Naonúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe, 37 cás nua deimhnithe

2,129 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,615  duine ó dheas den teorainn agus 514 ó thuaidh di

Naonúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe, 37 cás nua deimhnithe

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil naonúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe agus 37 cás nua den aicíd a deimhníodh.

Den chéad uair ón 18 Márta, níor fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart inniu aon bhás nua de dheasca an Covid-19.

Deimhníodh 28 cás nua den ghalar sa Tuaisceart.

2,129 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,615  duine ó dheas den teorainn agus 514 ó thuaidh di.

29,372 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,735 cás ó dheas den teorainn agus 4,637 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,011 den 1,615 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 62.4%. Bhain 884 de na cásanna sin, nó 54.7% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Tháinig na figiúirí is déanaí sna sála ar easaontas a bhí sa Dáil tráthnóna faoi líomhaintí gur fhág an Rialtas na Tithe Altranais ar an trá thirim ag tús na paindéime Covid-19.

Rinne Tadhg Daly, príomhfheidhmeannach chumann Tithe Altranais na hÉireann, cáineadh láidir ar an tslí a láimhseáil an Rialtas cás na dtithe altranais i dtús na ráige, ach dúirt Teachtaí Dála áirithe gurb amhlaidh go raibh sé ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile.

Chosain Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan cur chuige NPHET i dtaobh na dtithe altranais ag tús na paindéime ach ghéill sé go raibh “ceachtanna le foghlaim” ag na húdaráis sláinte.

Dúirt sé nár cheart do dhaoine a bheith ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile mar gheall ar chás na n-ionad cúraim agus gur chóir “caint faoi mhilleán a sheachaint agus gan an mhéar a díriú i dtreo daoine”.

Dúirt sé go gcaithfí “tarraingt le chéile” mar thír chun dul i ngleic le víreas a scaipeann “an-éasca”. Dúirt an Dr Holohan go raibh baint ag cuid mhaith eagraíochtaí leis an bhfeachtas i gcoinne an choróinvíris agus go raibh “rudaí le foghlaim” acu go léir.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,629 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,233 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 395 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,852 cás, nó 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna, 11,894 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit le 1,440 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,395  cás, nó 6%
  • 461 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 478 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 151 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 568 a bhí i Maigh Eo (2.3%) agus 797 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 59% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 38% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe de Covid-19 i gCiarraí ocht lá as a chéile.

Don chúigiú lá as a chéile, níor fógraíodh aon ardú ar líon na gcásanna i nDún na nGall.

An líon céanna cásanna a fógraíodh inniu sa Ghaillimh is a fógraíodh inné.

Fág freagra ar 'Naonúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe, 37 cás nua deimhnithe'