Ní armlón breise ach cainteanna síochána atá a dhíth san Úcráin

Níl bua i ndán don Úcráin is a luaithe a chuirfear deireadh leis an gcogadh is fearrde muid uilig é

Ní armlón breise ach cainteanna síochána atá a dhíth san Úcráin

Henry Kissinger

Bhuel, chuir Henry Kissinger an sionnach i measc na gcearc leis an méid a bhí le rá aige in Davos ag cruinniú den G7. Dúirt an t-iarstátaire clúiteach go lom nach cóir ligean don chogadh san Úcráin leanúint ar aghaidh is gur chóir cainteanna síochána a bheith ann – agus é intuigthe ina chuid cainte go mba chóir don Úcráin comhghéilleadh mór a dhéanamh.

Ba é ról cuí na hÚcráine, a dúirt sé, a bheith ina stát neodrach eadránach seachas a bheith ina stát teorann idir an Eoraip agus an Rúis.

Níor thaitin a chuid cainte ar ndóigh leo siúd a dteastaíonn uathu go leanfaí leis an gcogadh is go háirithe leo siúd atá gafa ag an seachmall go bhféadfadh an bua a bheith ag an Úcráin. Tá raiméis den chineál seo le léamh go rialta i meáin an iarthair, ach san idirlinn tá níos mó is níos mó de chríocha Donbas agus an cósta ag teacht faoi cheannas na Rúiseach.

Is léir nach bhfuil aon deifir ar na Rúisigh, mar in ainneoin na bolscaireachta ní theastaíonn uathu go mbeadh sibhialtaigh ag fáil bháis go tiubh más féidir é sin a sheachaint, go háirithe sna críocha sin a mbreathnaíonn siad orthu mar chríocha de chuid na Rúise.

Ach diaidh ar ndiaidh, tá ag éirí leo a gcuid aidhmeanna a bhaint amach.

Ag deireadh thiar ní cabhair ar bith don Úcráin iad a ghríosú chun leanúint leis an gcogadh agus tuilleadh armlóin a thabhairt dóibh. Is cainteanna atá de dhíth, ionas gur féidir cibé atá le sábháil a shábháil.

Dá mbeadh cainteanna ann anois, bheadh Donbas caillte cinnte chuirfí iachall ar an Úcráin fanacht amach ó NATO agus gan ionaid mhíleata le diúracáin a cheadú sa tír. Ach bheadh seans acu greim a choinneáil ar Odessa agus an ceantar cósta sin, cé gurb é Odessa an chathair is mó san Úcráin a bhreathnaíonn go fabhrach ar an Rúis.

Mura ndéantar sin, beidh na críocha sin faoi cheannas na Rúise ar deireadh thiar, agus an Úcráin fágtha scriosta.

Ar ndóigh, níl an oiread sin spéise ag Kissinger i leas mhuintir na hÚcráine, nó i ngnáthmhuintir aon stát ar domhan. Tá sé buartha toisc go bhfuil an polasaí a bhrúigh sé féin chun tosaigh ar feadh na mblianta á chaitheamh ar leataobh ag réimeas Biden.

Ba é Kissinger ailtire an pholasaí go gcothófaí scoilt idir an Rúis agus an tSín, agus is léir go bhfuil an dá stát sin á mbrú le chéile ag polasaí Biden, cibé leisce a bheadh orthu murach sin.

Mar shampla, agus Biden sa tSeapáin le haghaidh cruinniú de Quad [SAM, an tSeapáin, an India agus an Astráil], labhair sé go bagrach in aghaidh na Síne. Agus é fós ansin, rinne an tSín agus an Rúis comhchleachtaí míleata lena gcuid cabhlach agus aerfhórsaí – léiriú cinnte go bhfuil an dá stát ag seasamh le chéile.

Bíonn urlabhraí NATO, Jens Stoltenberg, ag caint faoi leathnú NATO (má ghéilleann an Tuirc don bhrú), ach tá eacnamaíocht na hEorpa i mbéal a scriosta leis.

Is cosúil, ámh, nach dtabharfaidh rialtas Biden mórán airde air, mar sé an polasaí atá á chur ar aghaidh anois ag Victoria Nuland agus a fear céile Robert Kagan (atá ag stiúradh polasaí Biden) ná an Rúis a scaradh amach óna tíortha máguaird.

Ach cé go bhfuil ag éirí leis an bpolasaí sin ó thaobh bolscaireachta de san Eoraip (agus cinnte anseo in Éirinn), níl glacadh chomh mór leis sa domhan mór. Ní maith le móramh na stát go ndearnadh ionradh ar an Úcráin, ach tá go leor ann nach bhfuil sásta glacadh le cur chuige na smachtbhannaí, an India, atá bainteach leis an Quad, ina measc.

Tá iris an Economist ag gearán go bhfuil ag éirí leis an Rúis ar na meáin shóisialta taobh amuigh den Eoraip tuairimíocht an phobail a thabhairt leo. Agus tá scuaine ann ag fanacht ar dheis leas a bhaint as na smachtbhannaí le conarthaí nua a dhéanamh leis an Rúis le haghaidh ola, gás, leasachán talún is cruithneacht.

Fiú san Eoraip tá an t-amhras ag dul i méid. Sa nGearmáin tá lucht tionscal is lucht cheardchumann aontaithe nach féidir stop a chur le gás a thabhairt isteach ón Rúis. Tá an Ungáir ag diúltú glacadh le bac ar ola na Rúise mura bhfeiceann siad airgead Eorpach ina gcuntais le hiad a chosaint ar chostas an bhaic, agus, deir an Daily Telegraph i Sasana go bhfuil cuma chráite ar aontacht na hEorpa faoin scéal.

Ach is éasca ‘troid go dtí an tÚcránach deireanach’, mar ní hé Meiriceá atá á scrios ná ní hiad muintir Mheiriceá atá ag fáil bháis.

Lena rá go lom, níl bua i ndán don Úcráin is a luaithe a chuirfear deireadh leis an gcogadh is fearrde muid uilig é.

Fág freagra ar 'Ní armlón breise ach cainteanna síochána atá a dhíth san Úcráin'

  • Concubhar

    Bolscaireacht Phutineach mar a bheinn ag súil leis.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    🏳🏳🏳🏳🏳🏳

  • Art

    Eoin Ó Murchú 14 Feabhra ar Twitter: Russia has no intention of invading Ukraine (what purpose could such an invasion have). But the US is now presenting a false flag narrative. Real danger that US agents could attack Donbass to provoke a reaction and then condemn Russia and stop Nordstream2.

  • Séamus

    “in ainneoin na bolscaireachta ní theastaíonn uathu go mbeadh sibhialtaigh ag fáil bháis go tiubh más féidir é sin a sheachaint”

    D’fhéadfadh rialtas na Rúise cinntí eile a dhéanamh agus bealaí eile a thógáil ag go leor pointí i bliana, da mba rud é gur ba thoil leo básanna sibhialtach a sheachaint.

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Maidin Luan agus 5.15 am – gliogarnach cú na Rúise ó Eoin arís linn – nach fearr a oireadh an bóthar abhaile d’airm na Rúise don síochán ná cainteanna faoi bagairt Putin

  • Sinead

    Ar shiuil leis an gcinsireacht. Je suis Eoin.

  • Garbhánach

    Is furasta an teachtaire a lochtú.

    Ach ní mór a rá go bhfuil an cogadh ann de bharr teip iomlán taidhleoireachta ar thaobh mhórchumhachtaí iarthar na hEorpa agus ar thaobh an Aontais Eorpaigh, agus de bharr beartaíocht mhailíseach ar thaobh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus saontacht na hEorpa i bhfianaise na beartaíochta céanna. De bharr an méid sin agus, roimhe sin arís, teip na ráthóirí maidir le cur chun feidhme chomhaontaithe Mhionsc. Níor fágadh de rogha ag Púitin ach an rud a dhéanamh a bhí ECAT a dhéanamh cheana i.e. airm a chur ar an teorainn, ar a thaobh féin di, le súil go dtabharfadh sin ar chumhachtaí an Iarthair a ndualgas a dhéanamh i leith chomhaontaithe Mhionsc. Níor tugadh aon aird air, mar níor oir sé do na gríosaitheoirí cogaidh aon aird a thabhairt air.

    Agus tá an chuma air go bhfuil an Rúis ag buachaint an chogaidh seo.

    Bíonn an fhírinne searbh… agus garbh sa chás seo.

  • Antóin

    Dar le hEoin nach mbeidh an bua ag an Úcráin, go bhfuil ag éirí leis na Rúisigh a gcuid aidhmeanna a bhaint amach, nach dteastaíonn ó na Rúisigh go mbeadh sibhialtaigh ag fáil bháis, go bhfuil cainteanna de dhíth, go gcaillfidh an Úcráin gan iad, go mbeidh ar NATO fanacht amach as an tír, go mbeidh an tír faoi cheannas na Rúise ar deireadh thiar, nach bhfuil an oiread sin spéise ag Kissinger i leas mhuintir na hÚcráine, go bhfuil scuaine ann ag fanacht ar dheis leas a bhaint as na smachtbhannaí le conarthaí nua a dhéanamh leis an Rúis le haghaidh ola, gás, leasachán talún is cruithneacht, nach é Meiriceá atá á scrios ná nach iad muintir Mheiriceá atá ag fáil bháis, nach bhfuil bua i ndán don Úcráin agus gur fearrde muid uilig ach deireadh a theacht leis an gcogadh.

    Is deacair gan aontú leat a Eoin.

  • Concubhar

    Na daoine a sheasann le seasamh Eoin, go gcaithfidh an tír sin talamh a ghéilleadh don Rúis, caithfidh siad a thuiscint gur dhein an Rúis ionradh mídhleathach ar an Úcráin, go bhfuil siad i mbun feachtais cine dhiothaithe in éadan pobal na hÚcráine, go bhfuil sé mar chuid de pholasaí Arm na Rúise tairgeadú a dhéanamh ar scoileanna, oisbidéil agus bomneagar sibhíalta na tíre, go bhfuil an Rúiseacha ag sléachtú is ag éagnú sibhialtaigh na hÚcráine. Is féidir leo bheith ag iarraidh SAM agus an iarthar a lochtú an oiread is ar mhaith leo. Tá an locht ar Phutin agus an Rúis. Ní miste liom go mbeadh cead cainte ag Eoin ar Tuairisc, thugas ardán do i laethannta fadó agus mé ag eagarthóireacht Lá/Lá Nua. Ón méid atá feicthe agam, níl aon cholúnaí eile ag Tuairisc ag tabhairt freagra do ar bhonn rialta.

  • Art

    10,000-20,000 saighdiúr Rúiseach marbh go dtí seo. An Fhionnlainn agus an tSualainn ag iarraidh dul isteach i NATO chun iad fhéin a choiméad slán ón Rúis. Fórsaí NATO ag neartú ar fud teorainn na Rúise mar fhreagairt d’ionradh na hÚcráine. Airm na Rúise náirithe ós comhair an domhain san iarracht an Úcráin ina iomláine a ghabháil. Gan fios cé mhéad de na daoine a raibh siad ag ‘fuascailt’ maraithe acu – ar a laghaid na mílte ach is dócha na deicheanna de mhílte. Céasadh. Sibhialtaigh curtha chun báis. Éigniú. Creachadh. Mariopol ‘fuascailte’ (ie Smionagar déanta de agus an cuid is mó den daonra díbrithe). Deireadh go deo le cairdeas agus bráithreachais idir an Rúis agus an Úcráin. Fuath don Rúis préamhaithe san Úcráin do na glúinte atá le teacht. Daingniú náisiúnachais na hÚcráine. Deireadh le saoirse cainte sa Rúis. Deireadh le meáin neamhspléacha sa Rúis. Brain drain de dhaoine óga ón Rúis. Géarú ar an titim leanúnach i ndaonra na Rúise. An Rúis caite amach as imeachtai spóirt agus cultúrtha, Na milliún ar fud an domhain i mbaol gorta mar gheall ar chosc na Rúise ar chalafoirt na hÚcráine.

    Seo an cuma atá ar ‘bua’ sa chogadh seo don Rúis.

  • Seán Ó Briain

    Náireach