NACH DEAS É? Choinnigh siad tine ar a phíopa aige…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Choinnigh siad tine ar a phíopa aige…

Fear píopa mé a déarfadh duine a mbeadh dúil aige i ngal tobac as an bpíopa seachas toitín a chaitheamh.

Ba mhór i gceist an píopa cailce fado. Bhíodh an píopa adhmaid ann freisin agus an píopa giolcaí.

Céard faoin bpíopa Lochlannach? Píopa na siógaí ainm eile air.

Píopa a bhí ann a raibh ceann an-bheag le smig air agus cos chaol. Deirtí gurbh iad na Lochlannaigh nó na siógaí a d’fhág ina ndiaidh iad.

Choinnigh siad tine ar a phíopa aige – chuir siad trína chéile é.

‘Ag ól an chupáin is ag deargadh an phíopa,

Is ag siúl na drúchta i gcoim na hoíche.’

Sin é a bhíodh Donncha Bán a dhéanamh, an fear a crochadh.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Choinnigh siad tine ar a phíopa aige…'