An baol ann go mbeidh tuath na hÉireann ina ‘Marie Celeste’…

Chuir siúlóid agus ócáid faoin tuath ár gcolúnaí ag machnamh ar an saol i bhfad ó Bhaile Átha Cliath

An baol ann go mbeidh tuath na hÉireann ina ‘Marie Celeste’…

Dhá bhratach a insíonn scéal Bhealach a’ Doirín. Amuigh in aice an bhóthair sa ghairdín céanna – bratach Ros Comáin agus bratach Mhaigh Eo ar foluain sa ngaoth. Ag freagairt na seancheiste: cé acu contae ina bhfuil Bealach a’Doirín ar aon nós?

Bhí mé féin agus mo dheirfiúr Anne ag siúl ‘timpeall’ ach stopadh muid de bharr oibreacha ar an mbóithrín.

Casadh beirt bhan orainn. (’Siad na mná a dhéanann an siúl i gcónaí.) Ar ndóigh, labhair siad linn – rud nach dtarlódh go brách i mBaile Átha Cliath. Chuireadar comhairle orainn gan dul níos faide ar an mbóithrín – agus ar aon nós, bhí bealach eile acusan ar ais go dtí an baile mór.

Níl a fhios cé na scéalta uafáis faoi ‘sepsis’ agus aicídí eile a chuala muid uathu. Faitíos roimh a leithéid a chuir stop leo ag na hoibreacha bóthair. Dúramar go rabhamar ag dul le haghaidh caife san ollmhargadh.

‘Ó- ná téigh ansin, gheobhaidh sibh caife níos fearr tigh McLoughlin ar bhóthar Bhaile Chathail.’ An saineolas tuaithe – an cineál saineolais nár tugadh riamh dom i mBaile Átha Cliath. Agus b’in téama an deireadh seachtaine – saol na tuaithe.

Téama é seo a bhí á chíoradh ag Patsy McGarry agus Michael Harding ag ócáid a d’eagraigh an Irish Times agus an Roscommon Herald. I gColáiste Naithí a bhí sé – áit a raibh mé bliain roimhe sin i mbun tuairisce do 7Lá ar TG4. Agus an uair sin, bhí an téama céanna á scrúdú – tionscnamh a rinne na daltaí ar an gcaoi ar fágadh ceantar an iarthuaiscirt amach as pleananna forbartha an Rialtais, go háirithe infheistíocht sna bóithre, na hiarnróid agus na haerfoirt.

Agus seo ar ais mé sa Choláiste agus an halla lán go doras. Díol spéise a bhí ann cé as a dtáinig an lucht éisteachta. Ar nós muid féin, bhí roinnt daoine de bhunadh na háite, a tháinig as Baile Átha Cliath. Tháinig daoine freisin ó bhailte eile thart.

Chuireadar an-spéis sa méid a bhí le rá ag an mbeirt chainteoirí faoi shaol na tuaithe.

Tá Michael Harding ina chónaí i gcontae Liatroma – cé gur cheap Bean an Tí, Christina McHugh, eagarthóir an Roscommon Herald, gur i Ros Comáin atá sé. Teorainneacha contae arís ina gcnámh spairne!

Cé go bhfuil Patsy McGarry ina chónaí i mBaile Átha Cliath, tá a chroí fós i mBealach a’ Doirín. Is cuimhin liom nuair a bhunaigh sé club óige ar an mbaile. Ach ní raibh a fhios agam gur tugadh isteach ar an gComhairle Paróiste é ina dhiaidh sin.

Fuair sé a chéad bhlaiseadh de chumhacht na heaglaise nuair a fógraíodh ag an gComhairle go mbeifí ag leagan na gcrann thart timpeall ar an Ard-Eaglais.

Dúradh go raibh na héin sna crainnte ag salú charr an easpaig nuair a bhíodh sé páirceáilte ansin.

Labhair Patsy McGarry i gcoinne an rúin ach bhí an lá leis an easpag.

Mhaígh Michael Harding gur ‘Búdach’ atá ann féin, lá amháin sa tseachtain ar aon nós.

Tá bealach aige le dul i bhfeidhm ar an lucht éisteachta – deir sé rud éigin a d’fhéadfadh a bheith conspóideach ach ansin, míníonn sé an scéal ar bhealach a thaitníonn leis an slua.

‘Níl aon suim agam sa GAA,’ a thug sé mar fhreagra ar an bhfear a d’fhiafraigh cén fáth nár thug na cainteoirí aitheantas d’obair CLG faoin tuath. Ach ansin, labhair Harding faoin obair dheonach a dhéanann daoine ina bpobal féin agus thug sé le fios go raibh sé ag tacú le muintir na tuaithe, ach nach raibh aon suim aige san eagraíocht féin.

Agus ag trácht ar an mBúdachas…

‘I went to see a Lama in Cavan,’ a dúirt sé. ‘It was cheaper than a psychotherapist.’

Mhaígh sé ansin nach léann sé aon pháipéar áitiúil – bheadh lucht eagraithe na hócáide beagán díomách faoi sin. Is leis an Irish Times an Roscommon Herald agus an Leitrim Observer anois. (Ach b’fhéidir nach léann sé an Irish Times ach an oiread.)

D’inis Patsy dúinn faoina chúlra ar raidió bradach. Is cuimhin liom féin nuair a chuaigh Patsy ag obair leo. Ní raibh a fhios agam gur chuir an NUJ i gcoinne ballraíocht lucht an raidió bhradaigh sa gceardchumann. Ach fuair sé cárta NUJ ar bhealach éigin agus bhain sé sásamh as a bheith ag déanamh ionadaíochta ar lucht raidió na hÉireann ag comhdháil mhór i Sasana agus na craoltóirí Éireannacha ‘oifigiúla’ lena thaobh ar buile faoi.

D’inis Patsy scéalta faoina óige agus faoin teach tábhairne a bhí ag a mhuintir. Ba ansin a d’fhoghlaim sé faoi thábhacht na scéalaíochta. Is iomaí sin údar agus craoltóir cáiliúil a raibh cluas le héisteacht aige agus daoine ag caint, nó ag argóint i bpub éigin.

Ach ba léir don bheirt chainteoirí go bhfuil saol na tuaithe athraithe ó bhun agus b’fhéidir i mbaol anois. Ar mo shiúlóid thart ar Bhealach an Doirín chonaic mé na siopaí dúnta, na sráideanna ciúine, na tithe folmha a tógadh le linn an ‘boom’.

Sheas mé roinnt míonna ó shin i siopa Mary Gallagher ag caint léi faoin gcáil a bhain Bealach an Doirín amach maidir le teifigh na Siria. Dúirt Mary liom ag an am go raibh sí ar an dé deiridh sa siopa.

Tá an siopa dúnta anois – ar nós an ‘Marie Celeste’, an chosúlacht air gur shiúil sí amach as gan breathnú ina diaidh.

Ar bhalla tosaigh an tsiopa, tá na crúcaí iarainn, ar a mbíodh cliatháin mhairteola crochta blianta fada ó shin, fós le feiceáil. Taobh istigh bhí gnó éadaí, teach tábhairne, búistéara, agus níl a fhios céard eile. Bhí gnó i mbeagnach gach teach ar an mbaile an uair sin.

Ar ár siúlóid, tháinig muid ar an gcaifé tigh McLoughlin. Sa ngaráiste taobh leis an mbóthar atá sé – gar do ghairdín na mbratach contae. Agus gar don teorainn le Maigh Eo.

Bhí an ceart ag na mná – tae, caife agus sólaistí bácáilte ag baile. Agus mé ag íoc as mo ‘take-away’ (€2.75 ar phíosa quiche agus dhá shailéad…) chuir mé ceist ar fhear an tsiopa faoi chúrsaí gnó. ‘Sea, tá gnó fós agam anseo,’ a dúirt sé. ‘Bíonn daoine ag teacht is ag imeacht i gcónaí.’

‘Ach an ndearna an ‘by-pass’ difríocht?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Ó sea, chaill mé 50% de mo ghnó thar oíche nuair a d’oscail sé sin,’ ar seisean.

Fág freagra ar 'An baol ann go mbeidh tuath na hÉireann ina ‘Marie Celeste’…'

  • An Déaghnach

    Is Ros Comáineach mé féin agus is feiceálach go soiléir é an creimeadh mór ar chontae Chomáin. Feicim tithe feirme, tithe tábhairne, áiteanna chónaithe ‘s siopaí bánaithe ar fud na bhfudanna nuair atáim ag fálróid ar na bóithríní nó ag tiomáint. D’fhéadfaí a rá go bhfuil Mainistir na Búille, Béal Átha Fearnáin, Cnoc an Bhiocáire, Uachtar Thíre, Ail Finn, Dún Gar agus neart áiteanna eile marbh. Na sráidbhailte go mór mór, agus ní ag déanamh áibhéile atá mé ach an oiread. Is é an rud is dofhulaingthe de réir mo bharúlsa ná an meon míthrócaireach atá le clos i measc dreamanna áirithe nuair a bhíonn siad ag cur is ag cúiteamh faoin tuath. Shílfeá nach raibh siad ag caint faoi bheatha daoine ar chor ar bith.