Neamhfhreagraí á dtabhairt sa Dáil agus ceisteanna le seachaint ag Trichet

Ba cheart go mbeadh freagraí díreacha ar cheisteanna díreacha, go háirithe agus cúrsaí airgid an Stáit á bplé

Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Maireann drochnósanna i nDáil Éireann, ainneoin geallúintí feabhais.

Chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Murphy ceist dhíreach ar an aire airgeadais sé mhí ó shin. An raibh Michael Noonan sásta gur dearnadh leas an Stáit nuair a dhíol IBRC comhlacht Siteserv, agus an raibh míniú ar ar tharla iarrtha aige.

Is eol duinn anois, gur chuir Michael Noonan agus a státseirbhísigh a míshásamh leis an tslí inar díoladh an comhlacht in iúl do IBRC bliain sarar chuir Catherine Murphy a ceist. Ach níl aon bhlas dá mhíshasamh sa bhfreagra a tugadh ar 18 Nollaig.

Tá ocht n-abairt i bhfreagra scríofa an aire nó, ba chirte a rá, b’fhéidir, ina neamhfhreagra. Is sa dá abairt ar deireadh a bhí a éirim:

The Board of Siteserv, as advised by KPMG Corporate Finance and Davy Corporate Finance, recommended the successful bid as representing the best return for IBRC. I am advised that the Board of the bank at that time were satisfied that this was the case.

Ní raibh focal sa bhfreagra a thug Michael Noonan faoi bheith sásta ná míshásta leis an margadh a rinneadh i gcás Siteserv. Ach breathnaigh ar an sliocht thuas: nach léir go gceapfadh duine ar bith, tar éis na briathra thuas a léamh, go raibh an t-aire sásta?

Fuarthas amach le gairid ar ndóigh nach raibh an fhírinne ag teacht leis an mbrí a bhainfeadh ár bhformhór as na focail thuas. Tháinig an fhírinne chun solais ar deireadh thiar (1) a bhuíochas le sraith ceisteanna a chuir Catherine Murphy ina dhiaidh sin, agus (2) i gcáipéisí na Roinne Airgeadais ar cuireadh sleachta astu ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Sa chlá oibre a d’fhoilsigh Fine Gael agus an Lucht Oibre agus comhrialtas nua á bhunú acu i 2011, thugadar an gheallúint seo:

We will ensure our Government is seen to be held to account.

Focail bhreátha, nár comhlíonadh faraor sa chás seo.

MONSIEUR TRICHET, S’IL VOUS PLAÎT

Beidh coinníollacha aisteacha an chomhréitigh a rinne Coiste Baincéireachta an Oireachtais le Jean-Claude Trichet soiléir nuair a cheisteofar Iar-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) Déardaoin. Conas?

1. Ní i dTeach Laighean ach ag cruinniú speisialta den Fhoras um Chúrsaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha san Ospidéal Ríoga i mBaile Átha Cliath a cheisteofar é.

2. Ní bheidh pribhléid an Oireachtais ag comhaltaí an Choiste, toisc nach ag cruinniú den Choiste a bheidh siad ag caint.

3. Ní mhairfidh an seisiún ceistiúcháin ach 90 nóiméad, de réir an tsocraithe a rinneadh le Monsieur Trichet.

Is mar gheall ar neamhthoil an Iar-Ghobharnóra freastal ar ghnáthchruinniú den Choiste a ghlac siad leis an socrú neamhghnáthach. Agus mar gheall ar na ceisteanna tábhachtacha atá le plé leis.

Mar shampla: dhiúltaigh Jean-Claude Trichet cead a thabhairt don rialtas sciar ar bith d’fhiacha bhainc na hÉireann a chur ar ceal. Nár chóir an t-aisíoc as cuimse seo a pháirtchúiteamh ar a laghad?

Craolfar ceistiú Trichet ar www.Oireachtas.ie ag 2.30pm Déardaoin.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

Fág freagra ar 'Neamhfhreagraí á dtabhairt sa Dáil agus ceisteanna le seachaint ag Trichet'

  • padraig

    Agus bítear ag caint ar dhaonlathas! Ba cheart Catherine Murphy a mholadh go hard as an méid oibre atá déanta aici agus as a diongbháilte atá sí maidir leis an gceist seo Siteserv. Duine amháin atá sásta a dualgaisí a chomhlíonadh mar pholaiteoir agus leas an phobail a chur chun cinn! Ní haon chreidiúint don gcuid eile den bhfreasúra go raibh sí gan taca go nuige seo. Féadfar ceist a chur sa Dáil ach ná bí ag súil le freagra, nó freagra atá iontuigthe, soiléir, ionraic, gan ghibris. Muna mbeadh Catherine Murphy an dtiocfaidh an tsuaraíocht seo chun solais in aon chor? An uirthi sin amháin a bhíomar ag brath chun solas an lae a scaoileadh isteach ar an gcaimiléireacht sin uile? Conas a thiocfaidh an fhírinne chun solais agus daoine a bhfuil ‘coinbhleachta leasa’ acu i gceannas ar an iniúchadh? An bhféadfar iontaoibh ar bith a thabhairt le torthaí na bhfiosrúchán sin, leis na polaiteoirí, leis an gcóras a thuilleadh?