NACH DEAS É? Chomh bradach le gabhar

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Chomh bradach le gabhar

“Tá an bhó sin chomh bradach le gabhar,” a dúirt cara liom an lá faoi dheireadh. Má bhíonn bó bradach is seacht measa an gabhar.

Is deacair claí a chur ar bhó bhradach, a deirtear. Is cinnte gur deacair bó bhradach a choinneáil as garraí féir ach ciallaíonn an ráiteas freisin gur deacair srian a choinneáil ar bhithiúnach.

Chomh bradach le smut sionnaigh a deirtí chomh maith.

Tá a leithéid de rud ann agus suan na muice bradaí – codladh ciúin, glic, dochrach.

Bíonn éisteacht na muice bradaí ag cuid de na daoine – chloisfidís an féar ag fás.

Is minic bó mhaith bradach is bean bhorb flaithiúil – bíonn drochthréithe is cinn mhaithe sa duine céanna.

Dhéantaí trácht ar Mhuimhneach bradach na ngabhar. Is cosúil gur goideadh gabhair Naomh Pádraig i gcontae an Chláir.

Céard faoin ráiteas seo?

Connachtach lách,

Muimhneach spleách,

Laighneach tláith,

Ultach bradach.

Cheithre asal gan a bheith screadach,

Cheithre ghabhar gan a bheith bradach,

Cheithre dhiabhal gan a bheith gnóthach

Sin dáréag nach bhfaighfeá i dtír.

Bata bradach a thugtar ar an maide a bhíonn i ndeis le breith ar éanacha.

An raidió bradach a tugadh ar shaor-raidió Chonamara.

Craiceann bradach a thugtaí i Ros Muc ar adhaltranas.

Duine bradach a thabharfaí ar ghadaí. Deirtear gur measa an fear bréagach ná an fear bradach –cosnóidh tú thú féin ar an bhfear bradach ach ní féidir thú féin a shábháil ar an bhfear bréagach.

Cut bradach a gheobhadh brabach air a déarfaí faoi dhuine a bheadh chomh cliste is nach mbeadh in ann chuige ach an gadaí.

Is fearr gadaí ná bréagaire buan ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.

Ní lao bó bradaí a bhí i mo dheartháir,

ach buachaill cruinn deas ar chnoc is ar chnocán,

A bhainfeadh fuaim go bog binn as camán.

Sin é a dúirt deirfiúr Dhonncha Bháin, an fear a crochadh.

Chomh bradach le gabhar. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chomh bradach le gabhar'

  • Ciara Ní É

    Iontach maith, is breá liom na píosaí seo!