Nach deas é? Lasfadh sé ifreann gan match…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Lasfadh sé ifreann gan match…

Lasfadh sé ifreann gan match, a deiridís i nGaeltacht Iorrais faoi bhréagadóir cruthanta. D’fhéadfadh bean a bheith bréagach freisin, ar ndóigh.

“Chrochfadh sí an sagart den altóir le bréaga,” a dúirt fear as Maínis, Conamara, faoi bhean eicínt.

Bhí fear eile ann ar mhaith leis cáil an ionracais a bheith air i gcónaí.

‘Níor inis mé bréag ariamh,’ a dúirt sé, ‘ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne.’

Arsa fear eile, ‘dá n-abróinn gur dubh é an fiach, déarfá ‘Dar Fia, ní hea’!’.

‘Mheallfadh sé an t-asal ón gcoirce lena chuid bréag,’ a dúradh faoi dhuine eile fós.

Tá córas ag an Eaglais Chaitliceach le fada le bréag a inseacht sa gcaoi is nach bréag ar bith í le fírinne, má thuigeann tú leat mé. ‘Mental reservation’ a thugtar air i mBéarla, ‘coinníoll ceilte’ i nGaeilge.

Insítear scéal faoi ruifíneach a bhí ar thóir fir eile agus é i gceist aige é a mharú. Casadh Naomh Proinsias as Assisi don mhurdaróir agus d’fhiafraigh sé de an bhfaca sé mo dhuine ag dul an bealach.

Chuir Naomh Proinsias a mhéaracha suas muinchillí a chasóige.

‘Ní dheachaigh sé an bealach seo ar chuma ar bith,’ ar seisean.

B’fhearr coinneáil leis an bhfírinne, b’fhéidir, mar tá sé ráite le fada go seasfaidh an fhírinne i gcónaí ach go gcaitear frapaí a chur faoin mbréag.

As sin a tháinig an maíomh ‘d’inis mé an fhírinne gan frapa gan taca’.

Lasfadh sé ifreann gan match. Nach deas é?