Ní cóir dúinn dearmad a dhéanamh san fheachtas toghcháin ar cheist na neodrachta

Le cúpla bliain anuas tá an neodracht faoi ionsaí agus iarrachtaí láidre ar siúl ag iarraidh muid a cheangal níos dlúithe le NATO, agus le pleananna míleata an Aontais Eorpaigh

Ní cóir dúinn dearmad a dhéanamh san fheachtas toghcháin ar cheist na neodrachta

Agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil, agus na polaiteoirí i ngleic le chéile, is beag caint go fóill faoi cheann de na ceisteanna is tábhachtaí – an neodracht.

Le cúpla bliain anuas tá an neodracht faoi ionsaí agus iarrachtaí láidre ar siúl ag iarraidh muid a cheangal níos dlúithe le NATO, agus le pleananna míleata an Aontais Eorpaigh.

Mar bhallstát san Aontas, deirtear linn go gcaithfimid ár gcion féin a dhéanamh maidir le ‘cosaint’ na hEorpa. Agus tuigtear leis sin go gcaithfimid a bheith lánpháirteach in aon arm coiteann a chruthóidh an tAontas sa todhchaí.

Ar ndóigh bhunaigh an rialtas fóram comhairliúcháin i dtaobh na ceiste seo, ach rinne siad botún nuair a cheap siad Louise Richardson, Dame Commander of the British Empire, mar chathaoirleach ar an bhfóram agus an chumhacht aicise amháin tuarascáil an fhóraim a scríobh aisti féin.

Sa deireadh ní raibh aon chreidiúnacht ag an bhfóram.

Ach, in ainneoin go léiríonn suirbhéanna go rialta go bhfuil móramh seasmhach ann ar son na neodrachta, leanadh leis na hiarrachtaí an scéal a athrú. Ni hamháin polaiteoirí an rialtais a bhí i mbun an ghnó sin, ach nuachtáin ar nós an Irish Times, agus léachtóirí, ollscoile sna ranna staidéir Eorpacha, amhail an tOllamh John O’Brennan, in Ollscoil Mhá Nuad.

Tugtar faoin ionsaí ar dhá bhealach. Ar dtús déantar iarracht muid a náiriú trína rá go bhfuil muid ag teacht i dtír ar thíortha eile is go bhfuil muid faoina sciath chosanta siúd. An dara bealach ná eagla a chur orainn faoin mbagairt – mar dhea – atá ann don tír seo ón Rúis.

Níl a leithéid de bhagairt ann, ach is cuma.

Go fírinneach, agus an chaoi go stiúrann Micheál Martin polasaí eachtrach na tíre seo, ní féidir a rá gur stát neodrach muid i gcónaí.

Ní ghlacfadh stát neodrach seasamh gníomhach in aon chogadh nó coimhlint thar lear; bheadh stát neodrach ag iarraidh síocháin a chur chun cinn agus stop a chur le cogadh.

Ach nuair a mhol bean an Uachtaráin, Sabina Higgins, a leithéid i dtaobh chogadh na hÚcráine is beag nár thit an spéir anuas uirthi is cáineadh go fíochmhar í.

B’fhéidir nach dtuigeann an rialtas é ach tá difear idir a bheith claonta maidir le scéal ar bith agus a bheith neodrach sa gcogadh féin.

Sa domhan mar atá inniu tá géarchéimeanna eiseacha os comhair an chine dhaonna go léir, lena n-áirítear an t-athrú aeráide tubaisteach, coireanna cogaidh agus cogaí acmhainní san Eoraip agus san Afraic, cinedhíothú i nGaza, géarchéimeanna iomadúla dídeanaithe, agus suaitheadh polaitiúil go hidirnáisiúnta.

Mar a dúirt an t-iarcheannfort airm, Ed Horgan san Irish Examiner, de réir a chéile tá rialtais na hÉireann ag creimeadh beartais thraidisiúnta na hÉireann maidir le neodracht ghníomhach agus cur chun cinn an cheartais dhomhanda. Ní stát neodrach ceart muid a thuilleadh agus tá muid dulta isteach i mí-úsáid chumhachta leis an Iarthar in aghaidh an chuid eile den chine daonna.

Tá sé sin ag teacht salach ar leas na hÉireann agus leas dhaonnacht na hÉireann trí chéile. Tá an ‘t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe’ bréagach curtha in ionad riail fhírinneach an dlí idirnáisiúnta atá bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe.

San ord nua seo is iad tíortha an Iarthair a dhéanann na rialacha, agus a bhriseann iad go rómhinic nuair a oireann sé dóibh, in ionad seasamh le fíordhlí agus leis an ord idirnáisiúnta.

Ach is léir, má thagann páirtithe an rialtais reatha ar ais i gcumhacht go dtreiseofar ar na hiarrachtaí le muid a dhlúthú le NATO agus le gach gné den chomhghuaillíocht chosanta san AE, an tArm Eorpach ina measc.

Níl fianaise ar bith ann go bhfuil a leithéid ag teastáil ó mhuintir na hÉireann, ach mura bpléann muid an cheist le linn an fheachtais toghcháin seo, is mura gceistíonn muid na polaiteoirí faoi cé acu a bhfuil siad ar son na neodrachta, go huile is go hiomlán, nó ina haghaidh, nó i bhfabhar leagan truaillithe den neodracht nach neodracht a thuilleadh í i ndáiríre, creimeadh breise a dhéanfar uirthi.

An bhfuil daoine sásta go mbeadh a gclann ag fáil bháis i gcogaí in Oirthear na hEorpa ag cabhrú le NATO, san Afraic ag cabhrú leis an bhFrainc a seanréimeas a thabhairt ar ais, sa Mheánoirthear le hIosrael a chosaint, nó áit ar bith eile ar domhan le luachanna (is ionann iad agus brabús) an Iarthair a chosaint?

Má ligeann muid an neodracht uainn, is lú an stádas a bheidh ag an tír seo ar fud an domhain agus is lú freisin an ceangal a bheidh idir muid agus lorg an neamhspleáchais roimhe seo.

Fág freagra ar 'Ní cóir dúinn dearmad a dhéanamh san fheachtas toghcháin ar cheist na neodrachta'

  • Gabriel Rosenstock

    Aontaím. Agus ní bhaineann NATO leis an Eoraip amháin. Bhí comhghuaillithe NATO ag troid san Afganastáin ar feadh scór bliain, nach mór. Tuilleadh eolais sa leabhar Pride and Fall: The British Army in Afghanistan 2001 -2014 le Sergio Miller.