Nach bhfuil le déanamh ag cainteoirí mionteanga ach cúrsaí teanga a phlé?

Fotheidil: mórcheist ár linne! Más fianaise ar bith é an t-aiseolas a fhaigheann ár gcolúnaí faoina chuid colún, is mó an spéis atá ag cainteoirí mionteangacha ina dteanga féin ná i rud ar bith eile

Subtitles

Tarraingíonn scéal scéal eile.

Bhí alt i gcló ar na leathanaigh seo Dé Máirt ag Lisa Storey ón mbrúghrúpa Gaidhlig.tv, alt ar fhreagra é ar cholún de mo chuidse a bhí i gcló anseo trí seachtaine ó shin, inar chosain mé coincheap na bhfotheideal dóghreanta ar chláracha teilifíse. Spreag alt Lisa Storey i mbun pinn in athuair mé – ach ní ceist na bhfotheideal a theastaíonn uaim a phlé inniu, ach ar tharla i ndiaidh alt Lisa a bheith foilsithe Dé Máirt.

Céard a tharla?

Chuaigh m’amlíne ar Twitter ‘trí thine’ leis an méid tráchta ar cheist na bhfotheideal.

Mheabhraigh sé sin dom gur tharla an rud ceannann céanna tar éis do mo cholún féin faoin gceist sin a bheith foilsithe i dtús an Mhárta. An t-am sin, ní hamháin gur bheag nár phléasc m’amlíne ar Twitter leis an méid tráchta a bhí á dhéanamh ar an gcolún, ach bhí slám nótaí tráchta (idir dhiúltach agus dhearfach) ag bun an cholúin*, rinne clár cainte raidió iomráiteach teagmháil liom ina thaobh agus – rud nár tharla riamh cheana – léirigh léitheoirí éagsúla a dtuairimí liom i dteachtaireachtaí chuig mo sheoladh ríomhphoist féin.

Ní miste liom sin. An té a léiríonn tuairim, caithfidh sé éisteacht le tuairimí dhaoine eile.

Is éard a bhain siar asam faoi na nótaí tráchta, na tvuíteanna agus na teachtaireachtaí seo ná a líon. A líon i gcomparáid leis an aiseolas a fhaighim faoi na colúin a scríobhaim faoi ábhair eile, go háirithe.

Cuirim colún nó dhó in aghaidh na seachtaine ar fáil ar an suíomh seo. Ar chúrsaí reatha idirnáisiúnta den chuid is mó a bhím ag trácht: teifigh, sceimhlitheoireacht, athrú aeráide. Ábhair iad sin a spreagann plé bisiúil, fíochmhar ar shuíomhanna na mórmheán agus na meán sóisialta i mórtheangacha an domhain.

Ach ní hamhlaidh, is cosúil, i gcás na Gaeilge. Ní fhágtar nótaí tráchta faoi na colúin a scríobhaim faoi chúrsaí reatha idirnáisiúnta ach go fíor-annamh. Má bhíonn an t-ádh liom roinneann duine nó beirt nasc chuig colún den chineál sin ar na meáin shóisialta. Cinnte dearfa ní spreagann a scríobhaim faoi theifigh, faoi sceimhlitheoireacht, faoi athrú aeráide agus araile teachtaireachtaí chuig mo sheoladh ríomhphoist féin. Ar an gcaoi chéanna, ní bhaineann na colúin sin rannóg na scéalta is mó a léitear ar na leathanaigh seo amach ach uair sa chéad.

Ach nuair a bhíonn fotheidil i gceist…

Ná baineadh éinne an bhrí mhícheart as seo: ní iarracht fhéinspéiseach é seo tuilleadh aiseolais a mhealladh faoi mo chuid colún faoi chúrsaí reatha idirnáisiúnta. Ach chuir nósanna aiseolais lucht léitheoireachta na Gaeilge – cuirfidh mé mar sin é – ag smaoineamh mé.

Cén tátal atá le baint as an scéal seo ar fad?

An iad fotheidil mórcheist ár linne?

Nach bhfuil le déanamh ag cainteoirí mionteanga ach cúrsaí teanga a phlé?

An fiú teanga a shábháil mura mbeidh á phlé inti ach í féin?

Ní ag tabhairt bhreithiúnais atáim. Nílim ach ag tarraingt aird ar fheiniméan sóisialta. Fágfaidh mé faoi léitheoirí Tuairisc.ie agus faoi phobal na Gaeilge i gcoitinne (agus faoi léitheoirí in Albain agus sa Bhreatain Bheag, má bhíonn siad á léamh seo) na ceisteanna sin a fhreagairt.

*Glantar nótaí tráchta ó chóras Tuairisc.ie go huathoibríoch tar éis seachtaine. Ar an gcúis sin, níl nótaí tráchta le feiceáil a thuilleadh faoin gcolún atá i gceist ag an údar.

Fág freagra ar 'Nach bhfuil le déanamh ag cainteoirí mionteanga ach cúrsaí teanga a phlé?'

  • Brónach

    Na nótaí tráchta iomadúla dea-litrithe sin a d’fhág mé, an bhfuil siad imithe, imithe go brách agus go deo?

  • Fearn

    Céad bliain ó shoin, bhí conspóid ann mar gheall ar litriú na Gaeilge agus an tuiseal i ndiaidh “chun”, ach dá mbuíochas sin, chuir lucht na Gaeilge, agus daoine nach iad, muirthéacht ar bun a d’aiséirigh Éire.

    Ná bí buartha, a Alex, ní deireadh an scéil méid na geabstaireachta,
    Tá cúrsaí á bplé ar fud an idirlín; m.sh,

    https://www.politics.ie/forum/gaeilge/

    https://igaeilge.ie/

    https://www.boards.ie/vbulletin/forumdisplay.php?f=904

    agsu suíomhanna nach iad :-)

  • Seosamh Ó Beirgin

    Ha ha! Scéal ár mbeathanna uilig. Ní raibh mé ach ag léamh seo chun greim a fháil ar chonas séimhaithe ‘théis réamhfhocal a láimheáil. Fós, is alt spéisiúil é.

  • Brian Ó Sochlacháin

    Tá cúrsaí sceimhlitheoireacht agus araile á phlé chuile áit. Ní mar sin faoin cúrsaí Gaeilge ar ndóigh. Ní cuireann sé aon iontas orm mar sín.

  • Déaglán Ó Loinsigh

    Is iondúil go mbíonn neart gníomhaithe teanga gafa le cúrsaí a mionteanga mín, ach cha mar sin atá sé do bhunadh na Gaeltachta. Rud nádúrtha é labhairt na Gaeilge i measc cónaitheoirí na nGaeltachtaí uilig toisc gur tógadh ón chliabhán leí iad.

    Chan amhlaidh atá lasmuigh di -agus níor chóir go mbeadh an ráiteas sin ina ábhair ionaidh d’éinne beo- as siocar go ndearna siadsan rogha feasach chun an teanga a fhoghlaim agus snas a chur ar a n-eolas uirthi.

    Déanann lucht na Gaeilge arb as an Ghalltacht dóibh sár-iarracht chun an t-eolas céanna a fhoirfiú, an teanga a úsáid ina saol laethúil agus chun daoine eile atá ar aon intinn leo a mhealladh i dtreo na teanga agus a tharraingt usteach sa ghluaiseacht.

    Go deimhin bíonn sinar maos inti ar nós caitheamh aimsire ar bith eile.