Easaontas sa Dáil faoi líomhaintí gur fhág an Rialtas na Tithe Altranais ‘tréigthe’

Dúirt Tadhg Daly, príomhfheidhmeannach chumann Tithe Altranais na hÉireann, le Coiste Speisialta an Oireachtais maidir le Covid-19 nach raibh aon phlean náisiúnta ag an Stát le déileáil leis an ngalar i dtithe altranais nuair a bhuail an ráig an tír seo ar dtús

Easaontas sa Dáil faoi líomhaintí gur fhág an Rialtas na Tithe Altranais ‘tréigthe’

Tadhg Daly. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí easaontas sa Dáil tráthnóna faoi líomhaintí gur fhág an Rialtas na Tithe Altranais ar an trá thirim ag tús na paindéime Covid-19.

Rinne Tadhg Daly, príomhfheidhmeannach chumann Tithe Altranais na hÉireann, cáineadh láidir ar an tslí a láimhseáil an Rialtas cás na dtithe altranais i dtús na ráige, ach dúirt Teachtaí Dála áirithe gurb amhlaidh go raibh sé ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile.

Tharla an t-easaontas tráth ar tháinig sé chun solais nach raibh aon rogha eile ag tithe altranais áirithe ach rabhlaer péintéara agus mascanna a rinne gúnadóirí a chaitheamh mar PPE.

Dúirt Tadhg Daly, príomhfheidhmeannach chumann Tithe Altranais na hÉireann, le Coiste Speisialta an Oireachtais maidir le Covid-19 nach raibh aon phlean náisiúnta ag an Stát le déileáil leis an ngalar i dtithe altranais nuair a bhuail an ráig an tír seo ar dtús.

Dúirt Daly gur thóg sé mí air cruinniú a fháil leis an Aire Sláinte Simon Harris “tráth a bhí an-dian” ar fhoireann agus ar na daoine a bhí ina gcónaí in ionaid altranais. Dúirt sé gur chóir go mbeadh “tosaíocht i bhfad níos mó” tugtha don imní a bhí ann go scaipfeadh an víreas in ionaid altranais ar chlár oibre an Aire agus na Roinne. 

Ar an 28 Feabhra a rinneadh an chéad teagmháil leis an Roinn Sláinte ach níor tharla aon chruinniú leis an Aire Harris go dtí an 30 Márta.

Dúirt Daly gur fhág an Stát na tithe altranais agus na daoine a bhí ina gcónaí iontu tréighte agus go raibh sé  “do-ghlactha” nach raibh ionadaíocht ag Cumann na dTithe Altranais ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála sa tSláinte Phoiblí nó sna foghrúpaí a bhí ag an bhfoireann sin.

Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin, Louise O’Reilly, gur léir ó litreacha idir na húdaráis sláinte phoiblí agus Cumann Tithe Altranais na hÉireann go raibh an cumann ag “impí” go dtabharfaí cúnamh dóibh agus “ag achainí” ar an Stát éirí as an bhfeachtas iomaíoch a bhí ar siúl ag an HSE chun foireann na dtithe altranais a earcú d’ospidéil ghéarchúraim.

Dúirt an príomhfheidhmeannach go raibh ceithre rud a raibh an-tionchar acu ar na tithe altranais – tástáil, PPE (trealamh cosanta), feachtas earcaíochta an HSE agus líon mór othar a cuireadh chucu ó ospidéil agus gan tástáil Covid-19 déanta orthu.

Dúirt Daly go raibh sé tábhachtach a lua gur tháinig ceathrar as gach cúigear i dtithe altranais a tholg Covid-19 slán uaidh ach gur cruthaíodh dúshláin  toisc nach raibh straitéis ná beart náisiúnta ann.

Dúirt sé gur ar na hospidéil ghéarchúraim beagnach ar fad a bhí an phleanáil dírithe tráth a raibh líon na ndaoine a raibh an galar tolgtha acu ag ardú sna tithe altranais.

Ach, a dúirt Tadhg Daly, sna hionaid altranais a tharla an bhrúisc seachas sna hospidéil.

Nuair a fiafraíodh de an bhféadfadh sé gur othair a tháinig go dtí na hionaid altranais as ospidéil agus gan tástáil Covid-19 déanta orthu a thug an víreas isteach sna hionaid, dúirt Daly go raibh baint aige leis. 

Ní mó ná sásta a bhí an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Fergus O’Dowd atá ina bhall den choiste faoi na líomhaintí.

Dúirt O’Dowd nach raibh sé “fíor in aon chor” gur fhág an stát na tithe altranais phríobháideacha ar an trá thirim mar a bhí á mhaíomh ag Daly.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Duncan Smith go raibh sé “soiléir” gur ag iarraidh an milleán a chur ar an HSE seachas ar na tithe altranais féin a bhí Daly.

De réir an eolais is déanaí, bhí baint ag os cionn 1,000 duine díobh siúd a bhásaigh ó dheas le hionaid chúraim.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna inné go raibh baint le hionad cúraim ag 1,005 den 1,606 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 63%. Bhain 878 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Fág freagra ar 'Easaontas sa Dáil faoi líomhaintí gur fhág an Rialtas na Tithe Altranais ‘tréigthe’'