara’ meánaosta geal ná gorm, de réir dealraimh)

Táimidne lándáiríre ag cur speach is spleodar, ceol is amhráin os comhair an tsaoil, gan scáth gan náire, a deir siad. Tá an conach dearg orainn le blianta, agus táimid chun é sin a chur in iúl go neamhbhalbh ar ár stáitse, a deir siad.

Éistigí lenár liricí…a deir siad. Táid ainrialta, ainrianta, dána, spleodrach.

Tá níos mó sa tsaol ná a bheith inár máithreacha clainne, inár múinteoirí, inár gcomhairleoirí, inár gcompánaigh. inár bhfreastalaithe ar dhaoine, inár gcailíní aimsire.

Cad mar gheall ar ár mianta-sa, an t-am seo dár saol? a deir na liricí.

Cé a shásóidh iadsan dúinne, mura ndéanfaimid fhéin é?

Cad a bhaisteann na bandéithe scothaosta seo mar ainm orthu fhéin?….

Boilers…

Mo cheol iad! Is a chonách san orthu.

Fág freagra ar 'Ní Grannies gleoite sinn ag ligint orainn gur Puncs sinn…'