Ní cúis náire é an polagamas, ní aimseoidh tú gach a bhfuil uait san aon leannán amháin! 

Gné nádúrtha den phearsantacht atá sa chlaonadh dúil a bheith agat i níos mó ná leannán amháin, mar a mhínigh síceolaí dár gcolúnaí

Ní cúis náire é an polagamas, ní aimseoidh tú gach a bhfuil uait san aon leannán amháin! 

Líon mé isteach tástáil phearsantachta an lá cheana, tástáil a chabhróidh liom go mór i mo shaol grá amach anseo – nó sin a deir mo chara, an síceolaí agus an scríbhneoir Marcelino Lopez, a chuir an tástáil chéanna i dtoll a chéile.

Saghas ‘gúrú grá’ é mo chara sna meáin inár dtír dhúchais, an Ísiltír. Tá taithí na mblianta aige mar theiripeoir caidrimh agus má éiríonn leis an togra nua atá idir lámha aige agus a bhfuil an tástáil phearsantachta seo mar bhunchloch de, ‘beidh muid saibhir fós’.

‘Muid’, óir thug mé cabhair leanúnach dó leis an eagarthóireacht ar théacs bhreis agus 300 ceist agus breis agus 1,500 freagra, in Ísiltíris agus i mBéarla. 

Nuair a bhí an obair sin críochnaithe bhí orm a bheith i mo mhuc ghuine.

Déanann an tástáil próifíliú ar na gnéithe sin de phearsantacht an duine a bhaineann le cúrsaí grá, ionas go mbeidh tuiscint níos fearr ag an duine a líonann isteach í ar na saindúshláin agus ar na saindriseacha cosáin a bheidh roimhe uair ar bith a thabharfaidh sé faoi chaidreamh.

Níor chuir an phróifíl a chruthaigh an tástáil díomsa mórán iontais ar mo chara an síceolaí. Ag deireadh an lae, tá aithne aige orm le nach mór 30 bliain anuas.

Ach bhí gné amháin ann a mheall a aird.

I measc leathchéad rud eile, oibríonn an tástáil amach cá seasann duine ar an scála aistritheach idir an monagamas agus an polagamas (nó an monaleannánachas agus an t-il-leannánachas más fearr leat), is é sin le rá, claonadh an duine dúil a bheith aige i níos mó ná duine amháin ag an am céanna.

De na muca guine ar fad ar tástáladh an tástáil orthu, ba agamsa a bhí an scór is ísle maidir le monagamas (14 faoin gcéad monagamach) agus an scór is airde maidir le polagamas (86 faoin gcéad polagamach).

Níor chuir an toradh sin oiread iontais orm féin: le fada an lá, cuirim in iúl d’aon duine a dteastódh uaidh a bheith liom gur caidreamh oscailte a bheidh in pé caidreamh a bheas eadrainn.

Ach b’oscailt súl dom an toradh ar chúis eile.

Tástáil eolaíoch a bhí anseo (a beannacht tugtha di ag Ollscoil Tilburg mura miste leat) a thug aitheantas don pholagamas mar ghnáthnós caidrimh; fianaise nach bhfuil a dhath ar bith cearr nó ait faoin gclaonadh dúil a bheith agat i níos mó ná leannán amháin ag an am céanna.

Den chéad uair, thuig mé gur claonadh pearsantachta é seo nach féidir le duine a dhath a dhéanamh faoi, ach oiread le do chlaonadh gnéis nó dúil a bheith agat i ronnaigh nó an ghráin a bheith agat ar im.

Níor chúis náire é, i bhfocail eile.

Go stairiúil, sa domhan thiar pé scéal é, bíonn droch-cháil ar dhaoine nach leor dóibh leannán amháin. ‘Ag imeacht thar claí’ a bhíonn siad, ‘i mbradaíl’ a théann siad, nó deirtear ina dtaobh go bhfuil siad ‘mídhílis’.

Ach tá sé sin ag athrú, agus ní inniu ná inné a thosaigh an t-athrú sin.

‘Ná bí ag ceapadh go n-aimseoidh tú gach a bhfuil uait san aon fhear amháin’ a dúirt mo mháthair féin liom blianta fada ó shin, thart ar an am céanna, mura bhfuil dul amú orm, is a dúirt m’athair liom go raibh cead ag mo mham ‘a cairde féin’ a bheith aici.

Is maith an rud é go bhfuil glacadh níos forleithne leis an il-leannánachas na laethanta seo: más é claonadh nádúrtha duine dúil a bheith aige i níos mó ná leannán amháin ag an am céanna, bíonn ar an duine sin a bheith mídhílis dó nó di féin má ghlacann sé nó sí le cuing an phósta (nó an chaidrimh) thraidisiúnta. Déanfaidh sé nó sí dochar dó nó di féin d’fhonn mianta monagamacha duine eile (nó na sochaí) a shásamh.

Ag an am céanna, ní mór don té a mbeadh claonadh láidir chun an il-leannánachais ann a bheith oscailte faoin ngné sin dá phearsantacht le hábhair leannáin. Ionracas an t-eochairfhocal, dar le mo chara, an gúrú grá: mura mbíonn leannáin macánta lena chéile, teipfidh ar an gcumarsáid eatarthu de réir a chéile.

‘Bíodh aithne agat ort féin’ bun agus barr an scéil: ná tabhair faoi chaidrimh nach n-oireann do do nádúr.

Fág freagra ar 'Ní cúis náire é an polagamas, ní aimseoidh tú gach a bhfuil uait san aon leannán amháin! '

  • Gearóid

    Mar a deirtear sa sheanfhocal “Bíonn adharca fada ar na mbuaibh thar lear!”

    – ach go hairithe ba laethanta seo!