Is cadhan bocht scaite mé, chailleas mo chúl báire. Sin é a dúirt Toirbhealach Ó Cearbhalláin nuair a shíl sé go raibh a chara Cathaoir Mac Cába caillte curtha. Blianta fada ina dhiaidh dúirt Bríd Ní Mháille as an Trá Bháin, agus í ag caoineadh a cuid deartháireacha a bádh, go raibh sí ‘fágtha ina cadhain aonraic gan feithide an bhéil bheo’.
Maidir leis an bhfocal ‘feithide’, d’fhéadfadh sé gur duine a beadh i gceist ach d’fhéadfadh sé freisin gur beithíoch a bheadh ann. Sa leabhar ‘Beatha Aodha Uí Néill’, tá cuntas ar ionsaí a rinneadh ar Oileán Thoraí. ‘Níor fhág siad feithide ceithre gcos ar an oileán gan tabhairt leo,’ a dúradh.
Bhí leagan cainte i Mionlach faoi na cadhain. ‘Is minic a dúradh i dtaobh Chonamara nuair a d’fheicfeá na cnoic is na sléibhte geal le sneachta uait siar nach mairfeadh na cadhain ann,’ a deiridís.
Bhí leagan eile freisin acu – ‘chuirfeadh an tine a bhí ar an teallach ann fuacht ar na cadhain’.
Fág freagra ar 'Nach deas é? Is cadhan bocht scaite mé, chailleas mo chúl báire'