Nasc aimsithe idir barraíocht caife a ól agus an néaltrú

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: bhí drochscéal an tseachtain seo ag taighdeoirí ón Astráil dóibh siúd a bhfuil dúil mhór acu sa leacht dubh

Nasc aimsithe idir barraíocht caife a ól agus an néaltrú

Abair le mo mháthair an teilifís a mhúchadh agus béarfaidh sí ar an nguthán in ionad an chianrialtáin; nuair a bhuaileann an fón, cuireann sí an cianrialtán lena cluas. Is baolach nach raibh mo mháthair rómhaith leis an teicneolaíocht riamh, ach tá cúrsaí tar éis dul in olcas go mór ó tháinig galar Alzheimer uirthi.

Ach tá gléas leictreonach amháin sa teach nach dtugann deacrachtaí di ar chor ar bith: an t-inneall espresso. Cleachtadh is cúis leis sin gan dabht: ólann mo mháthair idir ocht agus deich gcupán caife sa lá. Bímse ar an ealaín chéanna nuair a bhím ag stopadh ina teach: níl cailleadh ar an gcaife a thagann as an inneall sin.

Tá cupán den leacht dubh le mo thaobh faoi láthair, céad chupán an lae, agus seans go mbeidh ceann eile agam ar ball agus ceann eile nó dhó um thráthnóna, ach ní ghabhfaidh mé thairis sin. Ag iarraidh srian a choinneáil leis an méid caife a ólaim atáim.

Léiríonn taighde nua go bhfuil nasc idir barraíocht caife a ól agus an néaltrú.

De réir staidéar mór a rinne Kitty Pham ó Ollscoil South Australia ar shonraí sláinte nach mór 18,000 duine agus a foilsíodh an tseachtain seo, tá an seans go dtiocfaidh an néaltrú ar dhaoine a ólann níos mó ná sé chupán caife in aghaidh an lae 53 faoin gcéad níos airde ná an seans go dtiocfaidh an néaltrú ar dhaoine a ólann níos lú caife.

Tá níos mó taighde le déanamh faoi céard go díreach is cúis leis an nasc idir barraíocht caife agus an néaltrú, ach de réir an Ollaimh Elina Hyppönen ón Ionad Astrálach um Bheachtshláinte ((ACPreH) ag Ollscoil South Australia bheadh sé chomh maith againn súil níos géire a choinneáil feasta ar an méid caife a ólaimid. ‘Má ólann tú níos mó ná sé chupán in aghaidh an lae, b’fhearr duit athmhachnamh a dhéanamh faoin gcéad deoch eile a ólfas tú.’

Is cinnte nach n-óladh mo mháthair níos mó ná sé chupán caife in aghaidh an lae sular tháinig an t-inneall espresso isteach sa teach, agus is dóichí ná a mhalairt go raibh galar Alzheimer uirthi cheana féin faoin am sin (bronntanas dá 70ú breithlá a bhí san inneall espresso; bhí sí 72 nuair a deimhníodh go raibh an galar uirthi.) Ligfimid di, mar sin: tugann sé ardú meanman di go bhfuil ar a laghad gléas leictreonach amháin sa teach atá sí in ann a oibriú. Ach is cinnte nach ngabhfaidh mé féin thar cheithre chupán caife sa lá feasta. I ndiaidh dom a fheiceáil le mo dhá shúil féin céard a dhéanann an galar Alzheimer leis an duine, déanfaidh mé rud ar bith chun an seans go dtiocfaidh an galar sin orm féin a laghdú.

Fág freagra ar 'Nasc aimsithe idir barraíocht caife a ól agus an néaltrú'

  • Daithí MacGiobúin

    Is léir ó ana chuid taighde atá foilsithe sna meáin eolaíochta go bhfuil cosaint le fáil ó néaltrú ag na daoine a ólann caife. Níl sa tuairisc seo ach píosa amháin eolas contráilte. Caithfeá bheith cúramach agus an fhiannaise a chuir i gcomhthéacs.

  • Ann McCarthy

    Scanraíonn an nasc seo idir cafe agus néaltrú mé. Tá Alzheimer’s at mo Dhaid agus is galar gan trócaire é.