Neosfaidh an aimsir an ndearna na himreoirí eagóir ar Anthony Cunningham

Beidh méadú as cuimse anois ar an mbrú a bheidh ar na himreoirí a chruthú dóibh fhéin agus don phobal gurb iadsan a bhí ceart

Anthony Cunningham. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Anthony Cunningham. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá seans ann go mba dhubh go maith a bhí croí Anthony Cunningham nuair a leag sé a chloigeann ar an bpiliúr san oíche Dé Luain seo caite. Ní raibh de rogha aige ach an bhratach bhán a ardú. An cath caillte agus gan an teacht aniar ná an acmhainn ann an fód a sheasamh níos faide.

Mar sin féin, chuirfinn geall gur fearr a chodail an Cuinneagánach an oíche sin agus ó shin ná a rinne sé le tamall maith roimhe – b’fhéidir fiú ón am a ndeachaigh sé i mbun an chúraim ar éirigh sé as níos luaithe an tráthnóna sin.

Caithfear trua a bheith agat d’Anthony. Fear ionraic, gnaíúil, macánta, uasal é. Déarfainn de réir nádúir nach go réidh a thiocfadh an cineál cainte a chualathas uaidh agus é ag éirí as – trácht ar dhul amú a bheith ar imreoirí; a n-easpa measa agus dílseachta; a ‘kangaroo court decisions’; agus iad a bheith ag tochras ar a gceirtlíní féin.

Ní raibh na deora i bhfad óna chuid súl agus é ag caint ar theilifís RTÉ an tráthnóna sin, rud a bhog a gcroíthe siúd ba láidre a bhí á cháineadh fiú, cheapfainn. Deireadh brónach ar scéal nach bhfuil a fhios ag an bhformhór againn céard ba chúis leis.

Gan dabht, a luaithe agus a chuir tromlach na n-imreoirí a bhí faoina chúram in iúl nach raibh aon mhuinín acu as, bhí sé in am ag Anthony Cunningham bóthar a bhualadh. Ná habair liom nach raibh a fhios sin aige. Fear éirimiúil é a bhfuil imirt agus bainistíocht déanta aige ag an leibhéal is airde agus, dá bharr sin, a thuigeann an chailicéireacht a bhíonn ar siúl i seomraí feistis.

Cén fáth mar sin ar choinnigh sé greim an fhir bháite ar a chúram chomh fada agus a rinne sé?

Baineann freagra na ceiste sin gan aimhreas le mianach na lochtanna a fuair tromlach a chuid imreoirí air agus, níos tábhachtaí fós, leis an mbunús a bhí leo, ar an gcruthúnas a bhí acu air sin, nó a mhalairt.

Ar an drochuair, níl a fhios againne céard iad féin agus níl muid in ann barúil a thabhairt dá bharr. Riamh go dtí seo, ní fhaca mé bunchúiseanna aighnis coinnithe chomh mór faoi rún.

Stíl gluaisteachta an ainmhí, a thaistealaíonn ó léim go léim (gan bacadh le coiscéimeanna leanúnacha), is cúis leis an téarma ‘kangaroo court’. Ansiúd téitear de léim ón gcoir go dtí an pionós (gan bacadh le fianaise). B’fhéidir go bhfuil sé beagán géar sa gcás áirithe seo agus gur córa a rá gur ‘i gcúirt iata’ nó in camera a héisteadh an cás. Pé brí acu é, ní fhágann sé níos éasca agamsa ná agatsa é an scéal a mheas.

Rud amháin atá thar a bheith soiléir, áfach, is ea go mbeidh méadú as cuimse anois ar an mbrú a bheidh ar na himreoirí a chruthú dóibh fhéin agus don phobal gurb iadsan a bhí ceart.

Ainneoin gur léirigh tromlach ollmhór den 32 acu a ceistíodh san oíche Dé Domhnaigh seo caite nach raibh aon mhuinín acu as an lucht bainistíochta (26-6) agus nach mbeidís sásta imirt arís dóibh (23-9), cheana féin tá scoilt cruthaithe ag an vótáil sin sa seomra feistis.

Sa ráiteas a tháinig uaidh fhéin, deir an bainisteoir go mba grúpa beag imreoirí, le cabhair ó dhaoine taobh amuigh de chontae na Gaillimhe, a bhí i mbun na cúirte a dhaor é, dream a bhí “motivated by a desire to unjustly extend their lifespan as intercounty players placing personal agendas above the greater good of Galway hurling”.

Ní deir sé cén fhianaise atá aige mar bhonn leis sin, ach is díol suime stracfhéachaint a thabhairt ar liosta na n-imreoirí atá ar chláracha Chluichí Ceannais Iománaíochta 2012 agus 2015, an dá bhliain ar bhain foirne Cunningham an chéim sin amach.

Foirne iad a d’athraigh go mór – bhí ochtar ar an gceann ar bhuaigh Cill Chainnigh uirthi sa bhfómhar seo caite nach raibh fiú ar an bpainéal trí bliana roimhe sin, mar aon le cúigear ionadaithe go mba amhlaidh cás dóibh. Bain do bhreithiúnas féin as sin.

Go fiú má tá Anthony Cunningham ag fáil codladh na hoíche leis beagáinín níos fearr ná a bhí, tá me cinnte go ndúisíonn sé i gconaí anois agus arís ag cuimhniú ar an gcás a d’fhág rudaí mar atá.

Ní fios cé chomh suaimhneach a chodlaíonn siad siúd a chuir as seilbh é, ná cé mhéad den cheart, nó a mhalairt, a bhí acu. Ach tá rud amháin cinnte agus sin mura bhfuil sé iontu fhéin anois a dhul céim níos faide ná a thug a mbainisteoir iad, go mbeifear ag cur ina leith go ndearna siad éagóir air.

Fág freagra ar 'Neosfaidh an aimsir an ndearna na himreoirí eagóir ar Anthony Cunningham'