Tá RTÉ luite amach orthu féin le tamall le cnuasach cláracha dá sraith Decade of Centenaries [Deich mBliana na gComórthaí]. Déanann na cláracha seo cíoradh ar eachtraí móra staire an oileáin céad bliain ó shin. Ba i mí Bealtaine 1921 a tháinig críochdheighilt na hÉireann i bhfeidhm agus ar an Luan craoladh Border Lives (RTÉ1).
Chaith Miriam O’Callaghan tréimhse mar thuairisceoir ó thuaidh agus meabhraíonn sí féin dúinn go bhfuil sí pósta ar fhear ó Bhéal Feirste. Tugann seo tuiscint áirithe di ar shaol thuaisceart Éireann agus muintir na teorann. Ní hamhlaidh do gach duine, go mór mór an dream ó dheas agus coimhthíos á dhéanamh acu leis na sé chontae.
Céad bliain ó shin chuaigh daoine a chodladh i dtír amháin agus dhúisíodar i gceann eile. Cuid acu ina ndíthreabhaigh ó dheas, an t-uafás ina ndíthreabhaigh ó thuaidh. Deineadh teaghlaigh, pobail, bailte is gabháltais a scoilt. Ó shin i leith tá an gnáthphobal ag iarraidh a gcrústa a thuilleamh in éadan an tseicteachais, an fhoréigin agus na héagothroime.
Ag tús an chláir téimid go baile beag Paiteagó atá ar an teorainn idir Dún na nGall agus Fear Manach mar aon le bheith cóngarach do Thír Eoghain. Deineadh an baile beag seo a scoilteadh ina dhá leath agus in ábhar cartlainne cítear corp á aistriú ó adhlacóir amháin go hadhlacóir eile. Deireadh Eugene McCabe, a raibh tigh a mhuintire suite ar an teorainn idir Muineachán agus Fear Manach, go gcodlaíodh a mháthair lena ceann sa deisceart agus a tóin sa tuaisceart. Bhí nia Eugene, Darach MacDonald ag trácht ar an tslí go mbíodh ar Eugene taisteal dhá mhíle dhéag le dul go Cluain Eois, baile nach raibh ach míle slí uaidh. Sa deireadh dhein sé a dhroichead beag féin, a Khyber Pass féin, a thógaint ar a thalamh féin. Fuaireas an-bhlas ar na míreanna seo.
Is minic é ráite gur liobarnach an teorainn í agus í tarraingthe ar nós cuma liom ar mhapa. Go deimhin tá an teorainn chomh hait sin gur dhóigh leat go raibh na súile dúnta nuair a bhíothas á tarraingt ar an mapa.
B’ait liom gur thosaigh an clár ag caint faoi théamaí níos ginearálta agus faoin saol go ginearálta sa dá dhlínse, ó thuaidh is ó dheas. Tráchtadh ar shaighdiúirí Mheiriceá a bheith i dTuaisceart Éireann i rith an Dara Cogadh Domhanda, mná a bheith ag obair i dtionscal an línéadaigh i nDoire agus an droch-chóiríocht sa gcathair chéanna. Ní hé nach raibh na scéalta seo tábhachtach nó suimiúil ach ba gheall le clár eile ar fad iad na míreanna seo.
B’ait liom chomh maith agus na tríochaidí, daichidí agus caogaidí idir chamáin gur cinneadh an clár a thabhairt chun críche ag tús na dTrioblóidí. Nárbh í sin an tréimhse ba shuaite agus b’achrannaí ó thaobh na teorann? Clár suimiúil ach níor chathair mar a tuairisc í.
Fág freagra ar 'Ní cathair mar a tuairisc í Border Lives'