Na toghcháin – beidh cúrsaí tíreolaíochta cinniúnach i gCorca Dhuibhne

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin áitiúla na seachtaine seo sna ceantair Ghaeltachta. Ciarraí atá faoi chaibidil an turas seo …

Na toghcháin – beidh cúrsaí tíreolaíochta cinniúnach i gCorca Dhuibhne

Clár na dToghthóirí: 117,336

Líon na suíochán: 33

Líon Iarrthóirí: 62

Toghcheantair: 6 (Corca Dhuibhne, 3 shuíochán, Neidín, 6 shuíochán, Cill Airne, 7 suíochán, Oileán Ciarraí, 4 shuíochán, Trá Lí, 7 suíochán, Lios Tuathail 6 shuíochán.

 dhá athrú mór déanta ar leagan amach na dtoghcheantar i gCiarraí ó 2014. Tá dhá thoghcheantar déanta de thoghcheantar Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas – Neidín, leithinis Uíbh Ráthaigh, stráice de leithinis Bhéara, agus píosa d’oirthear Chiarraí, agus Corca Dhuibhne, an leithinis mar aon le píosa de Chiarraí Láir timpeall Bhaile an Mhuilinn agus Caisleán na Mainge. Ina theannta sin, tá toghcheantar nua, Oileán Ciarraí, sa toghchán i mbliana, agus suíocháin i gceantair Thrá Lí, Lios Tuathail agus Cill Airne ag bogadh go dtí an gceantar nua seo.

Tá an-chaint á déanamh ar na hathruithe ar na toghcheantair, go háirithe an tionchar a bheidh ag an leagan amach nua ar sheansanna na gcomhairleoirí reatha a suíocháin a choimeád. Tá Fianna Fáil fachta níos dána agus iad tagtha chucu féin, is cosúil, ón ndroch-cháil a bhí orthu i measc vótóirí tíre le dhá thoghchán anuas.

Tá meaisín na Healy-Raes ag dó díosail ar dalladh; tá duine den dtreibh ag rith i dtrí thoghcheantar (Jackie Óg in Oileán Ciarraí, Maura i gCill Airne agus Johnny i Neidín. Tá an ceathrú hiarrthóir acu leis agus David Russell i gCorca Dhuibhne ina iarrthóir Healy-Rae neamhoifigiúil. Má éiríonn leo ar fad, beidh níos mó comhairleoirí contae ag na Healy-Raes ná mar atá ag Páirtí an Lucht Oibre i gCiarraí fé láthair agus bheidís i ngiorracht aon suíochán amháin den méid atá ag Sinn Féin faoi láthair. Ach ón dtaobh eile den scéal, má theipeann ar Mhaura nó ar Jackie Óg, beidh siad ar an gcéad Healy-Rae a sheas i dtoghchán agus nár bhuaigh suíochán.

Tá 30 as 33 comhairleoir ag rith, agus triúr nach bhfuil: John Joe Culloty (FF), Cill Airne, Graham Spring, (LO), Trá Lí, agus Liam Purtill (FG) Lios Tuathail.

Go bhfios dúinn, is iad na hiarrthóirí i gCiarraí a bhfuil Gaelainn acu ná Pa Daly (SF), Toiréasa Ferris (SF), Norma Foley (FF), Michael Gleeson (Kerry Independent Alliance), Norma Moriarty (FF), Cleo Murphy (CG), Robert Brosnan (SF), Breandán Fitzgerald (FF), Séamus Cosaí Fitzgerald (FG), David Russell (NS) agus Fionnán Fitzgerald (FF).

Toghcheantar Chorca Dhuibhne

(Clár na dToghthóirí 11,665)

Trí shuíochán atá sa toghcheantar nuabhunaithe seo (cé go raibh toghcheantar i gCorca Dhuibhne roimh 2014), agus seachtar iarrthóirí atá ag rith. Beirt chomhairleoirí reatha atá san iomaíocht, Séamus Cosaí Fitzgerald (FG) agus Michael D. O’Shea (FF), agus táthar ag tuar go bhfuilid beirt sábháilte go maith. Ach tá cúrsaí tíreolaíochta an-thábhachtach sa toghcheantar seo. Beirt iarrthóirí ó oirthear an cheantair atá ag rith, O’Shea agus Tommy Griffin (FG). Tá fear amháin ón Leitriúch Michael Fitzgerald (CG), agus ceathrar ó iarthar na leithinse san iomaíocht, Breandán Fitzgerald (FF), Séamus Cosaí Fitzgerald, Robert Brosnan (SF) agus David Russell (NS). An-sheans go mbeidh siad seo ag baint vótaí dá chéile, agus níl daonra an-mhór sa limistéar sin. Tharlódh sé, má vótálann daoine ar bhonn tíreolaíoch, go mbeadh dóthain vótaí thoir chun an bheirt áitiúla a thoghadh, agus gur aon duine amháin den gcúigear eile a thoghfar.

Toghcheantar Neidín

(Clár na dToghthóirí 21,182)

Seo an toghcheantar ina bhfuil ceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh. Tá an toghcheantar seo an-spéisiúil, toisc go bhfuil seachtar comhairleoirí reatha san iomaíocht do shé shuíochán – Michael Cahill (FF), Patrick Connor-Scarteen (FG), John Francis Flynn (FF), Johnny Healy-Rae (NS), Dan McCarthy (NS), Norma Moriarty (FF), agus Damian Quigg (SF). Johnny Healy-Rae an cíoná anseo, agus tá beirt de chomhairleoirí Fhianna Fáil láidir go maith, Michael Cahill, a d’fhill ar Fhianna Fáil tar éis dó suíochán a bhuachaint mar iarrthóir neamhspleách an uair dheiridh, agus iarrthóir olltoghcháin an pháirtí, Norma Moriarty. Iarrthóir láidir é Patrick Connor-Scarteen Fhine Gael. Tá ard-aithne ar bhainisteoir Mharglann Neidín, an comhairleoir Dan McCarthy chomh maith. Is é tuairim na coitiantachta ná gur idir Flynn agus Quigg a bheidh an suíochán deireanach anso, agus fuair Quigg i bhfad Éireann níos mó vótaí i gCorca Dhuibhne ná mar a dhein sé in Uíbh Ráthach an uair dheiridh, agus táthar ag tuar gurb é siúd is mó atá i mbaol a shuíochán a chailliúint.

Trá Lí

(Clár na dToghthóirí 24,832)

Tá seisear comhairleoirí reatha ag rith do na seacht suíochán anseo. Den gcéad uair le blianta móra fada, níl aon iarrthóir de mhuintir Spring san iomaíocht i dTrá Lí, agus cé go raibh an Lucht Oibre láidir sa bhaile tráth, ní hamhlaidh atá anois. Beirt iarrthóirí atá acu i mbliana, na comhairleoirí Terry O’Brien agus Ben Slimm. Bhí luach trí chuóta ag beirt iarrthóirí Shinn Féin, Toiréasa Ferris agus Pa Daly, an babhta deiridh, agus ní haon ionadh go bhfuil an tríú hiarrthóir acu i mbliana, Cathal Foley. Tá méara an Chontae, Norma Foley (FF) láidir, fé mar atá Jim Finucane (FG), agus tá an comhairleoir Neamhspleách Sam Locke gníomhach go maith chomh maith. Is é is dóichí a tharlóidh ná go dtoghfar an seisear comhairleoirí, agus go mbeidh Foley (SF) nó Mikey Óg Sheehy (FF) faru ar an gcomhairle nua.

Lios Tuathail

(Clár na dToghthóirí 24,890)

Bhí aird na tíre ar fad dírithe ar Lios Tuathail in 2014, nuair a thug an t-iarrthóir Dan Kiely cás cúirte i gcoinne thoradh an toghcháin, a d’fhág dhá vóta gann é ar shuíochán comhairle. Deineadh athchomhaireamh ar na vótaí in 2016, ach níor athraigh san toradh an toghcháin. Tá seisear comhairleoirí reatha san iomaíocht don sé shuíochán anseo – Tom Barry (SF), Robert Beasley (SF), Mike Kennelly (FG), John Lucid (FF), Jimmy Moloney (FF), agus Aoife Thornton (FG) – agus táthar ag tuar go bhfanfaidh cúrsaí mar sin. Ach é sin ráite, comhthoghadh Barry mar chomhairleoir in ionad Diane Nolan ag deireadh na bliana 2017, agus b’fhéidir go mbeadh sé ina chath idir Barry, Michael Pixie O’Gorman (NS) agus Sonny Foran (Aontú) do shuíochán anso.

Oileán Ciarraí

(Clár na dToghthóirí 14,651)

An dara toghcheantar nua atá i gCiarraí, agus ceithre shuíochán sa roinnt anseo. Triúr comhairleoirí reatha atá san iomaíocht – Pat McCarthy (FG), Tom McEllistrim (FF), agus Bobby O’Connell (FG). Beidh ar a laghad comhairleoir nua amháin anseo. Tá na blianta caite ag an dtriúr seo ar an gcomhairle, agus bhíodar ar fad i ngiorracht 100 vóta céadrogha dá chéile in 2014. Ach tá coileán de na Healy-Raes (Jackie Óg), ag luí amach air féin d’iarraidh suíochán a fháil, agus meaisín iomráiteach a chine laistiar de. Ina theannta san iomaíocht tá Fionnán Fitzgerald (FF), Kate McSweeney (SF) agus Charlie Farrelly (NS), a bhí sa rás in 2004, agus é á thuar nach mbeidh puinn in aon chor idir na hiarrthóirí anseo.

Cill Airne

(Clár na dToghthóirí 20,116)

Beidh ar a laghad comhairleoir nua amháin (nó comhairleoir amháin nach raibh ar an gcomhairle reatha) i gCill Airne chomh maith, ós rud é go bhfuil seacht suíochán ann agus gan ach seisear comhairleoirí ag rith. I measc na gcomhairleoirí sin tá Michael Gleeson (KIA), Gaeilgeoir líofa, atá ar an óráidí is fearr sa chomhairle, dar lena lán. Ba cheart go mbeadh sé féin, Brendan Cronin (NS), agus Maura Healy-Rae sábháilte, cé nach bhfuil aon bhaol go bhfaighidh an iníon an sciar céanna den vóta is a fuair a hathair roimpi, go háirithe agus stráice maith talún curtha isteach i dtoghcheantar Oileán Ciarraí. Tá an comhairleoir Niall Kelleher (FF) á lua leis an Dáil sa todhchaí, agus d’fhéadfá talamh slán a dhéanamh de go mbeidh a shuíochán arís ag fear na Rátha Móire. D’fhéadfadh suíochán John Sheahan (FG) bheith i mbaol, ach ar a shon san níl ach an t-aon iarrthóir amháin ag Fine Gael sa toghcheantar, agus ba cheart go sábhálfadh san é. Fágann san an dá shuíochán eile idir an comhairleoir Donal Grady (NS), John Buckley (SF), an t-iarchomhairleoir Marie Moloney (LO), an t-iarchomhairleoir agus an t-iarrthóir leis an leasainm is fearr in Éirinn, Niall ‘Botty’ O’Callaghan (NS), agus Neilly O’Connor (FF). Níl aon ghaisce mór déanta ag Sinn Féin i dtoghcháin i gCill Airne cheana, ach ní raibh Buckley i bhfad ó shuíochán an babhta deiridh. Tá ainm in airde ar Marie Moloney, cé go bhfuil an Lucht Oibre in ísle brí sa chontae, agus iarmhéara ar Chill Airne é Botty, a bhfuil dlúthcheangal aige leis na Healy-Raes. Tá an dá shuíochán deireanach i gCill Airne ar an dá cheann is deacra a thuar.

TUAR: FF:10, FG:8, SF:6, LO:1, NS:7, KIA:1.

Fág freagra ar 'Na toghcháin – beidh cúrsaí tíreolaíochta cinniúnach i gCorca Dhuibhne'