Naoi n-athrú dhéag ar an saol in Iorras Aithneach le 25 bliain

Cuid den chlaochlú atá tarlaithe le cúig bliana fichead in Iorras Aithneach, ceantar dúchais ár gcolúnaí, agus ceantar atá suite 70 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe

Naoi n-athrú dhéag ar an saol in Iorras Aithneach le 25 bliain

Ba suimiúil an léiriú é sin a rinne Mairéad Ní Nuadháin i dTuairirisc.ie ar na hathruithe atá tarlaithe i sráidbhailte na hÉireann. Dá mhéid iad is mó ná sin arís an t-athrú saoil sna bailte fearainn faoin tuath. Seo cuid den chlaochlú atá tarlaithe le cúig bliana fichead i mo cheantar dúchais féin, Iorras Aithneach, 70 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe:

CÚRSAÍ TALMHAÍOCHTA: “Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir,” a bhí san amhrán. Tá an saol sin imithe. Tá talmhaíocht ar bun i gcónaí ach má tá ní speal a d’fheicfeá inniu ach meaisín bainte féir agus ‘baler’. Dá dtiocfadh Oisín ar a chapall bán as Tír na nÓg aríst ní bheadh aon chall dó ísliú anuas leis an liagán de chloch úd a chrochadh: dhéanfadh an JCB dhó é. Sna garrantaí agus ar aon aonach a dhíoltaí na beithígh fadó. Sna marglanna sa gClochán agus ar an Teach Dóite a dhíoltar anois iad.

MÓIN: Is gearr a bheas aon duine in ann portach móna a bhaint le sleán. Mura mbainfidh meaisín í fágfar sa bportach í agus glaofar ar Sweeney Oil.

RIALACHA: Tháinig na Ceantair faoi Chaomhnú Speisialta i bhfeidhm. Is mór an bac a chuireann siad go minic ar an té a bhíonn ag iarraidh teach a thógáil. Níl cead orlach de leithead a chur ar an mbóthar as Gaillimh don Chlochán dá mbarr.

CUARTAÍOCHT: Tá deireadh leis an gcuartaíocht sna tithe mura bhfuil corrchás ann. Is beag nár mhór dhuit coinne a dhéanamh anois le dhul ar cuairt i dteach. Theastódh ón dream a ligfeadh isteach thú a gcuid árachais a bheith íoctha freisin acu.

EASTÁIT TITHÍOCHTA: Tá dhá eastát tithíochta sa bparóiste. Athrú mór é sin ar phatrún lonnaíochta an cheantair.

NA PUBANNA: Tá na pubanna i bhfad Éireann níos ciúine ná a bhídís. Tá níos mó óil á dhéanamh sa mbaile.

AN EURO: Tugadh an euro isteach.

MODHANNA CUMARSÁIDE: Is iontach go deo an feabhas atá tagtha ar dheiseanna cumarsáide. Tá an ‘facebook’ agus an ‘twitter’ ar bharr a ngoib ag óige an cheantair. Cár fhág tú an ‘skype’? Nach iontach an cor sa saol é gur féidir leat labhairt ar an bhfón le do dhuine muintearach agus tú ag breathnú air ar an scáileán? Ní litir a thagann as Meiriceá ar chor ar bith anois ach ríomhphost.

SEIRBHÍSÍ A CHAILLEAMAR: Rinneadh gearradh siar mór ar sheirbhís na nGardaí. Bheadh beairic Charna dúnta murach feachtas a eagraíodh sa bpobal. D’éirigh linn bus Charna a choinneáil ar bóthar ar éigean. Éiríodh as an mBanc Taistil.

ZUMBA: Ta córas aclaíochta ar a dtugtar ‘zumba’ ar fáil sa bparóiste.

GIUIRLÉIDÍ NUA: Tá an fón póca againn anois. Ní fada ón bhfón póca an ‘féinín’. Tá daoine ann a gceapfá fúthu nach gcreideann siad go bhfuil siad beo ar chor ar bith go bhfeiceann siad an ‘féinín’. Tá YouTube ann más mian leat duine d’amhránaithe nó de cheoltóirí móra Iorras Aithneach a fheiceáil ar an stáitse. Níl áis dá nua-aimseartha nach bhfuil sna tithe. Tá páistí an bhaile in ann an ríomhaire a úsáid.

TEACH ALTRANAIS: Bhí an teach altranais ar cheann de na rudaí ba thábhachtaí a tharla sa bparóiste le cúig bliana fichead.

MARBHLANN: Osclaíodh marbhlann i gCarna. Lag an tórramh sa teach de réir a chéile.

SAOIRSE NA mBAN: Tháinig na mná chun cinn ar bhealaí go leor sna blianta atá i gceist agam. Mná atá ina bpríomhoidí inniu ar chúig bhunscoil an cheantair.

AN CREIDEAMH CAITLICEACH: Níl sé á chleachtadh chomh mór agus a bhíodh. Ní bhíonn an oiread daoine ag an Aifreann anois. Ní chloisfeá mórán cainte ar an bhfaoistean. Tá liombó agus purgadóir dúnta is cosúil.

TEILIFÍS: Tháinig TG4 agus tá cláracha teilifise den scoth á ndéanamh sa gceantar.

AN NCT: Tháinig scrúdú an NCT isteach. Cuireadh an ‘satnav’ i gcarranna. An strainséir a bheadh ag teacht as Gaillimh go hAill na Brún anois bobaide ceart a bheadh ann dá ngabhfadh sé amú.

SIOPADÓIREACHT: Tá athrú mór curtha ag ALDI agus ag LIDL ar chúrsaí siopadóireachta. Tá siad ag cur brú go leanúnach ar shiopaí beaga an cheantair.

AN GHAEILGE: Bhí cáil ariamh ar Ghaeilge Iorras Aithneach ach tá an téagar ag imeacht aisti ó bhliain go bliain. Bhíodh roinnt tuismitheoirí ag tógáil a gclainne le Béarla le fada ach is é an chaoi a bhfuil sé anois gur beag de na tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid gasúr le Gaeilge.

Fág freagra ar 'Naoi n-athrú dhéag ar an saol in Iorras Aithneach le 25 bliain'