NACH DEAS É? Níl meáchan ribe eatarthu…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl meáchan ribe eatarthu…

Níl meáchan ribe idir Fine Gael agus Fianna Fáil a chuala mé duine a rá an lá faoi dheireadh. Na polasaithe atá acu a bhí i gceist aige.

Ba deacair ribe a bhaint as a déarfaí faoi dhuine a bhí coilgneach cantalach.

Seo leaganacha eile:

Tá an lá chomh ciúin nach gcorródh sé ribe de do ghruaig.

Chomh minic is atá ribe gruaige ar mo cheann.

Is crua an ribe atá ar an lá, i.e, tá droch-chuma ar an lá.

Ní locht ar an im ribe, i.e, ní mhilleann locht beag rud.

Ribe Muire a thugtar ar ribe láidir gruaige ar smig mná.

Bíonn ribe chasta ar mhullach an chinn ar chuid de na daoine.

Ar an ribe a dhéanfá rud dá ndéanfá ar an bpointe é.

Seo iad na hainmhithe a bhfuil ribe an diabhail iontu:

Muc, múille agus meannán gabhair.

Bhí an seanrá seo ann:

Coigilt tine faoi loch,

Nó caitheamh cloch le cuan,

Comhairle a thabhairt do bhean bhorb,

Nó buille de ribe ar iarann fuar.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl meáchan ribe eatarthu…'