‘Ná tugaigí neamhaird ar aon tinneas, ní do Covid-19 amháin na hospidéil’ – Holohan

Deir an Dr Tony Holohan gur údar imní é go bhfuil othair a bhí an-tinn ag fanacht ón ospidéal

‘Ná tugaigí neamhaird ar aon tinneas, ní do Covid-19 amháin na hospidéil’ – Holohan

Dr Tony Holohan.Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan tráthnóna gur údar mór imní dó na seomraí feithimh agus leapacha folmha a chonaic sé agus é ar cuairt ar ospidéal. 

Dúirt Holohan go raibh imní air go raibh othair a bhí an-tinn ag fanacht ón ospidéal mar gheall ar an gcoróinvíreas agus d’impigh sé ar aon duine a bhí ag aireachtáil go dona cúram a lorg.

Dúirt an Dr Holohan:

“Ba mhaith liom aird a dhíriú ar rud a chonaic mé agus a chuireann an-imní orm agus mé san ospidéal tráthnóna Dé Máirt; bhí leapacha agus seomraí feithimh ansin folamh.

“Ar ndóigh tá sé an-tábhachtach thú féin a chosaint ar Covid-19, ach ní cóir d’aon duine neamhaird a thabhairt ar aon chomharthaí easláinte eile ar chóir cúram leighis a lorg dóibh – cnapanna, pianta cliabhraigh, ná aon chasaoid eile.

“Le bhur dtoil, ná tugaigí neamhaird ar aon siomptóm atá oraibh, cinn nach mbaineann ar chor ar bith le Covid-19. Tá ospidéil againn chun déileáil le gach anó, ní do Covid-19 amháin atá siad,” a dúirt an Dr Tony Holohan tráthnóna.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 13 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus go raibh 402 cás nua deimhnithe ó dheas.

134 duine atá básaithe faoin tráth seo in Éirinn, 98 ó dheas agus 36 ó thuaidh.

Foilsíodh chomh maith inniu sonraí nua ó Ionaid Dianchúraim an stáit. As 148 duine a cuireadh in aonad dianchúraim ó thosaigh an ráig, tá 25 acu ligthe abhaile, bhásaigh 14 acu agus tá 109 díobh fós in ionad dianchúraim.

62 bliain an mheánaois ag na hothair a thagann go dtí ICU.

Dúirt an Dr Tony Holohan nach aon údar iontais a bheadh ann dá gcaithfí síneadh ama a chur leis na srianta a thug an Rialtas isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go mbeadh na scrúduithe stáit ann i mbliana “ar ais nó ar éigean”.

Fág freagra ar '‘Ná tugaigí neamhaird ar aon tinneas, ní do Covid-19 amháin na hospidéil’ – Holohan'

  • E Barrett

    Comhairle an-thabhachtach ón saineolaí iontach.