Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin

Bheadh sé níos ciallmhaire dúinne tógáil ar an traidisiún neodrach agus ar shaothar leithéidí Frank Aiken agus Éamon de Valera

Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin

Má cheap tú go raibh deireadh le hiarracht na Bunaíochta deireadh a chur le polasaí neodrachta an stáit, bhí dul amú ort.  I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Policy Exchange, meitheal mhachnaimh de chuid na dTóraithe i Sasana, dúradh go lom go bhfuil Éire ag diúgaireacht ar Shasana is ar thíortha eile na hEorpa maidir le cúrsaí cosanta.

Ar ndóigh is cuma faoi aon rud atá le rá ag na Sasanaigh faoin scéal seo, ach tugadh an-chuid poiblíochta don tuarascáil, go háirithe san Irish Times, is feictear dom go bhfuil iarracht eile ar bun le dímheas a chaitheamh ar an bpolasaí neodrachta sa tír seo.

Bhí an rialtas ag súil, ceapaim, go n-éireodh leo an díospóireacht a stiúradh i gcoinne na neodrachta nuair a bhunaigh siad an Fóram Comhairliúcháin maidir le Beartas Slándála Idirnáisiúnta na hÉireann, faoi cheannaireacht Louise Richardson, Dame Commander of the British Empire.

Ach theip ar an iarracht sin agus is go drogallach a ghlac an Bhunaíocht leis go bhfanfadh an polasaí neodrachta – cé go bhféadfaí brí an pholasaí a mhíniú pé caoi a d’oirfeadh.

De réir tuarascála an Policy Exchange, tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis, agus an baol ann go mbainfeadh an Rúis, an tSín agus an Iaráin leas as Éirinn mar chúldoras le Sasana a ionsaí.

I gcaint a chuir i gcuimhne dom na hionsaithe a dhein Winston Churchill ar neodracht na hÉireann i 1940, dúradh sa tuarascáil go bhfuil an tír seo ina sciathán cosanta lag maidir le cosaint na Breataine, is mhol beirt iar-airí cosanta sa mBreatain, Michael Fallon (Caomhach) agus George Robertson (Lucht Oibre), gur chóir don tír seo i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí cosanta agus dea-shampla na Fionlainne is na Sualainne, a thréig an neodracht, a leanúint.

Agus níl an Irish Times leis féin ag tacú leis an tuairim sin, in ainneoin gur léirigh pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go bhfuil móramh suntasach sa tír a thacaíonn leis an neodracht.

Ag an am céanna, tá an rialtas ag fógairt go bhfuil siad le níos mó airgid a sheoladh go dtí an Úcráin, faoi bhrat an chur i gcéill nach bhfuil an neodracht á sárú toisc gur cabhair dhaonnúil atá i gceist.

Níos measa, ámh, tuairiscítear ar an iris Phoenix go mbíonn an stát i mbun cainteanna le baill Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] ar mhaithe le comhoibriú a neartú. Is cosúil gur thug ceannaire Gharda Náisiúnta na Stát Aontaithe, Daniel Hokanson, cuairt ar an tír seo an mhí seo caite le comhoibriú slándála idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a phlé.

Nílimid i NATO ach táimid ag comhoibriú leo! Cén cineál neodrachta í sin?

Deirtear sa Phoenix go ndúirt Hokanson le hoifigigh na Roinne Cosanta:

‘Nuair a bhíonn muid ag comhoibriú le daoine eile a bhfuil an dearcadh céanna acu linne maidir lenár luachanna comhroinnte, cruthaíonn muid domhan níos sábháilte.’

Ar ndóigh, smaoineofar ar ionsaí Iosrael ar Gaza i agus é sin á léamh againn mar tá áit lárnach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá san ionsaí barbartha sin.

Chas Daniel Hokanson, ceannaire Gharda Náisiúnta na Stát Aontaithe, freisin le Seán Clancy, ceann foirne na bhFórsaí Cosanta. Dúirt Clancy leis go bhfuil na fórsaí cosanta in Éirinn ag obair le hathchóiriú a dhéanamh “ar struchtúr agus ar chultúr an airm”.

Feictear domsa go bhfuil imní faoi bhagairt bhréagach ón Rúis, ón tSín agus ón Iaráin á cothú ionainn, ach is léir ag an am céanna go bhfuil fórsaí áirithe san Eoraip agus san Iarthar i gcoitinne ag iarraidh scéalta faoi bhaol na láimhe láidre a chur chun cinn.

Níor tugadh mórán airde sa gcomhthéacs sin ar an ráiteas ó na trí thír sin (an Rúis, an tSín, an Iaráin) a bhfuil cleachtas ar muir á phleanáil acu i dteannta a chéile mar fhreagra ar an gcaint bhagrach atá, dar leo, ag teacht ón Iarthar.

An bhfuil sé ciallmhar dúinne muid féin a bhá i gcóras míleata an iarthair (trí chomhoibriú slándála le Meiriceá, mar shampla), nó an mbeadh sé níos ciallmhaire tógáil ar an traidisiún neodrach, ar an saothar a rinne leithéidí Frank Aiken, a chruthaigh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach, agus Éamon de Valera a d’fhan amach ón dara cogadh domhanda ar mhaithe le bealach a aimsiú le síocháin a neartú agus baol cogaidh a laghdú?

Ach níl an Tánaiste Micheál Martin ag caint sna téarmaí sin.  A mhalairt atá ar siúl aige agus é ag cur leis an imní faoin mbagairt – bagairt bhréagach – atá i ndán don tír seo ón Rúis.

Sea, is cuma faoina bhfuil le rá ag Policy Exchange, ach ná ligimis do  mholtaí a dhéantar i mbaclainn lucht míleata na hEorpa muid a stiúradh.

Fág freagra ar 'Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin'

  • Áine

    Níl a fhios agam cé chomh tromchúiseach is atá an bhagairt ón Rúis dúinn. Ach ní bheinn ag cur muinín sa cholúnaí a dúirt gur ráiméis a bhí sna tuairiscí go raibh an Rúis chun ionradh a dhéanamh ar an Úcráinn!

  • deRóiste Dónal

    Ní thuigim aon fáth don tír seo dul isteach le NATO? Cad tá ar súil anois leis an ngrá don chogadh? Tar éis 800 blian de impiriúlachas na Breataine táimíd bréan don mharú & an dúnmharú. Séard is sceimhleitheoir ann na an té leis an mbuamba beag. Is sceimhleóirí iad NATO le buambaí ana-mhór! Neodracht abú. Deireadh le cogaidh!

  • Eoin Ó Murchú

    Pointe maith ag Áine thuas. Bhí mé mícheart maidir le féidireacht go ndéanfadh an Rúis ionradh ar an Úcráin, ach bhí leas díreach ag an Rúis sa scéal sin : slándail na Rúise. Ní bhaineann Éire le slándáil na Rúise beag nó mór.

  • Pól

    Deir Eoin Ó Murchú nach baol dúinn an Rúis. Táimid friggeáilte!

  • An tSean Commie Bocht

    Níl na Rúísigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht
    Níl na Rúisigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht
    Don Úcráin níl aon bhaol
    Níl sa scéal ach cur i gcéill
    Tá a fhios sin ag an saol
    Arsa an tsean Commie bocht

    Tá na Rúisigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht
    Tá na Rúisigh teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht
    Beidh siad i gCív i gceann cúpla lá
    Beidh fáilte rompu, sin an fáth
    Ta na Rúisigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht

    Bhí dul amú beag orm ar dtús
    Arsa an sean Commie bocht
    Cuireadh moill beag ar an Rúis
    Arsa an sean Commie bocht
    Táid ag teacht anois faoi luas
    Is ag Putin a bheidh an duais
    Tá na Rúisigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tsean Commie bocht

    Tá na hÚcráinigh ag troid lena saol
    Arsa an tsean Commie bocht
    Níl ach míniú amháin ar an scéal
    Arsa an tsean Commie bocht
    Mar is Naitsithe iad go léir
    Agus íocfaidh siad go daor
    Ta na Rúisigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tSean Commie Bocht

    Is é Trump an buachaill báire
    Arsa an tsean Commie bocht
    Beidh sé fhéin is Putin ag gáire
    Arsa an tsean Commie bocht
    Beidh an Rúis i réim arís
    Ní tig liom fanacht táim ar bís
    Tá na Rúísigh ag teacht thar teorainn
    Arsa an tSean Commie bocht

  • Eoghan Ó Néill

    Ní chun leas phobail na hÚcráine nó pobail na Rúise atá an cogadh thall agus bhí siad a dhul a dhéanamh socrú ann Aibreán 2022 go dtí gur seoladh Boris soir chun Zelinski a stopadh agus treabhadh ar aghaidh leis an chogadh atá ag dul go seoigh ó thaobh an dá thír arb’ máistrí NATO iad agus dís gur olc leo neodracht na hÉireann.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní saonta ach claonta a bhíonn Eoin maidir leis an mbaol ón Rúis. Nach diabhaltaí mar a bhíonn daoine atá claonta i bhfábhar ionsaí na Rúise ar an Úcráin ag iarraidh ar an gcuid eile againn a bheith ‘neodrach’ faoin gcogadh san Úcráin agus gan a bheith ag cáineadh na Rúise faoin ionsaí brúidiúil ar thír neamhspleách, ionsaí atá cáinte go forleathan ag tíortha daonlathacha an domhain.

    Dála an scéil, Eoin, ní raibh Éire neodrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach amháin in ainm. ‘Neodrach ar son na gComhghuaillithe’ a thugtar ar an bpolasaí a chleacht De Valera agus Aiken, mar a léiríonn an stair go soiléir.

  • Eoin Ó Murchú

    Má tá na daoine thuas ag iarraidh dearcadh is mianta na Rúise a phlé, b’fhéidir gur chóir tosaí le héisteacht leis an agallamh a rinne Tucker Carlson le Putin.

  • Gael thar lear

    Náire cheart ab ea neodracht na tíre seo sa chogadh i gcoinne na Naitsíthe. Ná déanaimís an botún céanna arís.

  • Antóin

    Anois! “ tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis, agus an baol ann go mbainfeadh an Rúis, an tSín agus an Iaráin leas as Éirinn mar chúldoras le Sasana a ionsaí”

    Agus fórsaí móra an impiriúlachais ag dul trí chúldoras na Sionainne le blianta ar a slí chun bruíne sa mheánoirthear. Agus gan smid as an mbunaíocht.

  • Séamus

    “Má tá na daoine thuas ag iarraidh dearcadh is mianta na Rúise a phlé, b’fhéidir gur chóir tosaí le héisteacht leis an agallamh a rinne Tucker Carlson le Putin.”
    Oh cinnte. Go háirithe nuair a dúirt Putin gur mar gheall ar iompar na Pólainne arbh eigean don Ghearmáin ionradh a dhéanamh ar an bPólainn in 1939! (Agus na Rúisigh dár ndóigh) Cosúil le go leor Fiasistí, tá tuisicint ar leith, nach bhfuil aon chiall ag baint léi, ag Putin mar gheall ar stair a thíre. Is léir na cosúlachtaí idir an t-ionradh a tharla in 1039 agus ar an Úcráin in 2022. Tír sách bheag, in aice le tír impiriúlachta (nó dhá thír impiriúlachta) agus na cúiseanna seafóideacha ar baineadh úsáid astu maidir leis an ionradh.
    Níor chóir dearmad a dhéanamh faoi na bréagacha a scaip Eoin Ó Murchú faoi iompar shaighdiúrí na Rúise in 2022, bréaga gan náire, agus an tacaíocht a dtugann sé dóibh go síoraí. Tá sé sásta tacaíocht a thabhairt do dhream faisisteach ar bith, más i gcoinne an Iarthair / Mheiriceá atá siad. Is é sin an t-aon pholaitíocht atá aige.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá pictiúr ag Charles Landelle dar teideal Vae Victoribus! (Léan Orthu Siúd a Thabharfaidh an Lá Leo!) I bhfocail eile, beidh praghas le híoc ag na buaiteoirí.

  • Áine

    ‘Beidh sé difriúil an uair seo. Geallaim duit……’ Táim fada go leor ar an saol seo le ciall ceannaithe a bheith agam.

  • Bran

    Amhrán maith eile is ea ‘An Sean Commie Dóite….’

  • An Caiptín Ó Máille

    Tá ár neodracht teoiriciúil go breá ach tá cúpla eilifint sa seomra. Ceann amháin acu ná Cabhlach na hÉireann. Chuaigh héileacaptar agus long chogaidh na Breataine ar ruaig ar fhomhuireán Rúiseach a bhí suite díreach taobh amuigh den bhealach isteach go Cuan Chorcaí toisc nach bhfuil an trealamh ag ár gcabhlach ídithe chun bagairtí faoi uisce a bhrath. Le bheith neodrach i ndáiríre ní mór don tír patról gníomhach a dhéanamh ar a cuid farraigí. Cuimsíonn an cabhlach reatha ceithre (4) Árthach Patróil Amach ón gCósta (OPV) agus dhá (2) Árthach Mór Patróil (LPV).
    Cuir ceist ar aon iascaire comh lag is atá an tír maidir le cosaint na stoc éisc i gcuid na hÉireann den Scairbh Ilchríochach.
    Tá 17 long patróil ag Cabhlach na Danmhairge dá uiscí idirnáisiúnta agus 17 mbád le haghaidh patróil cósta agus go leor cineálacha eile soithí.

  • Tadhg Langley

    An ceart ag Eoin. Ba chóir breathnú ar agallamh Putin. Mar a mhíníonn sé, ní raibh aon rogha ag Stalin ach ionradh a dhéanamh ar an bPolainn agus ní raibh aon rogha ag Putin ach ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Bíonn dhá thaobh le gach scéal ach ní thugann na meáin ach taobh amháin dúinn.

  • Séamus

    An ceart ag an gCaiptín Ó Máille thuas. Ní thuigeann go leor daoine sa tír seo céard is ‘neodracht’ ann. Chun bheith neodrach i ndáiríre ní mór fórsaí cosanta cearta a bheith againn, atá in ann an tír a chosaint, nó cuidiú le cosaint na tíre ar a laghad. Tá Éireann faoi choimirce NATO cheana féin – nó na tíortha is baill de NATO, an Ríocht Aontaithe san áireamh. Ní tír neodrach muid ar chor ar bith mar sin agus ní dhéanann ‘polasaí neodrachta’ (nach ann dó i ndáiríre) aon difear.

    B’fhédir go mbeadh daoine ag rá ansin gur cuma leo agus gur féidir le tíortha eile tabhairt faoi na dualgaisí sin agus go gcaithfimis ár n-airgead ar chúrsaí sóisalta. Maith go leor, ach stop a bheith ag caint faoin neodracht mar sin (agus faoi neamhpleáchas, b’fhéidir).

  • Noel

    Eoin Ó Murchú. Tucker Carlson na hÉireann.

  • An Caiptín Ó Máille

    Chuala sibh go léir faoi na preabairí spéire de héileacaptair Dauphin nach bhfuil ag preabadh a thuilleadh mar go bhfuil an L.E. Eithne le scrapáil agus nach bhfuil aon bhád ag Cabhlach na hEÉireann le helipad.