Bhainfeadh sé allas as an gciteal sin a dúirt fear a bhfuil aithne agam air. Ag breathnú ar an túlán ar an sorn a bhí sé. Lá an-te a bhí ann.
D’fhéadfadh duine a bheith ag bárcadh allais. D’fhéadfadh sé a bheith ag doirteadh allais. Ba mheasa ná sin dá mbeadh allas an bháis air. Bíonn allas an bháis ar éadan chuile dhuine nuair a bhíonn sé ag tabhairt na séideoga deiridh leis.
Chuir Críost allas fola sa ngairdín.
Duine a shaothraíos a bheatha go crua is le hallas a chnámh a shaothraíos sé é. Is ar allas a chnámh a thagas sé suas.
Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin, a dúirt an Tiarna le hÁdhamh.
Ná bíodh allas an duine bhoicht ort, tabhair dhó a bhfuil saothraithe aige.
Obair gan allas – obair éadrom, éasca.
Tá bláth ann ar a dtugtar allas Muire.
Allas an diabhail – buachaill dána.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bhainfeadh sé allas as an gciteal sin…'