Na scóranna is fearr i gCraobh Peile na Bliana seo

Ach an oiread leis an gCraobh Iomána, ní comórtas den scoth a bhí againn i mbliana sa pheil ach bhí scóranna ann a fhanfaidh sa chuimhne níos faide ná cuid de na cluichí féin

Conor McManus (Muineachán) v An Cabhán – 25.05.15

Tá a fhios ag gach duine faoi seo gurb é Conor McManus príomhscórálaí Mhuineacháin. Mar gheall air sin, déanann cosantóirí gach iarracht é a choinneáil amach ar an gcliathán ach thaispeáin sé leis an bpointe seo, agus scata pointí eile mar é i rith an tsamhraidh, gur féidir leis scóráil ó aon áit ar an bpáirc.

Gary Sice (Gaillimh) v Maigh Eo – 14.06.15

D’fhág Maigh Eo Páirc an Phiarsaigh agus bua arís sa chraobh acu. Bhí beagán údar misnigh ann do na Gaillimhigh sa mhéid is nach raibh an bhearna chomh mór agus a bhí sna blianta roimhe seo. Thug cúl gleoite Gary Sice beagán sóláis do na Gaillimhigh.

Bryan McMahon (An Mhí) v An Iarmhí – 28.06.15

Beidh cuimhne ar an gcluiche seo mar gheall gur chlis go hiomlán ar fhoireann na Mí sa dara leath ach léirigh Bryan McMahon an luas dochreidte atá aige sular aimsigh sé cúl den chéad scoth sa chéad leath.

Fionn Fitzgerald (Ciarraí) v Corcaigh – 05.07.15

Tá argóint fós ann an raibh sé i gceist ag an gcosantóir tabhairt faoi na postaí leis an iarracht seo ach tabharfaimid sochar an amhrais do Fitzgerald an uair seo. Agus am cúitimh caite, ní hé Fitzgerald an laoch scórála is túisce a rithfeadh leat ach ba chuma le lucht leanúna Chiarraí ag an am.

Tomás Corrigan (Fear Manach) v Ros Comáin – 12.07.15

Bhí daoine ag súil le gaiscí móra ó Ros Comáin i mbliana tar éis dóibh Roinn 2 den tsraith a bhuachan ach chuir Fear Manach deireadh lena n-aistear sa chraobh. Chothromaigh scór iontach Corrigan ón taobhlíne na foirne agus 30 soicind fágtha sular scóráil Sean Quigley pointe an bhua.

Tomás Corrigan (Fear Manach) v An Iarmhí – 25.07.15

Bhí Corrigan ar ais i mbarr a mhaitheasa coicís ina dhiaidh i gcoinne na hIarmhí. Chríochnaigh an tosach le 1-7 ach ba é an cúl an scór ab fhearr díobh, é ag ardú na liathróide os cionn an chúlbáire agus isteach san eangach chun an bua a chinntiú.

Michael Murphy (Dún na nGall) v Gaillimh – 01.08.15

Bhí scéal ann roimh an gcluiche seo go raibh gortú ag cur as do Murphy ach ní raibh an chuma sin air agus é ag fágáil lánchúlaí na Gaillimhe, Finian Hanley ina chnap sa ghluaiseacht seo. Chruthaigh Murphy cúl do Ryan McHugh ar an gcaoi chéanna cúpla nóiméad ina dhiaidh a bhí gach pioc chomh maith.

Aidan O’Shea (Maigh Eo) v Dún na nGall – 08.08.15

Bhí O’Shea ag déanamh scrios ar chosantóirí i gConnachta ach mheas daoine go mbeadh scrúdú níos déine déanta air i gcoinne na gConallach, go háirithe Neil McGee. Bhí fear Ghaoth Dobhair ag déanamh maith go leor ar O’Shea go dtí díreach roimh leath ama nuair d’éirigh an lántosach os a chionn. Ansin bhrúigh fear Mhaigh Eo Mark McHugh as an mbealach agus bháigh sé an liathróid san eangach.

Keith Higgins (Maigh Eo) v Baile Átha Cliath – 30.08.15

Agus Maigh Eo sé phointe chun deiridh agus 65 nóiméad de pheil chrua imeartha ag Higgins, thuigfí don chosantóir mura mbeadh sé ag iarraidh dul ar ruathar mór fada. Ar an dea-uair do Mhaigh Eo, ní raibh sé sin ar intinn ag Higgins agus, tar éis dó cic amach Rob Hennelly a ghlacadh, thug Higgins pas uaidh agus choinnigh sé lena ruathar le go mbeadh sé ar fáil sna tosaithe chun deireadh a chur leis an ngluaiseacht.

Paddy Andrews (Baile Átha Cliath) v Maigh Eo – 05.09.15

Bhí cluiche den scoth ag Andrews san athimirt, é ag aimsiú 0-5 ón imirt sa 70 nóiméad. Bhí an chuma ar an scéal chuile bhabhta go raibh uillinn róghéar ag cur as do Andrews ach arís agus arís eile, d’aimsigh sé an sprioc. Ba é an ceann seo ón gcliathán deas an ceann ab fhearr díobh.

Fág freagra ar 'Na scóranna is fearr i gCraobh Peile na Bliana seo'