Tá éileamh déanta ag an Dream Dearg agus eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach trí Westminster “láithreach bonn”.
Deirtear sa litir a seoladh chuig Brandon Lewis, agus í sínithe ag ionadaithe ó bhreis agus 40 eagraíocht Ghaeilge ó thuaidh, gur “údar mór díomá” do phobal na Gaeilge é nár chloígh Rialtas na Breataine lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach trí Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair.
I measc na n-eagraíochtaí a shínigh an litir tá Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhairle na Gaelscolaíochta, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Aonach Mhacha, Ciste Infheistíochta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus Raidió Fáilte.
Deirtear sa litir nach raibh pobal na Gaeilge ó thuaidh muiníneach go ndéanfadh Rialtas na Breataine “beart de réir briathair” toisc gach spriocdháta a bhaineann le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga a bheith “caillte” go dtí seo.
“B’údar mór díomá é munarbh fhéidir leis an phobal aon mhuinín a chur sa Rialtas agus ba mhasla ollmhór aon chúlú ó na coimitmintí seo do na glúnta Gael a sheas an fód do chearta teanga agus don chomhionannas anseo le blianta fada anuas,” a deirtear.
Deir An Dream Dearg gur “bunchloch lárnach” í an reachtaíocht Ghaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a rinneadh ag tús na bliana seo caite, agus nár cheart go ligfí don DUP ná do dhreamanna eile “bac” a chur ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta.
“Ní féidir cead a fhágáil ag an DUP, agus dreamanna eile nach iad, leanúint ar aghaidh le bac a chur nó imeallú a dhéanamh ar phobal na Gaeilge i gcónaí.”
Deirtear sa litir go rabhthas ag caitheamh le pobal na Gaeilge ó thuaidh mar “shaoránaigh ísealchéime”.
“Tá pobal na teanga fós ag fanacht ar chearta teanga. Tá muinín an phobail anois thar a bheith íseal.”
Tá cruinniú “práinneach” iarrtha ag An Dream Dearg ar Rúnaí Stáit na Breataine chun na “pleananna” maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge a phlé.
Tháinig lucht sínithe na litreach le chéile inné taobh amuigh den Chultúrlann chun a míshástacht a chur in iúl faoin mhoill atá ar an reachtaíocht teanga.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg, go raibh “éileamh d’aon ghuth” á dhéanamh ag pobal na Gaeilge ar Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.
“Anois go bhfuil an spriocdháta do Dheireadh Fómhair imithe, tá muinín an phobail i Rialtas na Breataine anois chomh híseal agus a bhí riamh. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla.
“Ní chaithfear linn mar shaoránaigh ísealchéime a thuilleadh. Thar aon ní eile, éilímid anois ar Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach láithreach bonn, gan aon mhoill bhreise,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh.
An Teanga Bheo
Cearta teanga ag pobal na hÉireann tareis Brexit lastigh den Eoraip an ea?