Ní gá teorainneacha na Gaeltachta a leasú chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais – roinn

Tá ceist theorainneacha na Gaeltachta i mbéal an phobail arís ó d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh sé i gceist toghchán Bhord an Údaráis a athbhunú

Ní gá teorainneacha na Gaeltachta a leasú chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais – roinn

Ní bheadh aon ghá aon athrú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta má tá toghchán Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais, a deir Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil le déanaí go raibh sé i gceist ag an Rialtas bille a thabhairt isteach chun an toghchán a chur ar bun arís.

Dúirt urlabhráí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go bhfuil athbhreithniú fós le déanamh ar struchtúir Údarás na Gaeltachta agus a bhoird ach nach mbeadh aon ghá scrúdú a dhéanamh ar theorainneacha na gceantar Gaeltachta mar chuid den obair sin.

“Ní bheidh gá le teorainneacha na Gaeltachta a leasú chun toghcháin d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil,” a dúirt Roinn na Gaeltachta.

Dúradh go gcuirfear tús leis an athbhreithniú go luath agus go mbeidh cinneadh maidir le hathbhunú an toghcháin ag brath ar thorthaí an athbhreithnithe sin.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag Aire Stáit na Gaeltachta go dtabharfar bille isteach chun an toghchán a chur ar siúl arís agus go bhfuil fonn air dréachtreachtaíocht a fhoilsiú chuige sin.

Tá ceist theorainneacha na Gaeltachta i mbéal an phobail arís ó d’fhógair an tAire Stáit go raibh sé i gceist an toghchán a athbhunú. Thabharfadh toghchán léargas soiléir ar a neamhbhailí is atá teorainneacha seanbhunaithe na Gaeltachta ó thaobh na teangeolaíochta de.

Tá ráite, mar shampla, ag an ngníomhaí pobail agus teanga Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh níos mó vótaí i dtoghchán an Údaráis ag daoine i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe ná mar a bheadh i nGaeltacht na Mumhan trí chéile.

Tá an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív den tuairim go bhféadfaí ceantair chathair na Gaillimhe a chur as an áireamh don toghchán. 

Dúirt Ó Cuív go ndearna sé iarracht nuair a bhí sé in Aire Gaeltachta athrú a dhéanamh a d’fhágfadh nach mbeadh ceantair i gcathair na Gaillimhe mar chuid de cheantar feidhme Údarás na Gaeltachta ach gur dhiúltaigh an Rialtas ag an am dá mholadh.

“Ní fheidhmíonn an tÚdarás taobh istigh den chathair mar údarás forbartha tionscal agus, go deimhin féin, chuir mé ceist sa Dáil an lá faoi dheireadh agus dúirt an tAire gurb iad Foras na Gaeilge seachas an tÚdarás atá ag plé leis an bpleanáil teanga istigh sa chathair,” a dúirt an Teachtá Dála Ó Cuív ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí.

Dúirt Ó Cuív gurb í ceann de na ceisteanna atá ann maidir le toghchán nua an Údarás ná ar cheart go mbeadh líon na gcomhaltaí ar an mbord ag teacht le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, seachas a bheith bunaithe ar an daonra mar a bhí.

Dúirt Ó Cuív sa Dáil le gairid go raibh sé in am na ceantair Ghaeltachta a leagan amach ar bhonn teangeolaíochta seachas ar bhonn tíreolaíochta, moladh a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a foilsíodh nuair a bhí Ó Cuív féin ina Aire Gaeltachta.

“Go dtí go n-éireoidh linn déileáil leis an gceist sin, feictear domsa go bhfuil muid ag seachaint buncheist ollmhór a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi, luath nó mall,” a dúirt Ó Cuív.

Go dtí 2012, bhíodh sé de chumhacht ag aon Aire Gaeltachta leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta, mar a leagadh amach in Acht na Gaeltachta 1956, deis nár thapaigh aon Aire Gaeltachta go dtí seo, Éamon Ó Cuív ina measc.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Fág freagra ar 'Ní gá teorainneacha na Gaeltachta a leasú chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais – roinn'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an ceart ag Éamon Ó Cuív. Níl cúis ar bith go mbeadh vótaí ag na daoine sna eastáit tithíochta ar imeall Cathair na Gaillimhe i dToghchán an Údaráis, nuair nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú sna eastáit sin. Tá siad sa Ghaeltacht de bharr cúrsaí tíreolaíochta seachas teanga. Aithníodh é sin in Acht na Gaeltachta 2012: faoin Acht baineadh an chumhacht ó phobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú go daonlathach ar Bhord an Údaráis agus ina áit sin ceadaíodh do seacht Comhairle Chontae Gaeltachta ionadaithe a ainmniú ar Bhord an Údaráis ACH fágadh Comhairle Chathrach na Gaillimhe ar lár.