‘Neirbhíseach ach ag tnúth go mór leis’ – na seolta á n-ardú ag Jack McCaffrey

Bhí Peileadóir na Bliana ag labhairt le Raidió na Gaeltachta tráthnóna agus é ag míniú cén fáth go bhfuil an pheil caite in aer aige don bhliain seo

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Cé go mbraithfidh foireann Bhaile Átha Cliath uathu é, níl aon aiféala ar Jack McCaffrey faoina chinneadh an pheil a chaitheamh san aer ar feadh tamaill agus an samhradh a chaitheamh san Afraic.

Beidh foireann Jim Gavin duireasa Pheileadóir na Bliana 2015 don chraobh i mbliana agus McCaffrey, atá ina mhac léinn leighis, sa tSaimbia, mar a mbeidh obair dheonach á déanamh aige.

Cé gur cailliúint mór do churaidh na hÉireann é, deir McCaffrey, agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta inniu, go raibh beannacht a bhainisteora faighte aige.

Bhí díomá air ar dtús ach tá Jim [Gavin] an-fhéaráilte. Deir sé go gcaithfear an saol pearsanta a chur chun cinn, roimh an bpeil.

Dúirt McCaffrey go raibh an t-ádh air nach raibh sé ach 18 bliain nuair a thosaigh sé ag imirt le foireann an chontae, rud nach dtarlaíonn go minic i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé go bhfuil súil aige blianta fada a thabhairt ag imirt le Baile Átha Cliath nuair a thiocfaidh sé ar ais.

Tá McCaffrey, atá sa cheathrú bliain ar an gcúrsa leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chun seal a chaitheamh ag obair in ospidéal sa tSaimbia sula ndéanfaidh sé roinnt taistil timpeall na mórthíre.

Bhí sé ar intinn ag McCaffrey an turas a dhéanamh le tamall anuas agus bhí imní air nach bhfaigheadh sé an deis arís toisc go mbeidh an oiread sin brú air ó thaobh staidéir agus oibre sna blianta amach roimhe.

Bhí a fhios agam i gcónaí go raibh mé ag iarraidh samhradh a chaitheamh thar sáile agus is é seo an samhradh deireanach go mbeidh an deis agam. Beidh mé ag obair amach anseo,” a dúirt sé ar An Saol ó Dheas ar RTÉ RnaG.

Ní hé seo an chéad uair dó a bheith sa tSaimbia ach an oiread agus chuaigh an tír sin i bhfeidhm go mór air nuair a chaith sé seal ann ar saoire lena mhuintir agus é ina ghasúr. Chuaigh mé ar laethanta saoire le mo chlann chuig an tSaimbia, bfhéidir deich mbliana ó shin. Bhí na daoine go hálainn, is áit iontach é agus bhí mé ag iarraidh i gcónaí filleadh ar ais,a dúirt McCaffrey.

Fág freagra ar '‘Neirbhíseach ach ag tnúth go mór leis’ – na seolta á n-ardú ag Jack McCaffrey'