Nach aisteach go mbeadh orainn dul os comhair coiste Oireachtais chun cás a dhéanamh do chainteoirí dúchais?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní tearmann í an Ghaeltacht mar dá mba thearmann í, bheadh an Ghaeilge slán ann

Pupils harvest potatoes as part of the British Potato Council's Grow Your Own Potatoes project - Edinburgh, Scotland, UK - 22nd June 2009.

Nach aisteach an rud é go mbeadh ar eagraíochtaí Gaeilge,  mar a tharla an tseachtain seo caite, a theacht os comhair Comhchoiste Oireachtais um Oideachas chun cás a dhéanamh do na riachtanais churaclaim atá ag gasúir a bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas. Ní thuigim é i ndáiríre. Chuir sé olc orm, le bheith macánta faoi.

Rinne mé iontas den cheist a cuireadh orthu – cén chaoi a gcinnteoidh muid nach tearmann í an Ghaeltacht? Ach ní tearmann í, ná baol air. Shamhlófá le tearmann go mbeadh an Ghaeilge slán taobh istigh de. Ní dheachaigh mé isteach in aon bhanc, oifig dochtúra, ná stáisiún Gardaí fós ina bhfaighfeá seirbhís trí Ghaeilge.

An t-aon áit i ndáiríre a mbeadh súil agat go mbeadh an Ghaeilge slán ná sna scoileanna. Tógadh sa nGaeltacht mé ach ní cheapaim go raibh mórán de na téacsleabhair ar fáil i nGaeilge nuair a rinne mé an ardteist. Bhí siad as cló an bhliain sin nó bhí cúis éigin ann nach raibh siad againn. Bhí sé d’ádh orainn go raibh Gaeilge mhaith – ó dhúchas ag an gcuid is mó acu – ag na múinteoirí a bhí againn. Is dócha go raibh chuile shórt á fhoghlaim faoi dhó againn, i mBéarla ón leabhar agus i nGaeilge sa rang. Marach go raibh Gaeilge mhaith ag na múinteoirí, níl a fhios a’m cén chaoi a mbeifí ag súil go mbeadh éinne in ann a gcuid ábhar a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cuimhním gur léadh scéalta Phádraic Mhic Piarais dúinn, scéalta Phádraic Uí Chonaire; múineadh amhráin ar an sean-nós dúinn, an staicín eorna; cén chaoi le feamainn a bhaint sa gcladach le haghaidh leasú talún agus cén chaoi a gcuirtear fataí. Ní raibh tada dhó sin ar an gcuraclam, shamhlóinn. Múineadh calcalas dúinn freisin, ríomhchlárúchán, ceimic, staidéar gnó agus go leor eile. Thóg na múinteoirí orthu féin é oideachas iomlán a thabhairt dúinn le teann ómóis don chultúr agus don teanga, agus tá mé fhéin agus go leor daoine eile go mór faoi chomaoin acu.

Tá cúnamh ó mhúinteoirí le go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile agus má tá Gaeilge ag gasúr sa mbaile le bheith cinnte nach mbeifear á ídiú sin nuair a shiúlann siad isteach sa seomra ranga. An bhféadfadh nach dtuigeann na hAirí Rialtais é seo? Deirim san uimhir iolra é mar ní inniu ná inné a tháinig ann don fhadhb seo. Tá a fhios ag chuile ghasúr scoile má tá tú ag iarraidh a bheith ag baint sa bhfómhar go gcaithfidh tú a bheith ag cur san earrach.

Fág freagra ar 'Nach aisteach go mbeadh orainn dul os comhair coiste Oireachtais chun cás a dhéanamh do chainteoirí dúchais?'