Na reathaithe maratóin is fearr as Éirinn in iomaíocht le chéile i mBerlin

Beidh lúthchleasaithe na hÉireann ag glacadh páirte i maratón Bherlin amárach agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro

An lúthchleasaí Mark Kenneally. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
An lúthchleasaí Mark Kenneally. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is i mBeirlín na Gearmáine ar an Domhnach beag seo a rachaidh na reathaithe maratóin is fearr as Éirinn in iomaíocht le chéile, gach duine acu ag iarraidh áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016. Ní féidir ach triúr a bheith ar an bhfoireann – mar sin feicfear iomaíocht ghéar idir na hÉireannaigh, go háirithe i rás na bhfear. Beidh ar na fir an líne a thrasnú faoi bhun dhá uair agus seacht nóiméad déag le bheith san iomaíocht; beidh ar na mná an 26 míle agus 285 slat a rith faoi bhun 2.42.

I rás na bhfear, beidh níos mó ná deichniúr Éireannach sa tóir ar áit ar an bhfoireann. Áirítear na hamanna atá ag cúigear díobh – Mark Kenneally (2:13:55 i 2011), Paul Pollock (2:16:30 i 2012), Seán Hehir (2:17:35 i 2012), Barry Minnock (2:17:35 i 2012) agus Mick Clohisey (2:11:43 i 2015) – ar na hamanna maratóin is fearr riamh rite ag Éireannach.

Tá seans maith ag an Éireannach is nuaí freisin – sin Sergiu Ciobanu (2.15:27 i 2012) a rugadh sa Mholdóiv ach a d’aistrigh go hÉirinn roinnt mhaith blianta ó shin – bronnadh saoránacht na tíre air le déanaí. 

I gcuideachta an tseisir sin, beidh seachtar fear eile dár reathaithe maratóin is fearr ag iarraidh an t-am cáilithe a bhaint amach – sin Gary Murray, Kevin Seaward, Mark Hanrahan, Thomas Fitzpatrick, Gary Thornton, Philip Harty agus Mark Kirwan.

Beidh Fionnuala Britton agus Maria McCambridge ag díriú a n-aird ar mharatóin eile – Chicago agus Frankfurt; mar sin, is faoin gCorcaíoch Lizzie Lee atá sé an fód a sheasamh ar son scothmhná na hÉireann i maratón na mban. Beidh sise ag iarraidh a curadh pearsanta de 2:38.09 a shárú.

Chun tosaigh sa rás, déanfaidh Eliud Kipchoge as an gCéinia iarracht curiarracht an domhain, 2:02:57, a sharú, curiarracht a bhain Dennis Kimetto amach anuraidh ar an gcúrsa céanna. Beidh iomaíocht dhian aige, áfach; beidh a bheirt chomhshaoránach, Emmanuel Mutai and Geoffrey Mutai, mar chomhluadar aige. 

I maratón na mban, rachaidh Aberu Kebede agus Meseret Hailu as an Aetóip agus Gladys Cherono as an gCéinia in iomaíocht le chéile.

Bíonn sé deacair aon tuar a dhéanamh, ach chuirfinn geall ná go mbeadh Ciobanu, Clohisey agus Pollock ar an gcéad triúr Éireannach a thrasnóidh an líne. 

Íoslódáil an aip – BMW BERLIN-MARATHON – chun dul chun cinn gach lúthchleasaí a leanúint.

Fág freagra ar 'Na reathaithe maratóin is fearr as Éirinn in iomaíocht le chéile i mBerlin'