‘Neamart agus neamhaird’ á ndéanamh ag an BBC ar pháistí Gaelscoile

Deir lucht feachtais go bhfuil imeallú déanta ag an BBC ar dhaltaí gaelscoile san am is mó a bhfuil géarghá acu le háiseanna foghlama

‘Neamart agus neamhaird’ á ndéanamh ag an BBC ar pháistí Gaelscoile

Tá sé curtha i leith an BBC go bhfuil “neamart agus neamhaird” á ndéanamh acu ar pháistí Gaelscoile.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón ghrúpa feachtais An Dream Dearg, le Tuairisc.ie go raibh neamhaird “iomlán” déanta ag Bitesize Daily, mórchlár scolaíocht bhaile an BBC, ar pháistí gaelscoile.

“Cé go raibh ‘oideachas agus foghlaim a chur chun cinn’ ar cheann de na cúiseanna gurb ann don BBC ar chor ar bith, tá imeallú déanta acu ar dhaltaí gaelscoile san am is mó a bhfuil géarghá acu le háiseanna foghlama,” a dúirt sé.

Tá acmhainní foghlama á gcur ar fáil do dhaltaí d’achan aois i réimse leathan ábhar ar an suíomh BBC Bitesize. Is i mBéarla atá formhór mór na míreanna ar an suíomh ach tá roinnt ábhar oideachais ar fáil air i nGaeilge na hAlban agus i mBreatnais agus i dteangacha eachtrannacha eile atá mar ábhair i scrúduithe an GCSE nó A Leibhéal.

Deir an Dream Dearg go bhfuil “leatrom” á dhéanamh ar dhaltaí Gaelscoile toisc gan aon acmhainní foghlama ar chor ar bith a bheith ar fáil do dhaltaí an ghaeloideachais.

“Níl faic beartaithe acu, áfach, le cuidiú le páistí a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge – chun mata, eolaíocht, stair ná tíreolaíocht, mar shampla, a fhoghlaim. Is mór an náire an leatrom seo.”

“Tá sé luaite i gCairt an BBC, i measc a ndualgas ginearálta, go gcaithfidh siad ‘tacú le teangacha na réigiún agus na náisiún sa Ríocht Aontaithe’ tríd an ábhar agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil,” arsa Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg.

Dúirt sé go bhfuil “teipthe glan” ar BBC an dualgas sin a chomhlíonadh ó thaobh na Gaeilge de.

Tá feachtas á reáchtáil ag An Dream Dearg faoin scéal agus iarrtha acu ar thuismitheoirí agus ar dhaoine eile i bpobal na Gaeilge “gearáin” a dhéanamh leis an BBC faoin “easpa seirbhíse”. Ní raibh aon rud cloiste acu ón BBC go fóill, a dúradh.

I ráiteas a chuir an BBC ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go raibh iarrachtaí á ndéanamh freastal a dhéanamh ar dhaltaí Gaelscoile.

“Bímid i gcónaí i dteagmháil lenár gcomhghleacaithe in earnáil an oideachais chun teacht ar na bealaí is fearr le cuidiú le daltaí an cheantair ag an tráth seo agus freastal ar a gcuid riachtanas ó thaobh Churaclam Thuaisceart Éireann.

“D’fhéadfadh riachtanais ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bheith i gceist. Faoi láthair táimid ag díriú ar na riachtanais atá ag daltaí i mbunscoileanna, meánscoileanna, gaelscoileanna agus daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Idir an dá linn tá réimse d’acmhainní oideachais le freastal orthu ar fáil cheana féin ó BBC Bitesize i dTuaisceart Éireann ar láthair ghréasáin BBC Bitesize,” a dúirt urlabhraí de chuid an BBC.

Fág freagra ar '‘Neamart agus neamhaird’ á ndéanamh ag an BBC ar pháistí Gaelscoile'

  • Pádraig

    Tuigim gur ceart na seirbhísí seo á gcur ar fáil ach ní dóigh liom go mbaineadh mórán daoine leas astu agus ansin bheadh argóint eile ann nár bhain éinne úsáid as na seirbhísí a bhí á gcur ar fáil ag an BBC leis sin cén fáth ar chóir dóibh a thuilleadh a chur ar fáil amach anseo?