Ní faoi na faoileáin amháin a bhíonn Páirc an Chrócaigh aimsir na Nollag

Le hos cionn seachtaine tá a phluais socraithe i gcúinne de Pháirc an Chrócaigh ag fear na culaithe deirge…

Ní faoi na faoileáin amháin a bhíonn Páirc an Chrócaigh aimsir na Nollag

Le hos cionn seachtaine tá a phluais socraithe sa gcúinne ag fear na culaithe deirge agus é ag fáiltiú isteach rompu siúd ar fad atá ag iarraidh cogar a chur ina chluas.

Níl teach ná áras ar dhroim na cruinne seo nach bhfágann Deaidí na Nollag agus a chuid Fianna lorg a gcos agus a gcrúba iontu an tráth seo den bhliain. As seo go ceann seachtaine nó mar sin beidh sin le feiceáil in áiteacha chomh fada ó chéile leis an díon is gaire de na Flaithis i Manhattan agus an bunsop atá ar an teachín is gaire den Reilig Ghallda i gceann thiar Thoraí.

Ní gá go mbeadh gasúir iontu ar fad, ná go deimhin cónaí. Tá cuimhne chéatach ag ‘Fear na Féasóige’ agus beag beann ar aois nó ar acmhainn, ní nós leis duine ar bith a fhágáil folamh.

Sin an fáth a dtugann sé cuairt ar scoileanna, ionaid phobail agus ar chlubthithe spóirt.

Sin ráite, níor mhilleán do dhuine a cheapadh gur folamh, fuar, bánaithe iad na seastáin agus na foirgnimh eile a bhíonn timpeall na bpáirceanna cáiliúla ar fud an domhain ag an am seo bliana. Déarfá leat féin gur faoi na faoileáin amháin a bhíonn an pháirc mhór údaí ar Bhóthar Mhic Seoin ina mbeidh an clampar agus an gleo ar fad ag na cluichí peile agus iománaíochta sa séasúr seo amach romhainn.

Bheadh dul amú ort. Le hos cionn seachtaine tá a phluais socraithe i gcúinne di ag fear na culaithe deirge agus é ag fáiltiú isteach rompu siúd ar fad atá ag iarraidh cogar a chur ina chluas. Beidh sé ann go dtiocfaidh an Aoine seo chugainn, cé gur beag ticéad a thabharfaidh chomh fada leis thú atá fanta.

Agus gan ticéad a bheith ceannaithe roimh ré, aistear in aisce a bheadh ann.

https://crokepark.ie/santa

Is i Museum CLG i bPáirc an Chrócaigh a bheas Deaidí na Nollag ag roinnt na creiche. Cuireann sé iontas i gcónaí orm gur beag díobh siúd atá sáite sna Cluichí Gaelacha a bhfuil cuairt tugtha acu ar an áit sin, cé go mbeadh na scórtha cluiche feicthe ar pháirc na himeartha ag a bhformhór. Ní thuigeann go leor acu go mbíonn sé ar oscailt fiú laethanta a mbíonn imirt ar chluichí, cé ar ndóigh go mbíonn na turais críochnaithe tamall maith roimh thús na himeartha.

Tá dhá bhealach le tabhairt faoi do chuairt.

Is féidir leat díriú ar an Músaem as do stuaim féin agus fágfaidh luach deoch amháin cead spaisteoireachta agat timpeall air fad a thogróidh tú – €9.50 ar dhaoine fásta; €8 pinsinéirí/mic léinn; €7 gasúr agus €22 do theaghlaigh.

Nuair a bheidh do sháith den stair, den chultúr, den imirt agus a mbaineann leo siúd faighte agat, beidh deis agat scileanna na haoise seo a chleachtadh agus tamall a chaitheamh i Zón na gCluichí Idirghníomhacha.

(Tá mé ag ceapadh gurb é sin an chéad uair ariamh ar bhrúigh mé cnaipe an ‘z’ ar an méarchlár seo!)

An rogha eile atá agat ná a dhul ar cheann de na turais threoraithe. Tuairim a dhá oiread agus a d’íocfá ar do chuairt aonair a chosnóidh sin ort ach is fiú go mór é mar go bhfeicfidh tú i bhfad níos mó de Pháírc an Chrócaigh féin.

Tabharfar isteach sna seomraí feistis tú, amach na tolláin trina ritheann na himreoirí agus ó chiuimhais na páirce feicfidh tusa an t-amharc céanna a fheiceann na peileadóirí agus na hiománaithe ar na laethanta is tábhachtaí i saol a gcuid imeartha.

Beidh cead fánaíochta sa mhúsaem agat sula dtosóidh an turas agus nuair a sroichfidh tú a dheireadh.

Ó am go chéile athraítear na taispeántais a bhíonn le feiceáil sa i Músaem CLG agus sin an fáth gur maith liom tamaillín a chaitheamh ann chomh minic agus is féidir.

Ní leis na scéalta móra agus le móruaisle agus bunaitheoirí na heagraíochta a bhaineann gach a mbíonn le feiceáil ach an oiread. Is maith leis an gcoimeádaí agus lena foireann léargas a thabhairt ar na himeachtaí fánacha a bhaineann leis an gcosmhuintir chomh maith le héachtaí agus scéalta na laochra cáiliúla.

Beidh sampla de sin le feiceáil i dtaispeántas a bheas le feiceáil san athbhliain sa mhúsaem agus a bhaineann leis an gcluiche den Pheil Ghaelach ab fhaide a mhair.

Bhí 60 uair an chloig i gceist san iomaíocht a thosaigh ag 6.02am ar an Aoine agus a chríochnaigh ag 6.05pm an Domhnach dár gcionn.

Lena linn rinneadh comhlíonadh ar na rialacha agus ar na rialacháin ar fad atá leagtha síos ag Stiúrthóir Spóirt an Guinness Book of Records. Bhí cosc ar ionadaithe agus ní raibh ceadaithe ach sos cúig nóiméad a ghlacadh as uair an chloig imeartha.

Tosaíodh ar an imirt le héirí gréine agus níor thóg na peileadóirí sos (leathuair an chloig) go dtáinig meán lae. As sin amach ghlacadar sos 20 nóiméad gach ceithre uair an chlog nó gur séideadh an fheadóg dheireanach.

I mí na Bealtaine 1986 a tharla sé. Ar mhaithe le hairgead a bhailiú don Chumann Haemaifiliach, don chumann CLG áitiúil agus don Chomhairle Pobail a reáchtáladh an ócáid.

Cén áit? Fágfaidh mé ag cogaint an ábhair sin sibh. Ní déarfaidh mé ach go measaim go mbeadh barúil ag an Eagarthóir ach dul ar a mharana!

Fág freagra ar 'Ní faoi na faoileáin amháin a bhíonn Páirc an Chrócaigh aimsir na Nollag'