Ní gá i gcónaí nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint atá ag an dream ar an taobh eile

Seachas a bheith ag ransú an idirlín chun fianaise a aimsiú leis an rud a chreideann tú féin a chruthú, is fearr intinn oscailte a bheith agat agus an fhianaise a mheá go hionraic

Ní gá i gcónaí nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint atá ag an dream ar an taobh eile

A lán den ‘díospóireacht’ agus den ‘plé’ a dhéantar faoi scéalta sna meáin scríofa Ghaeilge faoi chogadh na hÚcráine agus faoi scéalta conspóideacha eile is beag fiúntas atá leis, dar liom. Is é a bhíonn i gceist den chuid is mó ná daoine a bhfuil a n-aigne déanta suas acu sula ndéanann siad an scéal a scrúdú agus ansin ag dul ag ransú ar an idirlíon le fianaise a aimsiú chun an rud a chreideann siad cheana féin a chruthú. Sin é an fáth go rabhas an-tógtha le trácht a d’fhág an t-iar-státseirbhíseach Seán Mag Leannáin faoin alt deireanach de mo chuid.

Ní raibh sé ag aontú liom ach níor chuir sé as an áireamh é go bhféadfainn a bheith ceart faoi roinnt rudaí. Chuir sé ceisteanna dúshlánacha orm agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil aigne oscailte aige. Seans gur thaitin sé leis go ndúirt mé féin nach raibh mé 100% cinnte go raibh an ceart agam sa tairngreacht a bhí á déanamh agam.

Thagair sé ar dtús d’abairt a scríobh mé ina ndúirt mé go bhfuil ‘díospóireacht ann ó thús an chogaidh idir an dream a mhaíonn go ndearna Putin ionradh ar an Úcráin mar gheall ar NATO agus chun stop a chur le cos ar bolg a maíodh a bheith á déanamh ar Rúisigh eitneacha sa Donbas, agus an dream a deir gur fiontar impiriúil nó faisisteach nó fiú cinedhíothach a bhí san ionradh.’

D’fhiafraigh Mag Leannáin: ‘N’fheadar an gá go bhfuil an ceart go hiomlán ag ceann amháin den dá argóint seo agus nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint eile?’

Aontaím leis sin. Is léir go ndearna Putin trioblóid a chothú sa Donbas agus go ndearna sé líomhain bhréagach áibhéalach gur mharaigh an Úcráin 10,000 sibhialtach ansin. Níl aon amhras ach an oiread, áfach, ach go ndearna iarrachtaí na hÚcráine an Donbas a ghabháil ar ais leis an lámh láidir agus na sáruithe ar chearta daonna a rinne mílístí ar nós Azov ag tús an chogaidh in 2014, sular tugadh faoi smacht an stáit iad, dochar do chás na hÚcráine. Agus níl aon amhras ach go dtagann sé salach ar mhiotas impiriúlach na Rúise go mbeadh an Úcráin nó tír iarShóivéadach ar bith i gcomhghuaillíocht mhíleata a chuirfeadh srian leis an tionchar a bheadh ag an Rúis sna bólaí sin.

D’fhéadfaí a bheith ag argóint go lá Pilib an Chleite faoi fhilleadh na Rúise ar an impiriúlachas antoisceach agus an mbeadh a leithéid tarlaithe mura mbeadh tíortha áirithe scaoilte isteach ag NATO nó an amhlaidh gurbh é NATO an chosaint i gcoinne athmhúscailt an impiriúlachais sin a bhí chun tarlú luath nó mall pé scéal é. I ndeireadh na dála ní féidir é sin a chruthú bealach amháin nó bealach eile, agus creidfidh daoine an rud ar mian leo a chreidiúint, agus ní féidir a rá go cinnte ach gurb ann don impiriúlachas seo anois.

Fiafraíonn Seán Mag Leannáin díom cad í an fhianaise ar an talamh go bhfuil cinedhíothú ag tarlú sna críocha atá gafa ag an Rúis. Mar a tharla, scríobh mé alt iomlán ar an ábhar seo in Eanáir 2023. Gan athinsint a dhéanamh ar an alt sin, go bunúsach bíonn an tairseach dhlíthiúil i leith cinedhíothaithe níos ísle ná mar a shíltear go coitianta. Bhíos cúramach i gcónaí faoi m’fhoclaíocht agus mé ag scríobh faoin ábhar seo agus is é a scríobh mé ná gur ‘léir go bhfuil cás láidir le déanamh go bhfuil a rún oscailte á chur i bhfeidhm ag an Rúis’ agus go mbeidh ‘le feiceáil in imeacht aimsire an mbreathnóidh staraithe ar ionradh na Rúise, go príomha, mar chogadh cinedhíothach’.

Chuirfinn an méid seo leis an méid atá san alt sin. Níl ach eolas teoranta faoi sháruithe cearta daonna agus coireanna cogaidh na Rúise sna críocha gafa mar nach dtugann an Rúis rochtain d’eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta ar fhianaise faoin gcogadh. Tá sé dearbhaithe ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil príosúnaigh chogaidh as an Úcráin á gcur chun báis, go bhfuil patrún ann maidir le céasadh a bheith á úsáid go córasach agus go forleathan i gcoinne príosúnaigh chogaidh as an Úcráin, go bhfuil daoine á n-ionchúiseamh agus á gcur i bpríosún as ucht tacaíocht a léiriú don Úcráin agus go bhfuil cásanna ann ina bhfuil sibhialtaigh atá i ngéibheann á gcéasadh nó á bhfágáil gan cóir leighis agus ag fáil bháis dá bharr.

Tá míleatú agus Rúisiú éigeantach á chur i bhfeidhm ar pháistí Úcránacha sa chóras scolaíochta – mar shampla tá páistí Úcránacha á gcur go campaí ina dtugtar traenáil mhíleata dóibh, múintear dílseacht don Rúis dóibh agus déantar síolteagasc orthu faoi ‘obráid speisialta mhíleata’ na Rúise.

Dá mbeadh rochtain iomlán ag eagraíochtaí cearta daonna ar eolas faoina bhfuil ag tarlú sna críocha gafa is féidir glacadh leis go mbeadh i bhfad níos mó fianaise acu de choireanna i gcoinne an phobail Úcránaigh. Cuimhnigh mar shampla ar na holluaigheanna agus na huafáis a aimsíodh aon uair ar fhuascail an Úcráin críocha fairsinge a bhí gafa ag an Rúis, mar shampla ag Bucha agus Izium.

Tá sé réasúnta a chreidiúnt go bhféadfadh olluaigheanna agus uafáis eile a bheith ceilte sna críocha gafa eile agus go mbeadh tuilleadh uafáis dá leithéid fud fad na hÚcráine dá n-éireodh leis an Rúis í a chur faoi smacht. Má tá cás le déanamh anois go bhfuil cinedhíothú, nó ar a laghad coireanna faoin gcoinbhinsiún cinedhíothaithe, á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin, luíonn sé le réasún go mbeadh an cás níos láidre dá mbeadh na coireanna céanna ag tarlú sa tír iomlán.

Agus an rud eile a chuirfinn leis seo ná nach bhféadfaí an rud atá an Rúis ag iarraidh a chur i gcrích san Úcráin trí chéile a chur i gcrích gan sáruithe cearta daonna agus coireanna ar scála ollmhór. Maíonn roinnt de na polaiteoirí agus tráchtairí Rúiseacha gur féidir a chur ina luí ar fhormhór na nÚcránach gur Rúisigh iad i ndáiríre le hathoideachas agus bolscaireacht agus nach mbeadh gá ach mionlach a mharú nó a chur i ngéibheann.

Ach admhaíonn cuid eile acu gur fuath leis an gcuid is mó de na hÚcránaigh na Rúisigh agus go mbeadh gá na milliún Úcránach a dhíbirt nó a chur i ngéibheann nó a mharú chun an ‘dínáisiúnú’ nó an ‘dí-Úcránú’ nó an ‘dí-Naitsiú’ seo a bhaint amach. Measaim aon duine a chuirfeadh aithne ar roinnt Úcránach go dtuigfidís gur fíor é sin agus go bhfuil siad chomh daingean ina bhféiniúlacht náisiúnta is atáimid féin.

Scríobhann Seán Mag Leannáin: ‘Cé gur deachtóir brúidiúil gan scrupall é Putin, fós féin is cúiseamh an-tromchúiseach é a chur ina leith go bhfuil sé mar aidhm chogaidh aige an Réiteach Deireanach a chur i bhfeidhm san Úcráin.’

Bhíos ag iarraidh macalla d’aon ghnó den Naitsíochas a dhéanamh nuair a d’úsáid mé an focal ‘An Réiteach Deireanach’ mar feictear dom go bhfuil cosúlacht idé-eolaíoch idir aidhm Hitler deireadh a chur leis an nGiúdachas san Eoraip agus aidhm fógartha na Rúise deireadh a chur leis an Úcráin agus an tÚcránachas.

Is saghas réiteach deireanach é seo freisin ach ba chóir go dtuigfinn go léifí é ar an tslí a léigh Mag Leannáin, is sin gur macasamhail dhíreach Uileloscadh na nGiúdach a bhí i gceist, go háirithe nuair a d’úsáid mé ceannlitreacha don ‘Réiteach Deireanach’. Mea culpa.

Deir Sean Mag Leannáin ‘gur cinnte go bhfuil realpolitik’ taobh thiar den chogadh seo. Is é mo thuairim ionraic féin nach bhfuil Seán Mag Leannáin agus go leor tráchtairí eile ag tabhairt dóthain suntais do thábhacht agus do neart na hidé-eolaíochta mar spreagadh do chur chuige na Rúise.

Tá mo thuairim bunaithe ar roinnt rudaí: an fhís a leag Putin féin amach ina aiste maidir le ‘haontacht stairiúil na Rúise agus na hÚcráine’ díreach roimh thús an ionraidh; trí bliana de reitric antoisceacha frith-Úcránach ó aos polaitiúil agus meáin na Rúise sa Rúis féin agus an easpa fianaise go bhfuil aon mhaolú ag teacht ar an reitric sin mar ullmhú do réiteach pragmatach ar chúrsaí. Ní foláir a chur san áireamh freisin nach bhfuil an Rúis faoi láthair ag tapú na deise atá tugtha ag Donald Trump dóibh ‘bua’ pragmatach a fhógairt sa chogadh.

Creidim freisin nach dtugann tráchtairí áirithe dóthain suntais dá thábhachtaí atá sé do Putin go mbainfeadh sé áit sa stair amach mar an Tsár a thug ar ais glóir agus forlámhas na Rúise ar na cúrsaí a mbíodh tionchar aici orthu tráth dá raibh. Ní hé seo an chéad uair sa stair nár tuigeadh baol dá leithéid i gceart. Tharla sé i gcás Hitler agus na Naitsithe. Tá cosúlachtaí áirithe idir Hitler agus Putin. Ach ní hionann iad ach an oiread, agus téitear thar fóir go minic le comparáidí idir feiniméin chomhaimseartha agus an Naitsíochas.

B’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Tá súil agam go bhfuil. Tá eagla orm nach bhfuil.

Fág freagra ar 'Ní gá i gcónaí nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint atá ag an dream ar an taobh eile'

  • Seán Mag Leannáin

    Is mór an ónóir dom gur chuir Fachtna stró air féin alt a scríobh ag freagairt do na pointí a rinne mé i dtrácht ar alt eile dá chuid ar an ábhar seo, ionradh na Rúise ar an Úcráin. Mar a bheifeá ag súil leis ón údar seo, is alt an-mhaith é agus fianaise ag tacú leis tríd síos. Fós féin nílim suite dearfa den téis lárnach, a fheictear domsa atá ag Fachtna, go bhfuil bun-chosúlachtaí idir aidhmeanna cogaidh na Rúiseach san Úcráin agus aidhmeanna cogaidh na Naitsíoch aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus go bhfuil bun-chosúlachtaí idir Hitler agus Putin. Léigh mé go han-sciobtha an tuairisc de chuid na Náisiún Aontaithe ar shárú chearta daonna sa chogadh, tuairisc a ndearna Fachtna tagairt dó ina alt. Léiríonn sé go bhfuil coireanna uafásacha á ndéanamh ag na Rúisigh go mór mór ach roinnt acu á déanamh ag na hÚcráinigh freisin. Thar rud ar bith eile cruthaíonn sé, má tá cruthú ag teastáil, gur uafásach an rud é cogadh armtha. Taispeánann sé freisin an tábhacht a bhaineann leis na Náisiúin Aontaithe, dá laige é mar eagras éiféachtach ó thaobh cogaí a sheachaint de. Creidim i gcónaí go bhfuil realpolitik taobh thiar den chogadh seo. Glacaim leis go bhfuil fuath idé-eolaíoch á spreagadh agus ag cur leis ach ní féidir a shéanadh go bhfuil an realpolitik ann. Is léir freisin go bhfuil an realpolitik taobh thiar de mheon Trump ar an gceist chomh maith. Tá a phríomh-fócas siúd ar na Sínigh agus an bhun-aidhm stráitéiseach atá aige, más fíor, an chomhghuaillíocht idir an Rúis agus an tSín, atá ag neartú le linn an chogaidh seo, a lagú trí comhghuaillíocht trádála agus eile a chothú idir Meiriceá agus an Rúis. Caithfidh mé staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an Tuairisc sin de chuid na Náisiún Aontaithe agus ar fhoinsí eile. Chuir sé iontas orm a laghad trácht a bhíonns ar cheist na dteangacha sa choimhlint seo. Shílfeá nach raibh tábhacht ar bith ag baint leo, rud atá deacair a chreidbheáil i mo thuairimse. Caithfear cuimhneamh freisin go bhfuil airm núicléacha ag Putin, rud nach raibh ag Hitler. Mar fhocal scoir, táim ar aon intinn le Fachtna faoi rud amháin: sin é go gcuireann an cogadh seo eagla an domhain orm.

  • Jimmy Ó Conghaile

    Caithfidh mé a rá gur mheas mé go raibh an t-alt seo sách doiléir – de ghnáth taitníonn ailt Fhachtna liom ach chuaigh sé in abar áit éigin sa chás seo agus ní léir dom go díreach cén pointe a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Grma as ucht an t-aiseolas Jimmy.