N’fheadar an féidir Donald Trump a stopadh

Faraor géar ní haon iontas go dtarlódh iarrachtaí an Trumpach a chur den saol – agus ní haon iontas go ndéanfadh a fheachtas iarracht teacht i dtír ar na heachtraí céanna

N’fheadar an féidir Donald Trump a stopadh

Dá mbeadh drochmhianach ionat agus dá dteastódh uait conspóid a chothú, thiocfadh leat amhras a tharraingt ar an iarracht a rinneadh Dé Domhnaigh Donald Trump a fheallmharú, an dara hiarracht le dhá mhí anuas.

Thiocfadh leat a áitiú, mar shampla, gur tharla an iarracht is déanaí Trump a chur den saol ag am a raibh poiblíocht de chineál ar bith ag teastáil go géar ón bhfear céanna, toisc nár chruthaigh sé go rómhaith sa díospóireacht teilifíse lena chéile comhraic Kamala Harris an Mháirt roimhe sin.

Ach ní hionann agus an chéad iarracht Trump a fheallmharú, ar an 13 Iúil in Butler, Pennsylvania, níor chothaigh an dara hiarracht seo ag galfchúrsa Trump in West Palm Beach, Florida aon ghrianghraif a rachaidh i gcionn ar an lucht vótála.

An iarraidh seo, ní raibh fuil ná strainceanna le feiceáil; go deimhin ní fhaca mise aon phictiúir de Trump féin leis na tuairiscí faoin iarracht é a chur den saol Dé Domhnaigh. Grianghraif de mhálaí droma ar crochadh d’fhál, agus cúpla ceann d’aghaidh an té atá gafa maidir leis an iarracht, Ryan Wesley Routh – sin é an méid a chonaic muid.

Fear gunna gafa agus á fhiosrú i ndiaidh iarracht Donald Trump a fheallmharú

I bhfocail eile, dá dteastódh uait a mhaíomh gur beart bolscaireachta a bhí san iarracht is déanaí seo Trump a fheallmharú, bheadh lúb mhór ar lár i do scéal: dá mba chur i gcéill a bheadh i gceist, bheifeá ag súil le raidhse ábhar físiúil.

Lena chois sin, faraor géar ní haon iontas go dtarlódh a leithéid d’eachtraí i dtír ina bhfuil fáil chomh héasca sin ar ghunnaí agus atá scoilte chomh mór sin ó thaobh na polaitíochta de.

Ach ní haon iontas ach oiread, gan dabht, go bhfuil feachtas Trump ag teacht i dtír ar na heachtraí céanna. Mar a dúirt an Poblachtánach Mike Johnson, Ceann Comhairle Theach na nIonadaithe ar X Dé Domhnaigh: ‘Ní dhearnadh oiread ionsaithe ar cheannaire ar bith eile i stair Mheiriceá agus níor thaispeáin éinne an teacht aniar céanna. Ní féidir é a stopadh.’

An féidir Donald Trump a stopadh? Cé go raibh an lámh in uachtar ag Kamala Harris sa díospóireacht teilifíse ar ABC an tseachtain seo caite, tá an tuairim choitianta ann nár éirigh le hiarrthóir na nDaonlathach dul i gcionn a dóthain ar vótóirí nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill. Agus ní bhfaighidh sí deis dá leithéid arís: tá diúltaithe ag Trump páirt a ghlacadh in aon díospóireacht bheo eile.

Anuas air sin, i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinneadh Trump a chur den saol, tá srianta á gcur leis an méid teagmhála a bheidh ag Harris féin leis an lucht vótála.

Agus ar an drochuair do Harris, is iad na vótóirí sin nach bhfuil a n-aigne déanta suas acu go fóill a dhéanfaidh an difear: faoi láthair níl ach oiread na fríde idir í féin agus Trump sna pobalbhreitheanna.

Fág freagra ar 'N’fheadar an féidir Donald Trump a stopadh'

  • JP

    ‘He is unstoppable.’
    Táthar a d’iarraidh miotas a chruthú anois ní hamháin go bhfuil SÉ ‘unstoppable’ ach go bhfuil SÉ Do-Mharaithe.
    Níl anseo ACH an dara hiarracht, chomh fada lem eolas, ar É a mharú!!?
    Más É an Trúmpach an ceannaire is mó go ndearnadh ionsaithe AIR i stair na tíre sin dar le Mike Johnson canathaobh nár chualamair faic mar gheall orthu? Gur coimeádadh fé rún iad?
    Nár dhó’ leat go mbeadh na Trúmpaí á séideadh go hard sna firmimintí mar gheall ar na hionsaithe sin?
    Aird a tharraingt AIR ós na hArda? Tuilleadh poiblíochta don TÉ rí-órga atá Do-Mharaithe?
    Ach cén sciath chosanta atá Aige, meas tú?
    An é an Luan Laoich sin go dtráchtar air i seanlitríocht na hÉireann é?
    Arb é a mhacashamhail chéanna atá ag gárdáil Trump
    .i. an stuaic eadarbhuasach sin a ndéanann SÉ oiread cúraim is cáiréise di ach a n-éiríonn SÉ gach maidin?
    Gach uile mhaidin bheo?
    Go gcaitheann SÉ oiread duaidh is duainéise is ama léi, mar adúirt SÉ féin?
    Agus ar chuma laochra móra na seanreachta an gceapann SÉ go n-ídeófaí A chomhacht dá huireasa?
    Go gcoillfí É?
    Cuimhnímis ar Samson bocht…
    Is UACHTARÁN É an Trúmpach cheana féin dar leis an íochtarán Mikeen Johnson.
    An TÉ atá roghnaithe agus É ag siúl inár measc!