Ní cuimhin le mo mháthair gur mise a mac, ná ní cuimhin léi cad is brí leis an bhfocal ‘mac’ 

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Is minic a chloisim nach ndéantar a dhóthain tráchta ar an meanapás, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil pointe maith ag na mná a mhaíonn nach ndéantar 

Ní cuimhin le mo mháthair gur mise a mac, ná ní cuimhin léi cad is brí leis an bhfocal ‘mac’ 

Ceann de na dúshláin is mó a bhí romham nuair a thug mé aghaidh ar an Ísiltír an mhí seo caite chun aire a thabhairt ar feadh seala do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ná nach dtuigeann mo mham an difear i gcónaí idir mise – a mac – agus na cúramóirí a thagann chun an tí aici trí huaire sa lá.

‘Ach an bhfuil tusa chun codladh anseo?’ a fhiafraíonn sí díom nach mór chuile oíche.

Greann a bhaint as – sin an bealach is éasca a d’aimsigh mé chun dul i ngleic leis seo.

‘Is ea,’ a fhreagraím. ‘Thuas staighre, i mo sheanseomra. Is mise do mhac! Tháinig mé amach as do bholgsa, an cuimhin leat?’

Ní cuimhin, más fianaise an fhéachaint fholamh ina cuid súl.

Ach léiríonn na comhráite a bhí agam féin agus ag mo mham faoin ábhar seo go bhfuil an scéal níos casta fós. Ní hamháin nach cuimhin léi, cuid mhór den am, gur mise a mac – ní cuimhin léi cad is brí leis an bhfocal ‘mac’ féin. Is cosúil go bhfuil dearmad déanta aici ar choincheapa na ngaolta fola. ‘Máthair’? ‘Athair’? ‘Deartháir’? ‘Iníon’? ‘Mac’? ‘Garchlann’? ‘Aintín’? ‘Uncail’? ‘Nia’? ‘Neacht’?

‘Deirfiúr’ an t-aon cheann acu, de réir dealraimh, a dtuigeann sí fós cén bhrí atá leis. ‘Mara!’ a deir sí nuair a fhiafraím dí cé hí a deirfiúr. Agus tá dealramh leis sin: tá m’aintín Mara trí bliana go leith níos sine ná mo mham agus is í an t-aon duine atá fós beo a bhfuil aithne ag mo mháthair uirthi ón lá ar rugadh í anall.

Ní bean mise ar ndóigh ach shílfeá ar bhealach go gcuimhneodh mo mham, fiú agus galar Alzheimer uirthi le tamall de bhlianta, gur rugadh beirt leanaí di; go gcuimhneodh sí ar eachtra na breithe ar a laghad, fiú murar cuimhin léi cé mise nó cé hé mo dheartháir óg go díreach. Shílfeá. Ach ní cuimhin.

Ba mhór an t-iontas a bhí orm, mar sin, nuair ba léir an oíche cheana gur thuig mo mháthair go díreach céard a bhí ag tarlú do dhuine de na cúramóirí. Bhí an triúr againn – mo mham, an cúramóir agus mé féin – díreach tar éis an dinnéar a chaitheamh.

‘Brr … tá sé fuar anseo,’ a dúirt mo mham.

‘Fuar?’ a d’fhiafraigh an cúramóir, bean i ndeireadh a cuid daichidí. ‘Tá mise ag cur allais! Tabhair lámh dom le go n-aireoidh tú cé chomh te is atá mé!’

Thug mo mháthair lámh don chúramóir trasna an bhoird agus las splanc tuisceana ina cuid súl. ‘Tá a fhios agam céard atá ag tarlú duit!’ a dúirt sí leis an gcúramóir agus dhírigh a corrmhéar ormsa. ‘Ní tharlóidh an rud céanna dósan, mar is feairín é sin,’ a lean sí uirthi leis an gcúramóir. ‘Ach is beainíní muide! Ná bíodh lá imní ort a stór, beidh sé thart i gceann cúpla bliain.’

Is minic a chloisim nach ndéantar a dhóthain tráchta ar an athrú saoil, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil pointe maith ag na mná a mhaíonn nach ndéantar. Más aon fhianaise sampla mo mháthar, is mó a sheas an tréimhse sin ina saol amach ná eachtraí na breithe clainne agus an mháithreachais féin.

Fág freagra ar 'Ní cuimhin le mo mháthair gur mise a mac, ná ní cuimhin léi cad is brí leis an bhfocal ‘mac’ '

  • Pól Ó Braoin

    Pointe maith déanta faoin athrú saoil agat, Alex, agus nach deas é na blúiríní cuimhne a bhíonn ag do mham scaití. Bain dóchas agus sásamh as na huaireanta fánacha sin nuair a thiocfaidh an solas chuici. Is léir gur grá geal do chroí í do mham.