‘Ní ábhar imní é seo d’Éirinn amháin ach don Eoraip’ – Tacaíocht léirithe i bParlaimint na hEorpa d’achainí faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht

Rinneadh cás na Gaeltachta a chur faoi bhráid polaiteoirí agus oifigigh ón Aontas Eorpach agus tacaíocht láidir léirithe d’achainí faoin tslí a bhfuil an ghéarchéim ag goilleadh ar mhuintir agus ar cheantair na Gaeltachta

‘Ní ábhar imní é seo d’Éirinn amháin ach don Eoraip’ – Tacaíocht léirithe i bParlaimint na hEorpa d’achainí faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht

Tá geallta ag tascfhórsa nua de chuid an Aontais Eorpaigh go ndéanfar iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.

Rinneadh cás na Gaeltachta a chur faoi bhráid polaiteoirí agus oifigigh ón Aontas sa mBeilg agus léiríodh tacaíocht láidir d’achainí faoin tslí a bhfuil an ghéarchéim ag goilleadh ar mhuintir agus ar cheantair na Gaeltachta agus ar an teanga.

Na grúpaí feachtais tithíochta, Tinteán agus Bánú, a chuir an achainí faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhpháirt leis an bhFeisire Eorpach, Cynthia Ní Mhurchú agus Conradh na Gaeilge.

Léirigh Feisirí Eorpacha ó fhormhór na bpáirtithe sa bparlaimint tacaíocht don achainí agus béim á cur ar an nasc idir cúrsaí tithíochta agus cúrsaí cultúir agus teanga.

Dúirt Matthew Baldwin, ardstiúrthóir i gCoimisiún na hEorpa agus ceannaire tascfhórsa tithíochta sa gCoimisiún, gur “ceist an-tábhachtach” a bhí á plé. Dúirt Baldwin go raibh fadhb ann ar fud na hEorpa agus praghsanna tithe ardaithe breis is 20% le deich mbliana anuas ach gur chruthaigh easpa tithíochta in áiteanna cosúil leis an nGaeltacht deacrachtaí ar leith.

“Léiríonn na ceisteanna tábhachtacha a ardaítear san achainí seo go mbíonn iarmhairtí i bhfad níos mó ar an ngéarchéim tithíochta seachas cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta agus go mbíonn tionchar ag an ngéarchéim sin freisin ar iarrachtaí teanga agus cultúr a chaomhnú.

“Sílim go gcaithfimid glacadh leis gur dúshlán suntasach é sin i gceantair Ghaeltachta na hÉireann, mar a bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr láidir agus gurbh amhlaidh a bhí riamh.

Tá an brú ón ngéarcháim tithíochta ag géarú sna réigiúin seo, agus ní in Éirinn amháin atá sin ag tarlú ach ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad, agus sílim gur cheart dúinn a aithint go bhfuil sin ag cur na dtraidisiúin chultúir riachtanacha sin i mbaol.”

Dúirt Baldwin nach bhfuil ach “limited legal remit” ag Coimisiún na hEorpa agus gur ar na ballstáit féin agus ar údaráis áitiúla go príomha atá an dualgas maidir le cúrsaí tithíochta.

“That said, we are looking to see where we can add value at a European level,” a dúirt sé.

Dúirt Baldwin go raibh sé de phribhléid aige casadh le grúpa “mór agus glórach” ón nGaeltacht mí an Mhárta chun cúrsaí tithíochta a phlé agus go raibh súil aige tuilleadh eolais a fháil ar an scéal.

Dúirt sé go raibh comhairliúchán le cur ar bun go luath ar cheist na tithíochta san Eoraip.

Dúirt an Feisire Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil go raibh an ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht ag cur “brú mallaithe” ar dhaoine óga imeacht óna gceantair dhúchais agus gur “fíortheist” ar an Aontas a bhí sa scéal agus go gcaithfí gníomh a dhéanamh.

“Tá gá le maoiniú Eorpach ón gciste don bhforbairt réigiúnach agus tuilleadh chun an fhadhb seo a leigheas agus gá le tuilleadh comhoibrithe le rialtas na hÉireann faoi na deacrachtaí a luaigh mé.”

Bhí Fredis Belleris (An Ghréig), Pál Szekeres (An Ungáir), Ivaylo Vulchev (An Bhulgáir), Vicent Marzà (An Spáinn) agus Nils Ušakovs (An Laitvia) ar na Feisirí eile a thacaigh leis an achainí.

“Caithfidh mé a rá nach ceist náisiúnta d’Éirinn í seo ach ceist don Eoraip ar fad,” a dúirt Ušakovs.

“Is ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus is cinnte go bhfuil cosaint na teanga ina cuid de choimitmint an AE don éagsúlacht teangacha agus cultúr. Mar sin tugaim tacaíocht láidir don achainí seo go ndéanfadh an tAE beart chun an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a chosaint.”

D’iarr Ušakovs go dtabharfadh Coimisiún na hEorpa freagra scríofa ar an achainí agus go dtabharfaí cuireadh do Choiste Forbartha Réigiúin agus do Choiste Tithíochta na Parlaiminte a dtuairim ar an scéal a thabhairt chomh maith.

Fágadh an achainí oscailte agus freagra scríofa le teacht ó Choimisiún na hEorpa uirthi.

Agus í ag cur na hachainí i láthair, dúirt Adhna Ní Bhraonáin go bhfuil “saibhreas teanga, cultúir, ceoil, ealaíne agus ceardaíochta” na Gaeltachta faoi bhagairt ag fadhb na tithíochta agus dúshláin mhóra roimh dhaoine áitiúla atá ag iarraidh teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos go fadtéarmach.

“Mar thoradh ar léirscrios an choilíneachais chultúrtha agus an t-imeallú leanúnach eacnamaíoch agus sóisialta, níl fágtha in Éirinn ach corrcheantar ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha an phobail go fóill,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide. “Mura ndéanfar gníomh práinneach, is bánú amháin a bheidh i ndán do na ceantair seo freisin,” a dúirt Ní Chinnéide.

Fág freagra ar '‘Ní ábhar imní é seo d’Éirinn amháin ach don Eoraip’ – Tacaíocht léirithe i bParlaimint na hEorpa d’achainí faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht'