‘Naughty or Nice?’ – cáineadh déanta ar easpa Gaeilge ar stampaí na Nollag

‘Peace & Joy, ‘Naughty or Nice?’, ‘Ho ho ho’ agus ‘Sending Hugs’ atá scríofa ar na stampaí náisiúnta ag An Post don Nollaig

Tá cáineadh déanta ar chinneadh An Post gan aon stampa náisiúnta i nGaeilge a chur ar fáil don Nollaig.

Tá sé stampa speisialta seolta ag An Post don Nollaig, ceithre cinn náisiúnta agus péire idirnáisiúnta. Tá ‘Nollaig Shona’ scríofa ar cheann de na stampaí idirnáisiúnta €2 ach níl Gaeilge ar bith ar na cinn náisiúnta, a chosnaíonn €1.10.

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil sé “náireach” nach bhfuil an Ghaeilge le feiceáil ar na stampaí náisiúnta agus go bhfuil teachtaireacht á tabhairt go bhfuil sé ceart go leor “cúpla focal Gaeilge” a sheoladh thar lear ach nach bhfuil an teanga “sách maith dúinne sa mbaile”.

“Is mór an náire é seo,” a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta le Tuairisc.ie. “Ceist thromchúiseach is ea í le tamall agus fíorbheagán Gaeilge ar ár stampaí ach is léir go bhfuil rudaí ag dul chun donais ar fad. Tá sé íorónach chomh maith go mbeimis ag seoladh cúpla focal Gaeilge thar sáile don Nollaig ach nach bhfuil sí sách maith dúinne ag an mbaile.

“Beidh an bille teanga nua ina acht roimh Nollaig ach ag an am céanna tá an stát ar chuile thaobh dínn ag sleamhnú siar óna ndualgas i leith na teanga,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta de chuid Fhianna Fáil go raibh sé i gceist aige an scéal a phlé “láithreach” le An Post agus leis an Aire Cumarsáide, Eamon Ryan.

“Beidh mé ag iarraidh ar an Aire reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteodh go mbeadh gach stampa ar a laghad ar bith dátheangach agus gan an Béarla a bheith in uachtar i gcónaí.”

‘Peace & Joy, ‘Naughty or Nice?’, ‘Ho ho ho’ agus ‘Sending Hugs’ atá scríofa ar na stampaí náisiúnta ag an Post don Nollaig.

Tarraingíodh aird ar an scéal ar an gclár Liveline ar RTÉ Radio One nuair a dúirt fear go raibh “an-an-díomá” agus “an-an-fhearg” air nuair a chonaic sé nach raibh aon Ghaeilge ná radharc ó scéal na Nollag le feiceáil ar na stampaí náisiúnta.

“Bhraith mé go raibh cúl tugtha liom, gan fiú stampa €1.10 amháin le roghnú a raibh radharc ó scéal na Nollag air agus gan fiú stampa €1.10 amháin le roghnú ina raibh beannacht as Gaeilge air,” a dúirt Seán Dunne ón nDúcharraig i gCorcaigh.

Tá radharc ó scéal na Nollaig agus beannacht as Gaeilge – Nollaig Shona – ar cheann de na stampaí idirnáisiúnta a d’eisigh an Post, ach dúirt Dunne gur chuig daoine in Éirinn is mó a chuireann sé cártaí Nollag. Bheadh air beagnach a dhá oiread a íoc dá mbeadh sé ag iarraidh stampa i nGaeilge a chur chuig duine sa tír seo.

Dúirt Dunne go seolann An Post ‘teachtaireachtaí’ “ar mhórán slite” agus nach raibh sé ceart neamhaird a dhéanamh ar thraidisiúin na tíre seo.

Tá ráiteas faoin scéal lorgtha ag Tuairisc.ie ó An Post maidir leis an gcinneadh gan aon Ghaeilge a chur ar stampaí náisiúnta na Nollag.

Fág freagra ar '‘Naughty or Nice?’ – cáineadh déanta ar easpa Gaeilge ar stampaí na Nollag'

  • Antóin

    Léiriú eile ar an mheon gallda uiríseal atá in uachtar sa tír seo. Is léir go bhfuil aicme ar leith tagtha chun cinn sa tír seo ar beag leo creideamh, cultúr agus traidisiúin na tíre seo.

    Tá dí-eaglaisiú na tíre faoi lán seoil le blianta agus anois dí-ghaelú na tíre. Gan mainséar ná Gaeilge le feiceáil ar stampaí na Nollag sa tir seo. Ní ligfeadh an náire nó an eagla do lucht An Post aon tagairt do bhreith Íosa a chur ar na stampaí ar eagla is dócha go gcuirfí olc ar chnáimhseálaí áit eicínt. Cealchultúr atá ann.

    Agus anois creimeadh na Gaeilge. Féach na scéalta a bhí sa nuachtán seo le tamall faoin chéim síos don Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus sna Gardaí agus don easpa Gaeilge i FSS agus anois ar stampaí náisiúnta.

    Ach ceannóidh Gaeilgeoirí na stampaí agus leanfaidh an saol ar aghaidh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Brónach.

  • Criostóir

    Ní haon mhaith é a bheith brónach, bígí feargach. Dúisigí a Chlanna Gael, tá bhur namhaid taobh istigh den gheata!