‘Nár thaga maoile ar a fhaobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas’ – an chéad eagrán den Chlaiḋeaṁ

Bhí stadach d’fhoilsiú An Claiḋeaṁ Soluis ar feadh tamaill tar éis Éirí Amach na Cásca. An tseachtain seo ar ‘Cothrom an ama seo’ tá an chéad eagrán riamh den iris iomráiteach againn daoibh

03A ACS 1 180399 Nochtar an Claidheamh (2)

An Claidheamh Soluis

Leabhar I Uimhir I Áth Cliath, Márta 18, 1899 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Nochtar an Claidheamh

dhá thréith ag an gClaidheamh seo – faobhar agus solas. Teastaíonn an faobhar ón dream a bheireann fuath don Ghaeilge. Tuigeann an dream sin gurb í an Ghaeilge anam na hÉireann, agus má imíonn an Ghaeilge, nach Éire is ceart a thabhairt uirthi feasta ach Sasana Thiar. Bhí nár bheag leo cead a gcinn a thabhairt do mhuintir an hÉireann agus go mór mór do mhuintir na Gaeilge, óir níorbh fhearr leo díth ná milleadh dá bhféadfaidís féin a imirt ar Éirinn ná an díth agus an milleadh a bhí á n-imirt uirthi ag a clann féin. Bhí an scéal go sásta acu. Thit a suan orthu. Nuair a dúisíodh iad, níorbh é an scéal céanna acu é. Bhí anam na hÉireann ina dhúiseacht rompu. Tá siad ar buile le tamall, agus ar nós daoine buile, tá gach ainm is measa ná a chéile acu á thabhairt ar an nGaeilge. Sin mar is fearr linn an scéal, lucht oilc agus aineolais a bheith inár n-aghaidh, agus iad ar deargbhuile. Teastaíonn faobhar uathu.

dream eile ann. Dream fuarthe. Dream atá idir breac agus riabhach, mar a bhíonn na lorgaí san fhómhar. Dream na leimhe agus na lagbhrí. Easpa eolais atá orthusan. Déanfaidh an Claidheamh seo solas dóibh agus déanfaidh an solas eolas dóibh. Cuirfidh sé ar an tslí dhíreach iad.

an tríú dream ann. An dream ag a bhfuil an Claidheamh seo ina lámh. Is iad atá ar an dream sin, muintir na Gaeilge agus muintir Chonradh na Gaeilge go háirithe. Is maith is eol do shliocht bhur sinsear an Claidheamh a imirt, an faobhar a dhíriú, agus an solas a leathadh. Seo daoibh an Claidheamh, más ea. Nár thaga maoile ar a fhaobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas. Nár thaga smúit ar a sholas a fhad is atá mac nó iníon de Chlanna Gael nach léir dóibh mórmhaitheas na Gaeilge.

03B ACS 1 180399 L2

Thar lear

Beidh áthas ar gach Caitliceach ar fud an domhain a chloisteáil go bhfuil an Pápa ag dul i bhfeabhas. Bhí i mbaol báis ó othras a bhris amach ar a chromán, agus b’éigean don lia Laponi an phúir seo a ghearradh. Feicfear gur contúirteach an gnó é seo mar tá an Pápá oirirc, oirní, an-aosta – tá deich agus ceithre fichid. Bhí cradhscal ar an lia an biorán suain a chur ann ar eagla nach mbeadh croí an tseanduine shéimh láidir a dhóthain chun é a fhulaingt.

Is é an saghas bioráin suain atá ag na dochtúirí anois, clóraform a shúitear suas trí shrón an easláin agus tagann sámhchodladh air, i gcás nach mothaíonn sé an scian ghéar ag gabhail dó.

Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair ghalghuail fúthu go mbíd ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirfhiuchadh trí sheacht dtroithe ar fad de phíopa isteach go gloine eile. Bíonn ceann an phíopa ina lúba, báite in uisce, i gcás go mbíonn an ghal fuar sula scroicheann sí an ghloine mar a sileann sí ina dheora síos inti. Sin é an clóraform.

Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhair na tae a dhéanamh.

Faoi mar a dúirt mé thuas, bhí faitíos ar an lia an clóraform a thabhairt don Phápa le heagla nach músclódh sé go brách as a shuan; agus de dheasca sin, b’éigean d’Athair oirirc na gCreidmheach faobhar na scine a fhulaingt ar feadh uair an chloig.

ag teacht chuige féin anois, agus ní hiad na Caitlicigh amháin a mbeidh lúcháir orthu, ach gach fear dea-chroíoch ar fud an tsaoil, mar tá Pápa Leo faoi urraim mhór mar gheall ar a léann, a intinn, a shéimheacht agus a charthanacht . Go bhfága Dia i bhfad suas é.

03C ACS 1 180399 L3

Fág freagra ar '‘Nár thaga maoile ar a fhaobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas’ – an chéad eagrán den Chlaiḋeaṁ'