Nach deas é? Ag scaoileadh cnaipe…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ag scaoileadh cnaipe…

Dá ndéarfaí faoi dhuine go raibh sé ag scaoileadh cnaipe chiallódh sé sin go raibh sé sa leithreas. Ainmneacha eile ar leithreas is ea losán agus teach an asail.

An teach beag a thugtaí ar an leithreas tirim a bhí suas ón mbunscoil seo againne sula raibh aon chaint ar uisce reatha a bheith sa scoil.

Maidir le cnaipe, bíonn cnaipí i léine, i gcasóg agus i mbríste. Bíonn bróga cnaipí ann.

Trí pholláire, trí lúbóg nó trí lúbán a chuirtear an cnaipe. Ní fiú cnaipe gan lúbán é a deirtear. Ní fiú cnaipe gan chos é.

D’fhéadfá a bheith ag imirt cnaipí— cluiche cártaí ar son cnaipí.

Chuaigh sé faoi pholl cnaipe de – chuaigh sé an-ghar dó.

Tá sé in am agatsa a bheith ag déanamh cnaipí—-imeacht go beo.

Tá a chnaipe déanta – tá a phort seinnte, tá sé réidh.

Ag déanamh cnaipí – ag smaoineamh go himníoch céard a bheadh le déanamh.

Thit sé ina chnaipe—thit sé ina chnap.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ag scaoileadh cnaipe…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní mé ar tháinig an focal ‘crap’ ón nGaeilge ‘cnaipe’? Nach ‘cRaipe’ adéarfadh an Connachtach sa chás sin? Ar nós ‘cRoc/cnoc’? Deirtear gur shíolraigh an focal ‘jazz’ ón nGaeilge freisin. ‘An-deas’ adeireadh na mianadóirí thall i SAM. Más fíor. Ach ‘meall’ is mó a chuala mise á rá, ‘meall (mór) caca’ seachas ‘cnaipí’. Fágfaidh mé fúibh féinig é!