Ní dhéantar tada faoin nganntanas  múinteoirí mar tá sé ceangailte le géarchéim na tithíochta

An fáinne fí againn? Cothaíonn fadhb amháin i réimse amháin fadhbanna i réimsí eile

Ní dhéantar tada faoin nganntanas  múinteoirí mar tá sé ceangailte le géarchéim na tithíochta

An bhfuil éalú ar bith ann ón bhfáinne fí ina bhfuil muid sáinnithe? Bíonn muid ag síorchaint faoi chúrsaí tithíochta, sláinte, costas maireachtála, eisimirce (arís!), ach i ndiaidh na cainte ar fad, níl athraíonn tada.

Bíonn an ghéarchéim fós i réim.

I rith na seachtaine, bhí an fócas ar fhadhbanna múinteoireachta. Tá géarghanntanas múinteoirí ann, go háirithe i rannóg na bunscoile. Má théann duine amach tinn nó eile, ní féidir múinteoir a fháil chun an cúram sin a ghlacadh.

Téann na páistí isteach i ranganna eile. Tugtar aire dóibh, ach ní dhéantar iad a mhúineadh.

Tá an ghéarchéim seo níos measa i mBaile Átha Cliath ná in aon áit eile sa stát, ach cén fáth? Tá freagra simplí ann. Tá an cíos chomh hard sin i mBaile Átha Cliath, agus an tuarastal sách íseal sa gcaoi nach féidir le múinteoir óg áit chónaithe a aimsiú. Agus ciallaíonn sé sin nach bhfuil na múinteoirí ar fáil.

Tá príomhoide i ndiaidh príomhoide le clos ar raidió is teilifís ag gearán faoi seo. Tá guth na gceardchumann le clos. Ach ní dhéantar tada, mar tá géarchéim na múinteoireachta ceangailte le géarchéim na tithíochta.

Tá an scéal céanna ann sa gcóras sláinte. Ni féidir le haltraí óga nua-cháilithe, go háirithe, ionad cónaithe ar cíos a fháil toisc go mbíonn a gcuid tuarastail chomh híseal sin. Níl fonn orthu a bheith ag obair in ospidéil i mBaile Átha Cliath, mar ní bhíonn aon chaighdeán fiúntach maireachtála acu ansin.

Arís, tá géarchéim an altranais ceangailte le géarchéim na tithíochta.

Maidir leis an ngeilleagar i gcoitinne, is polasaí lárnach ag an rialtas go mbeadh muid ag brath ar infheistíocht phríobháideach a thagann thar lear. Bíonn an infheistíocht sin ag brath go mór ar oibrithe oilte a thabhairt isteach, go háirithe in earnáil na teicneolaíochta. Ach níl sé ar acmhainn na n-oibrithe sin an cíos ard sin a íoc ach an oiread.

Sea, is bac ar fhorbairt an gheilleagair, de réir phlean an rialtais i leith an gheilleagair, an ghéarchéim tithíochta chéanna.

Agus anois, cloisimid arís scéalta faoi dhaoine óga ag smaoineamh ar a dhul ar eisimirce. Maíonn an Tánaiste Leo Varadkar nach bhfuil na cnoic i gcéin chomh glas sin ar deireadh thiar, agus é ag déanamh comparáide idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac. Ach is go dtí an Astráil nó mór-roinn na hEorpa, nó go deimhin go Sasana féin, a théann daoine óga na linne seo, agus tá cíos is costais maireachtála níos ísle thall nó mar atá abhus.

Agus sin é an fáinne fí. Cothaíonn fadhb amháin i réimse amháin fadhbanna i réimsí eile. Is cothaíonn na fadhbanna sin sna réimsí eile tuilleadh fadhbanna…

Le teip gach aon pholasaí teipeann ar pholasaí eile.

Níl an t-airgead againn, a deir an rialtas. Polasaithe craiceáilte iad atá á moladh ag Sinn Féin is páirtithe eile an fhreasúra, a deir an rialtas. Ceal tiarnaí talún níl aon árasáin ar cíos, a deir an rialtas. Agus ceal cíos ard, níl aon tiarnaí talún ann.

Agus timpeall is timpeall a théann muid san fháinne fí.

Dála an scéil, céard a dhéanfaidh na tiarnaí talún lena gcuid árasán murar féidir leo iad a ligean ar cíos? Nárbh fhéidir leis an stát seilbh a ghlacadh orthu agus iad a ligean ar chostas réasúnta? Ach polasaí craiceáilte is ea a leithéid, mar tá polasaí an rialtais bunaithe ar bhrabús – brabús dóibh siúd atá dílis do pháirtithe an rialtais.

Ach breathnaigh ar chúrsaí baincéireachta. Tá córas na mbónas le tabhairt ar ais; tá srianta ar thuarastail na ndaoine ag an mbarr le cur ar ceal. Cén fáth? Toisc go bhfuil deacrachtaí daoine atá riachtanach a choinneáil agus na srianta sin i bhfeidhm.

Maidir le múinteoirí nó altraí, níl aon chaint faoi bhónais nó eile. An é nach daoine ‘riachtanacha’ iadsan?

Tá muid leath bealaigh trí shaolré an rialtais seo, agus níl le maíomh acu ach go bhfuil siad fós ann. De réir na bpobalbhreitheanna, cáineann 84% den phobal polasaí tithíochta an rialtais, ach tá siad meáite mar sin féin ar chloí leis na polasaithe atá ag teip os comhair ár súl.

Cén fáth? Toisc go bhfuil siad ceangailte ag idé-eolaíocht chóras an rachmais. Réitigh muid fadhbanna tithíochta roimhe seo le clár tógála an stáit, ach anois maíonn an rialtas go gcaithfear brath ar an earnáil phríobháideach.

Agus seo muid ar ais, sa gciorcal oilc, ag dul timpeall is timpeall, gan réiteach, gan faoiseamh.

An féidir glacadh leis seo mórán eile, nó an bhfuil aon éalú le fáil uaidh?

Fág freagra ar 'Ní dhéantar tada faoin nganntanas  múinteoirí mar tá sé ceangailte le géarchéim na tithíochta'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá go leor áitreabh sa tír (dar liom) ach níl cead ag daoine maireachtáil iontu
    Sin cuid mhór den bhfadhb. Tá sean-teach deas compordach agam féin a bhí ligthe amach ar feadh i bhfad ach atá folamh anois le stáir. An chúis: níl sé ‘sábháilte’ dar leis an mBriogáid Dóiteáin. Chun na rialacha a chomhlíonadh bheadh orm an taobh istigh a réabadh ó bhun barr. Costas €100,000, suim nach bhfuil agam agus nach mbeinn sásta a ídiú chun teach deas a lot. Nìl cead ag Úcránaigh ná aon deoraí eile maireachtáil ann seachas mise agus mo chúram! Is sa teach sin a tógadh sinn go léir slán sábháilte ar feadh 50 bliain. Ní leomhfainn, ar mo choinsias, aon duine a chur i mbaol d’aon turas. Bhraith na tionóntaithe a bhí ann nach raibh contúirt dá laghad ag baint leis an áit…riamh. Rinne mé mo chroí díchill i gcónaí maidir le ‘dea-chleachtas’. Agus bhí tionóntaithe maithe ciallmhara agam. Ach níl aon áit 100% sábháilte ná ní bheidh go deo. Caithfidh daoine a bheith freagrach ina ngníomhartha féin. Tá sé in am na rialacha dochta daingne maidir le dóiteán a athbhreithniú. Na rialacha atá ann faoi láthair bunaíodh iad ar chás amháin in Éirinn inar loisceadh athair agus mac ina mbeatha in árasán. Ba náireach sleam-chúiseach an tiarna talún ó thaobh slándála agus sábháilteachta dó ach ní miste a lua freisin gur nochtaigh an scrúdú iarbháis go raibh leibhéal an-ard alcóil agus cócaoine i bhfuil na beirte a maraíodh. Na seomraí go léir os cionn na siopaí agus na ngnóanna ar fud na tíre beidh siad folamh ó dhaoine go deo muna ndéanfar athbhreithniú ar na rialacha sin. Níl an dara rogha ann adeir an ailtire liom ach an áit ar fad a scrios idir shíleáil, urlár, staighrí srl. Na sean-doirse breátha a chaitheamh amach agus ‘doirse tine’ a chur ina n-áit. Cuir i gcomparáid le Páras, Amsterdam srl. Pruaiseanna seangáin ar bharr an tí agus daoine ina gcónaí iontu go sona sásta agus cead a gcos acu.
    Táimidne Éireannaigh inár mbaileabhair ag rialacha atá ró-chasta, ró-uilechuimsitheach agus ag meon aigne atá ró-thláith.