Nach deas é? Scread mhaidine…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Jack

Bhí mé ag caint le bean as Ros Muc lá faoi fhear a raibh aithne ag an mbeirt againn air. Dúirt mise gur cheap mé gur fear lách nádúrtha a bhí ann.

Mhínigh mé di go bhfaca mé na deora leis nuair a tharraing mé anuas ábhar a ghoill air.

“Ag caoineadh a bhí an fear bocht,” arsa mise.

“Scread mhaidine air,” a dúirt sí, “ní chaoinfeadh sé a mháthair.”

Nuair a chloistí an bhean sí ag screadach ar maidin ba chomhartha é go raibh bás ar an mbealach. Deirtí i gCúige Laighean go mbíodh an scread chomh géar agus chomh cráite agus go bpléascfadh sé gloine na fuinneoige.

Ag silt na ndeor a bhí an fear sin a raibh muid ag caint air. Tharlódh sé go gcaoinfeadh sé “an deoir ab fhaide siar ina cheann”.

Dá mbeadh brón nó buairt an-mhór ar fad air d’fhéadfadh sé a bheith “ag gol agus ag gárthaíl”.

Sin é an chaoi a raibh na daoine nuair a tharla an bá in Eanach Dhúin de réir mar a dúirt Raiftearaí linn.

‘Scrúdfadh sé an Turcach,’ a deirtí faoi dhuine a bheadh ag gol go faíoch. Chaithfeadh sé gur measadh nach raibh trua ná taise sa Turcach an uair sin, gur ceapadh go raibh sé chomh crua ina chroí leis na clocha glasa.

Bhíodh sílteagasc sna seanfhocla féin.

Seans maith gur sceimhlitheoir Muslamach a chuirfí sa deilín sa lá atá inniu ann.

Ba é bun agus barr an scéil nach raibh aon mhuinín ag an mbean a raibh mise ag caint léi as an bhfear aitheantais a bhí ceaptha a bheith ag caoineadh.

Ba é a breithiúnas gur fear cruachroíoch amach is amach a bhí ann.

Bhí amhras uirthi faoi.

De réir an tseanfhocail, ‘sé poll an amhrais an poll is doimhne’.

Scread mhaidine? Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Scread mhaidine…'