Ní éireodh le TG4 dá mbeadh sé dírithe ar phobal na Gaeilge amháin – Alan Esslemont

‘Sodar i ndiaidh figiúirí féachana’ an cur síos a dhéanfadh daoine áirithe ar straitéis TG4, a deir ceannasaí TG4, ach d’fhéadfaí a áiteamh chomh maith céanna gur ‘ag slánú na teanga’ atá sí

Ní éireodh le TG4 dá mbeadh sé dírithe ar phobal na Gaeilge amháin – Alan Esslemont

Ní fhéadfadh TG4 a spriocanna teanga nó cultúrtha a bhaint amach dá mbeadh sé dírithe ar phobal na Gaeilge amháin, a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Ag labhairt dó ag comhdháil faoi na meáin i mionteangacha in Ollscoil Dhún Éideann, dúirt ceannasaí TG4 nach bhféadfadh an stáisiún cabhrú le ‘slánú na Gaeilge’ mura meallfadh sé lucht féachana sách mór.

Ina phíosa cainte ag an gcomhdháil faoi na meáin teangacha mionlaigh, dúirt Alan Esslemont go raibh dul amú ar dhaoine a cheap gur chóir do TG4 feidhmiú amhail go raibh sé ag freastal ar phobal aonteangach Gaeilge.

Botún a bhí ann chomh maith, a dúirt sé, a cheapadh go bhfeádfadh TG4, nó meáin chlosamhairc i mionteangacha eile, feidhmiú amhail is go raibh a leithéid de rud ann agus “náisiúnstát na mionteanga atá slán ó thionchar teangeolaíochta ón taobh amuigh”.

Dúirt sé i gcaint dar teideal ‘Chasing Ratings or Saving the Language – the case of TG4 Ireland’ gurb é ceann de phríomhchúraimí an stáisiún ná “cúiseanna le bheith dátheangach” a sholáthar don phobal.

Dúirt ceannasaí TG4 nach mbeadh aon ní cóir i ndán don stáisiún mura mbeadh sé ach ag freastal ar “phobal beag” a bheadh scartha amach ó shaol an Bhéarla, teanga an mhóraimh in Éirinn.

Ní chun leas na Gaeilge ná pobal a labhartha a bheadh a leithéid de chur chuige ach oiread, a dúirt sé.

Dúirt sé nach mbíonn aon tionchar ar an tsochaí ag ábhar craolta nach mbíonn aon duine ag breathnú air agus go raibh gá dá réir le lucht féachana mór a mhealladh le cinntiú gur craoltóir láidir TG4 a mbíonn tionchar aige ar an tsochaí agus ar an bpobal aige.

Chuige sin bhí gá le tuiscint dhomhain ar nósanna, roghanna agus déimeagrafaic an lucht féachana, a dúirt sé.

Mhaígh sé gurbh í straitéis ‘twin-pole’ an stáisiúin, a fhéachann le freastal ar phobal na Gaeilge agus ar mhórphobal an Bhéarla, an bealach is fearr a bhí ar fáil le cabhrú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail in Éirinn a chinntiú.

‘Sodar i ndiaidh figiúirí féachana’ an cur síos a dhéanfadh daoine áirithe ar straitéis TG4, a dúirt sé, ach d’fhéadfaí a áiteamh chomh maith céanna gur “ag slánú na teanga“ atá sí.

“Tá mise den tuairim le fada gurb é an tarraingteacht seachas an t-iallach a bhíonn taobh thiar den athrú teangeolaíochta i sochaí chomhaimseartha.

“Agus domsa, tá ceist seo na tarraingteachta ríthábhachtach maidir le hinmharthanacht na Gaeilge, agus áitím go bhfuil ról lárnach ag na meáin sa mhéid seo sa lá atá inniu ann. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga ag ‘grúpa’ tarraingteach a bhfuil borradh faoi agus caithfidh an méid sin a bheith le feiceáil go soiléir,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4.

Dúirt sé gur chuid den ról é ag TG4 cabhrú leis an nGaeilge a bheith aitheanta mar theanga ag grúpa tarraingteach a raibh borradh fúthu. Chaithfí é sin a chur ar a súile don uile dhuine sa tír agus “cúiseanna le bheith dátheangach” a sholáthar.

Dúirt sé gurb é ceann de na dúshláin ba mhó roimh an nGaeilge, agus roimh phobal na Gaeltachta go háirithe, ná “teacht ar ‘chúiseanna a bheith dátheangach’ nuair a d’fhéadfaidís ‘déanamh chomh maith céanna le teanga amháin’ amhail an chuid eile den náisiúnstát.

Fág freagra ar 'Ní éireodh le TG4 dá mbeadh sé dírithe ar phobal na Gaeilge amháin – Alan Esslemont'

  • An-mheas agam ar Alan Esslemont, ach bíonn TG4 ró-sciobtha straitéis ‘twin-pole’ an stáisiúin a úsáid mar leithscéal má dhéanann pobal na Gaeilge cáineadh ar an stáisiúin.

    An iomarca Béarla in úsáid ag leithéidí Laochra Gael, a raibh a bhformhór mór i mBéarla – ‘Is ar mhaithe le bealach isteach chuig an nGaeilge don náisiún ar fad a dhéantar é sin srl’ Ní oibríonn sin mar leithscéal.

    Comhlachtaí leiriúcháin i mbun chláir do TG4 ag cur agallaimh/agus ag plé le daoine le Gaeilge eile trí Bhéarla agus gan meas acu ar an teanga uaireanta – ‘Is comhlachtaí neamhspleacha iad siúd, agus níl neart ag TG4 air’

    Tá borradh tagtha ar TG4 le MolScéal agus Bloc, ach ní thuigim cén fath nach mbíonn siad sásta plé leis an gcáineadh go macánta, agus aithint gur chóir go mbeadh pobal na Gaeilge mar chroí-lár dá chuid oibre.

    Dá mbeadh deireadh le teacht le TG4 ar maidin, ní hiad an pobal ‘náisiúnta’ a bheadh amuigh ar na sráideanna i mbun agóide ach an pobal teanga ar a bhfuil fáillí a dhéanamh ag TG4 orthu.

  • Feardorcha

    Gach rud ráite ag JÉ thuas.

  • Colin Ryan

    Mar dhuine a bhíonn ag féachaint ar TG4 thar lear agus nach Éireannach é, déarfainn go bhfuil cuid mhaith den cheart ag Alan Esslemont. Is furasta le Gaeilgeoirí in Éirinn a bheith ró-sháite ina gcás féin, cé nach bhfuil iontu ach mionlach an-bheag. Caithfear an dá thrá a fhreastal agus sin sin.

  • An Fiach Liath

    Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.