‘Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!’ – bonn airgid ar a laghad buaite ag Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha

Agus áit sa Táin cheana féin aici, tá seans anois ag Kellie Harrington ar bhonn óir a bhuachan Dé Domhnaigh

‘Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!’ – bonn airgid ar a laghad buaite ag Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha

Kellie Harrington ag ceiliúradh a bua ar maidin. ©INPHO/James Crombie

Tá bonn airgid ar a laghad buaite ag an dornálaí Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus an beart déanta aici ina babhta leathcheannais sa staid Ryogoku Kokugikan ar maidin.

Fuair Harrington, arb as Rae Portland, sa gceantar thoir thuaidh de lár na príomhchathrach di,  an ceann is fearr ar Sudaporn Seesondee na Téalainne.

Chuir bean na hÉireann tús mall leis an dtroid ach bhí sí go mór istigh léi féin ina dhiaidh sin, í ag freagairt ionsaithe Seesondee le húic shlachtmhara.

Taispeántas an-chumasach a bhí ann agus i bhfeabhas a chuaigh sí de réir mar a chuaigh an troid ar aghaidh.

Bua ar phointí de bhreith mhóraimh a bhí aici sa deireadh.

Agus áit sa táin cheana féin aici, tá seans anois ag Harrington ar bhonn óir a bhuachan Dé Domhnaigh.

Tabharfaidh sí aghaidh sa bhabhta ceannais ar Beatriz Ferreira na Brasaíle, a raibh bua bog aici ina babhta ceannais siúd in aghaidh Mira Potkonen na Fionlainne.

Dúirt Harrington gur deas léi údar ceiliúrtha a thabhairt do dhaoine.

“Is léir gur gaisce mór a atá ann ach déarfaidh mé an méid seo leat, is cuma cén dath atá ar an mbonn ach aoibh an gháire a chur ar mhuintir na tíre. Bíodh an bua agam inniu nó ná bíodh déarfainn leo a bheith gealgháireach i gcónaí mar is iontach an t-aistear é agus tá sé iontach ar fad a bheith in ann ardú meanman a thabhairt do dhaoine.

“Tuigim nach bhfuil cuma an-sásta ar fad orm ach sin agat na mothúcháin go léir atá ionam…Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!”

Kellie Harrington na hÉireann in aghaidh Sudaporn Seesondee na Téalainne  ©INPHO/James Crombie

Dúirt sí le RTÉ gur troid theaicticiúil a bhí ann in aghaidh bhean na Téalainne.

“Throid mé in aghaidh Sudaporn i mbabhta ceannais an domhain in 2018 agus breith mhóraimh 3-2 a bhí ann an uair sin,  ní raibh mórán eadrainn. Cluiche fichille a bhí ann an uair sin agus cluiche fichille a bhí ann arís inniu. Is iontach an bhean í.”

Tá Harrington ag súil go mór leis an mbabhta ceannais Dé Domhnaigh.

“Troid mhór a bheidh ann. An rud a bheidh, beidh sé. Beidh sé iontach… tá mé ag súil leis. Labhróidh mé leis na cóitseálaithe faoi, labhróidh mé le Noel Burke faoi, agus déanfaimid plean a cheapadh…”

“Faoi mar a deir mo dheartháir, ní bhíonn slua mór ann an míle deireanach den bhóthar. Sin mar a bhraitheann sé uaireanta, bíonn sé uaigneach. Ach sin an difríocht is dócha – a bheith ábalta fanacht inti agus coinneáil ort.”

“Hakuna Matata” a dúirt Kellie Harrington ag deireadh a hagallaimh agus í ag déanamh gáire.

Frása Svahaílise é sin atá le cloisteáil sa scannán The Lion King agus atá mar chineál mana aici ag na cluichí.

‘Ná bíodh imní ort’ nó ‘Tóg go bog é’ a chiallaíonn sé.

Fág freagra ar '‘Ní chreidim a bhfuil ag tarlú!’ – bonn airgid ar a laghad buaite ag Kellie Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha'