Tá Neasa Hegarty, bean Ghaeltachta a bhí ar iarraidh ó inné, slán sábháilte.
D’fhógair na Gardaí tráthnóna gur thángthas ar Neasa agus ghabh siad buíochas leis an bpobal agus na meáin as a gcuidiú leis an gcuardach.
As Baile an Mhóraigh in Iarthar Duibhneach ó dhúchas do Neasa Hegarty, nó Neasa Ní Chinnéide, atá 69 bliain d’aois.
Bhí imní ar a muintir agus ar na Gardaí nach bhfacthas í ó thráthnóna inné i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil cónaí uirthi.
Fág freagra ar 'Neasa Hegarty, bean Ghaeltachta a bhí ar iarraidh ó inné, slán sábháilte'