Ní féidir le Cúige Mumhan dul sa seans…

Caithfidh Cúige Mumhan a chinntiú gur acu a bheas an lámh an uachtar in aghaidh Chúige Chonnacht inniu

Ní féidir le Cúige Mumhan dul sa seans…

Cé go bhfuil an babhta deiridh le himirt i réamhbhabhtaí an Pro 14 an deireadh seachtain seo, ní bheidh tionchar ar bith ag na torthaí ar leagan amach na gcluichí ceathrú ceannais ná na gcluichí leathcheannais, seachas i gcás na Muimhneach, b’fhéidir.

Is i gcoinne a chéile a bheas na cúigí i mBabhta 21 agus is ag an hUltaigh agus na Muimhnigh a bheas buntáiste an bhaile. Is é an cluiche i mBéal Feirste is túisce a bheas á imirt inniu agus Cúige Uladh á fhéachaint le Cúige Laighean, foireann atá cinnte cheana féin gurb iad a bheas ar bharr Ghrúpa B agus áit dá réir acu sna babhtaí leathcheannais, is cuma cén toradh a bheas ar an gcluiche seo.

Is ionann an cás ag na hUltaigh, tá siadsan cinnte go mbeidh siad ag cur fáilte go Béal Feirste roimh na Connachtaigh sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann seachtaine. Mar sin féin, tá bród agus cead maíte i gceist, mura bhfuil mórán eile féin.

Ní hamháin sin ach beidh na Laighnigh ag iarraidh leanacht leis an tsárimirt a chonaic muid uathu i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh an Domhnach seo caite. Cuimhnigh nach mbeidh aon chluiche eile acu roimh chluiche ceannais an chomórtais sin, a bheas á imirt faoi cheann coicíse. Is deacair toradh a thuar ach is fiú a mheabhrú gur mhúin Cúige Laighean ceacht mór rugbaí (40-7) do na hUltaigh nuair a thug siad aghaidh ar a chéile san RDS i mBabhta 13.

Ba cheart go mbeadh níos teannais sa gcluiche idir na Muimhnigh agus na Connachtaigh, cluiche a bheas á imirt at Pháirc Thuamhan tráthnóna Dé Sathairn. Mar a luaigh mé, tá na Connachtaigh cinnte dá n-áit sna babhtaí ceathrú ceannais mar atá na Muimhnigh.

Ach má bhíonn an lá le Cúige Mumhan an Satharn seo, agus seans maith go mbeidh, agus má theipeann ar Ghlaschú agus iadsan sa mbaile i gcoinne Dhún Éideann, is iad fir Luimnigh a bheas sna cluichí leathcheannais agus buntáiste an bhaile acu freisin. Is iad Glaschú atá ar bharr Ghrúpa A faoi láthair, iad trí phointe chun cinn ar na Muimhnigh. Is fiú cuimhneamh gur ag Dún Éideann a bhí an lámh in uachtar nuair a chas siad ar Ghlaschú i mBabhtaí 11 agus 12. Beidh an cluiche sin in Albain á imirt ag an am céanna a mbeidh an cluiche ar siúl i Luimneach.

Ní bheidh na Muimhnigh in ann dul sa seans, caithfidh siad a chinntiú gur acu a bheas an lámh an uachtar.

Bígí ag súil le sárchluiche eile idir na comharsana.

Fág freagra ar 'Ní féidir le Cúige Mumhan dul sa seans…'